Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach

Cuireann Pacáiste an Fhómhair tús le timthriall bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh. Leagann an Coimisiún amach tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta don Aontas Eorpach agus tugann sé treoir bheartais do na Ballstáit le haghaidh na bliana atá le teacht.

Cad é Pacáiste an Fhómhair?

Le Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach, rud a chuireann an Coimisiún Eorpach i láthair, seoltar timthriall nua den Seimeastar Eorpach. Cuireann an Coimisiún roinnt doiciméad ar fáil ina dtugtar forléargas foriomlán ar an tírdhreach socheacnamaíoch, agus ina leagtar béim ar phríomhthosaíochtaí agus ar rioscaí. Cuireann sé treoir bheartais ar fáil freisin chun cuidiú leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach.

Is ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Fhómhair atá Pacáiste an Fhómhair bunaithe, ina dtuairiscíonn an Coimisiún ar an ionchas maicreacnamaíoch don Aontas ina iomláine agus dá Bhallstáit araon.

Ábhar an phacáiste

Tá na doiciméid seo a leanas san áireamh i bPacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach:

Ina theannta sin, féadfaidh doiciméid ábhartha eile a bhaineann le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a bheith san áireamh i bPacáiste an Fhómhair. Mar shampla, bhí tuarascálacha faireachais iarchláir i bpacáistí roimhe seo ina ndéantar measúnú ar acmhainneacht aisíocaíochta na mBallstát a bhain tairbhe as cláir cúnaimh airgeadais.

An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe

Leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe (ASGS) na tosaíochtaí ginearálta eacnamaíocha, fostaíochta agus beartais shóisialta don Aontas Eorpach as seo go ceann 12-18 mí, arna measúnú ag an gCoimisiún Eorpach. Sainaithnítear dúshláin agus moltar bearta beartais ann chun fás, cuimsitheacht agus cóineasú a chothú laistigh den Aontas. Iarrtar ar na Ballstáit na tosaíochtaí sainaitheanta a ionchorprú ina mbeartais eacnamaíocha náisiúnta don bhliain atá le teacht.

Ó 2020 i leith, is ar na ceithre ghné de chlár oibre an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch a bhunaítear na tosaíochtaí a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe:

  • inbhuanaitheacht comhshaoil
  • táirgiúlacht
  • cothroime
  • cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch

Trí na treoirphrionsabail sin, cinntíonn an Seimeastar Eorpach go dtugann an beartas eacnamaíoch tús áite do dhaoine agus don phláinéad.

Is ‘teachtaireacht’ é an doiciméad, cineál gnímh ina leagann institiúid de chuid an Aontais amach a seasamh ar ábhar ar leith, agus cuireann an institiúid sin faoi bhráid institiúidí Eorpacha eile é.

Tuairimí maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro

Tugtar sna Tuairimí meastóireacht an Choimisiúin maidir leis an dóigh a dtagann dréachtbhuiséid na mBallstát don bhliain atá le teacht le rialacha fioscacha an Aontais, agus na moltaí tírshonracha a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le linn an tsamhraidh roimhe sin san áireamh.

Is iad riachtanais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) a threoraíonn na Tuairimí. Is éard atá sna riachtanais sin sraith rialacha a chinntíonn go mbíonn airgeadas poiblí fónta á choinneáil ag tíortha an Aontais.

Is féidir trí mheasúnú a dhéanamh i gcás dréachtphleananna buiséid. Is féidir leo a bheith comhlíontach, comhlíontach a bheag nó a mhór, nó is féidir baol a bheith ann nach gcomhlíonfaidh siad moltaí na Comhairle. Na Ballstáit a bhfuil an baol ann ina leith, iarrtar orthu na bearta is gá a dhéanamh sula gcuirfidh siad bailchríoch ar a mbuiséad náisiúnta. I gcásanna neamhchomhlíonadh tromchúiseach na n-oibleagáidí faoin Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, féadfaidh an Coimisiún dréacht athbhreithnithe a iarraidh.

Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

Cuireann an dréachtmholadh ón gComhairle comhairle bheartais ar fáil do Bhallstáit an limistéir euro maidir leis na príomh-shaincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmiú an limistéir euro ar fad. D’fhéadfadh comhairle maidir le tosaíochtaí coiteanna, dúshláin mhaicreacnamaíocha nó gnéithe institiúideacha den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheith san áireamh ann. Is é is aidhm don mholadh feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an ailíniú idir beartais an limistéir euro agus beartais náisiúnta.

Is ‘moladh le haghaidh moladh ón gComhairle’ atá sa doiciméad, ina molann an Coimisiún go ndéanfadh an Chomhairle tionscnaimh shonracha. Déanann an Chomhairle tuilleadh plé ar an dréacht-togra, agus é de rogha aici é a leasú agus a ghlacadh.

Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh

Déantar athbhreithniú sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh ar staid aonair mhaicreacnamaíoch na mBallstát uile. Is é túsphointe thimthriall bliantúil an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha é, arb é is aidhm dó rioscaí maicreacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a choigeartú, rioscaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do Bhallstát ar leith nó don Aontas Eorpach ar fad.

Má bhraitear ardriosca a bhfuil tuilleadh anailíse de dhíth ina leith, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh athbhreithniú mionsonraithe ar an mBallstát sonrach a sheoladh. Deimhneofar san athbhreithniú an ann don riosca maicreacnamaíoch. Fógraítear athbhreithnithe atá ar na bacáin sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh. Eisítear torthaí na n-athbhreithnithe mionsonraithe mar chuid de Phacáiste an Earraigh.

An Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht

Scrúdaítear sa togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht príomhfhorbairtí fostaíochta agus sóisialta san Aontas Eorpach chomh maith leis na bearta beartais gaolmhara arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit. Ina theannta sin, déantar monatóireacht sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht ar fheidhmíocht na mBallstát maidir le Scórchlár Sóisialta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Is éard atá sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht ‘togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhairle’. Déanann an Chomhairle tuilleadh plé ar an dréacht-togra, agus é de rogha aici é a leasú agus a ghlacadh.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis fhoilsiú Phacáiste an Fhómhair, cuirfidh an Coimisiún na doiciméid ar aghaidh chuig institiúidí eile an Aontais agus chuig na Ballstáit lena mbreithniú tuilleadh:

  • I mí na Nollag pléann an Grúpa Euro na Tuairimí maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha. Glacann na Ballstáit a mbuiséid náisiúnta don bhliain atá le teacht, agus Tuairimí an Choimisiúin agus plé an Ghrúpa Euro araon á gcur san áireamh acu.
  • Idir mí Eanáir agus mí Feabhra déanann an Chomhairle conclúidí a phlé agus a ghlacadh i ndáil leis an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe agus i ndáil leis an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh. Formheasann sí an dréachtmholadh ón gComhairle don limistéar euro freisin, ina bhféadfadh leasuithe a bheith i gceist, rud a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ina dhiaidh sin. Déanann Parlaimint na hEorpa plé freisin ar an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, agus d’fhéadfadh sí tuarascáil féintionscnaimh a fhoilsiú chomh maith.
  • I mí an Mhárta glacann an Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus conclúidí san áireamh. Déanann an Chomhairle Eorpach plé ar an moladh ón gComhairle a cuireadh ar aghaidh chuici maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus déanann sí é a fhormhuiniú.  Cuireann an Coimisiún i láthair a threoir maidir le beartas fioscach don bhliain seo chugainn.

Leis an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, an moladh ón gComhairle agus an treoir ón gCoimisiún, cuirtear creat coiteann ar fáil do na pleananna beartais náisiúnta atá le cur isteach i mí Aibreáin.

Doiciméid