3 phrionsabal
Is de réir na dtrí prionsabal anseo thíos a chinntear an chaoi agus na réimsí inar féidir leis an Aontas gníomhú:
- prionsabal na tabhartha – níl d'údarás ag an Aontas ach an t-údarás a thugtar dó le Conarthaí an Aontais, conarthaí atá daingnithe ag na Ballstáit go léir
- prionsabal na comhréireachta – ní féidir leis an Aontas dul thar an méid is gá a dhéanamh chun cuspóirí Chonarthaí an Aontais a bhaint amach
- prionsabal na coimhdeachta – i réimsí inar féidir leis an Aontas agus na rialtais náisiúnta araon gníomhú, ní fhéadfaidh an tAontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích ach amháin nuair a bheadh sin níos éifeachtaí
An tAontas Eorpach amháin a fhéadann reachtaíocht a dhéanamh
I réimsí áirithe is é an tAontas Eorpach amháin a fhéadann dlíthe a rith. Níl de ról ag na Ballstáit ach an dlí a chur i bhfeidhm, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn an tAontas dóibh dlíthe áirithe a ghlacadh iad féin. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí eisiacha, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:
- an t-aontas custaim
- na rialacha iomaíochta don mhargadh aonair
- beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu
- trádáil agus comhaontuithe idirnáisiúnta (faoi choinníollacha áirithe)
- ainmhithe agus plandaí mara a thagann faoin gcomhbheartas iascaigh
Féadann an tAontas Eorpach nó na rialtais náisiúnta reachtaíocht a dhéanamh
I réimsí airithe, féadann an tAontas agus na Ballstáit ar aon dlíthe a rith. Ach ní fhéadann na Ballstáit an méid sin a dhéanamh ach amháin mura bhfuil dlíthe molta ag an Aontas cheana nó má tá sé beartaithe gan sin a dhéanamh. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí roinnte, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:
- an margadh aonair
- fostaíocht agus gnóthaí sóisialta
- comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
- talmhaíocht
- iascach
- comhshaol
- cosaint tomhaltóirí
- iompar
- gréasáin thras-Eorpacha
- fuinneamh
- ceartas agus cearta bunúsacha
- imirce agus gnóthaí baile
- sláinte phoiblí (i gcás na ngnéithe ar a dtugtar sainmhíniú in Airteagal 168 maidir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)
- taighde agus an spás
- comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil
Déanann na Ballstáit reachtaíocht, cúnamh an Aontais
I réimsí áirithe, ní fhéadann an tAontas ach tacú le gníomhaíocht na mBallstát nó í a chomhordú nó a chomhlánú. Ní fhéadann sé dlíthe a rith nó tionchar a imirt ar an gcumas atá ag na Ballstáit an méid sin a dhéanamh. Sna réimsí seo a leanas, tá inniúlachtaí tacaíochta, mar a dtugtar orthu sna conarthaí, ag an Aontas:
- sláinte phoiblí
- earnáil tionsclaíochta
- cultúr
- turasóireacht
- oideachas agus oiliúint, óige agus spórt
- cosaint shibhialta
- comhar riaracháin
Tá ról ar leith ag an Aontas
I réimsí áirithe, tá an tAontas in ann, de bharr inniúlachtaí speisialta, ról faoi leith a ghlacadh nó dul thar an méid a cheadaítear de ghnáth faoi na conarthaí:
- beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a chomhordú
- comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme
- an 'clásal solúbthachta', clásal a chuireann ar a chumas don Aontas, faoi réir coinníollacha dochta, gníomhú lasmuigh dá ghnáthréimsí freagrachta