Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

An Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus próiseas ceaptha beartas an Aontais

Má dhéantar an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a neadú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, beidh an Coimisiún Eorpach in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • intleacht chomhchoiteann a thógáil agus a úsáid chun forbairtí a dhéanamh amach roimh ré agus chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh deiseanna agus dúshláin nua ag tráth ní ba luaithe agus ar bhealach níos éifeachtaí;
  • deimhin a dhéanamh de go mbeidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach ina cuid lárnach den bhosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr, measúnuithe tionchair ex ante san áireamh, agus go dtacóidh sí leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála;
  • tabhairt faoi chleachtaí fadbhreathnaitheachta doimhne agus rannpháirteacha maidir le mórthionscnaimh a bhfuil sé d’aidhm acu bonn eolais a chur faoin aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais, Clár Oibre an Choimisiúin agus cleachtaí i dtaca leis an gclársceidealú bliantúil;
  • comhar agus comhghuaillíochtaí fadbhreathnaitheachta a chothú le hinstitiúidí agus comhpháirtithe an Aontais, na Ballstáit agus príomhpháirtithe leasmhara eile.

Treoir nua do phróiseas ceaptha beartas an Aontais a bhuí leis an athléimneacht

Is léir ó ghéarchéim COVID-19 go gcaithfidh an Eoraip feabhas a chur ar an athléimneacht, arb é is brí léi an cumas dul i ngleic le dúshláin agus déileáil leo ach freisin tabhairt faoin aistriú ar bhealach inbhuanaithe cothrom daonlathach. Leis an Teachtaireacht seo, léirítear an chaoi a gcuirfidh beartais a fhéachann chun cinn leis sin agus an chaoi a dtacóidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach leo.

Féadfaidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach bonn eolais a chur faoi bheartais lena gcuirtear feabhas ar an athléimneacht thar cheithre réimse. Féadfaidh sí cuidiú chun forbairtí a dhéanamh amach roimh ré arb é is dóichí go mbeidh drochthionchair acu, an athléimneacht a bhaineann leo a neartú trí bhíthin athruithe struchtúrtha, agus tionchar na paindéime atá ann faoi láthair a chur san áireamh, mar aon le tionchar paindéimí amach anseo, ar olltreochtaí ábhartha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn. Féadfaidh beartais a bhaineann tairbhe as an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach na laigí a mhaolú ar bhealach níos fearr agus na hinniúlachtaí a tháinig chun solais le linn na paindéime a neartú, arb iad deiseanna nua is toradh orthu agus a fhágfaidh go mbeidh an Eoraip níos athléimní.

Na príomhthorthaí

digital

An athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch

Toisc na paindéime, tá neamhionannais níos doimhne, tá méadú tagtha ar mhíchothromaíochtaí déimeagrafacha agus an bhochtaineacht, cuireadh dlús leis an uathoibriú agus bhí tionchar as cuimse aici ar phoist san earnáil seirbhíse. Féadfar an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a úsáid chun na scileanna a bheidh uainn amach anseo a shainaithint agus an infheistíocht is gá a dhéanamh iontu anois. Féadfar í a úsáid freisin chun comhrá sochaíoch ar scála níos mó a bheith againn maidir le nuashonrú a dhéanamh ar an gconradh sóisialta agus fioscach.

doirse á n-oscailt amach ar radharc digiteach

An athléimneacht gheopholaitiúil

Is é a chuir an ghéarchéim i dtábhacht an chaoi a mbraitheann an tAontas an iomarca ar thríú tíortha le haghaidh amhábhair chriticiúla a bhfuil géarghá leo sna príomhtheicneolaíochtaí atá ag teastáil chun sochaí a bhaint amach atá neodrach ó thaobh an charbóin de agus atá digiteach. Féadfaidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach cuidiú chun cásanna féideartha a aithint agus roghanna straitéiseacha a shainaithint le dlús a chur le neamhspleáchas oscailte straitéiseach an Aontais.

tree

An athléimneacht ghlas

Leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise, d'fhéadfaí 24 mhilliún post nua a chruthú ar fud an domhain agus d'fhéadfadh an tionchar a bheadh aige ar an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 a bheith i bhfad ní ba mhó ná mar a ceapadh cheana. Féadfaidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach cuidiú linn foghlaim faoi phríomhchúiseanna an athraithe, tuiscint a fháil ar an aistriú struchtúrtha amach anseo i margadh an tsaothair agus treoir a thabhairt chun daoine a athsciliú, ar daoine iad a chaill a bpost le linn na géarchéime nó arb é is dóichí go gcaillfidh siad a bpost amach anseo i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíochtaí agus ar an uathoibriú.

uimhreacha digiteacha

An athléimneacht dhigiteach

Leis an ngéarchéim, cuireadh dlús le hipear-nascacht agus comhtháthú teicneolaíochtaí nua a mbíonn tionchar acu ar staid an duine agus ar an modh maireachtála atá againn. Féadfaidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach cuidiú linn forbairtí féideartha ar phríomhtheicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a dhéanamh amach roimh ré, chomh maith le tionchar na bhforbairtí sin ar gach gné den saol agus bealaí chun deiseanna amach anseo a thapú.

Clár Oibre na Fadbhreathnaitheachta Straitéisí

Is éard a léirítear i dTuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach go bhfuil an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach atá faoi thionchar gníomhaíochta oiriúnach ar bhealach nach bhfuil cur chuige ar bith eile chun eolas a chur ar fáil do lucht déanta cinntí, dlús a chur leis an dá aistriú agus athléimneacht an Aontais a neartú. Chun na críche sin, leis an Teachtaireacht seo, cuirtear na chéad chéimeanna eile a leanas i láthair:

  • Deaiseanna athléimneachta fréamhshamhla, iad ina n-eiseamláirí chun monatóireacht a dhéanamh ar an athléimneacht. Déanfar a thuilleadh forbartha ar na deaiseanna fréamhshamhla agus comhchruthófar iad le linn cainteanna tosaigh leis na Ballstáit agus príomhpháirtithe leasmhara eile. Leis an obair sin, díreofar ar an bpleanáil mheántréimhseach go fadtréimhseach lena lena gcinnteofar na cúinsí is fearr le haghaidh beartais faoi thionchar na fadbhreathnaitheachta chun laigí a mhaolú agus inniúlachtaí a neartú.
  • Clár Oibre na Fadbhreathnaitheachta Straitéisí de chuid an Choimisiúin, agus an chaoi a dtacaíonn sé le tosaíochtaí polaitiúla uileghabhálacha. Beidh cleachtaí fadbhreathnaitheachta ad-hoc mar chuid de chun bonn eolais a chur faoi na príomhthionscnaimh atá beartaithe i gClár Oibre an Choimisiúin chomh maith le saincheisteanna trasghearrtha a mheastar iad a bheith ina saincheisteanna ardtionchair. Is iad seo a leanas samplaí féideartha: Neamhspleáchas oscailte straitéiseach, todhchaí post glas agus scileanna glasa, agus an nasc idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a dhoimhniú ar fud na mbeartas agus na straitéisí go léir
  • comhdháil bhliantúil ESPAS, atá beartaithe le haghaidh mhí na Samhna 2020. Úsáidfidh an Coimisiún an deis sin chun plé a dhéanamh ar ábhar na Tuarascála maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach don bhliain seo chugainn. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin comhdháil ESPAS a úsáid chun Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais a sheoladh, ar líonra é a mbeidh inniúlachtaí fadbhreathnaitheachta poiblí, meithleacha machnaimh, lucht acadúil, páirtithe leasmhara tionsclaíocha agus sochaí shibhialta na mBallstát mar chuid de
  • Cásanna fadbhreathnaitheachta chun bonn eolais a chur faoin díospóireacht maidir le beartais amach anseo, chun chomhleanúnachas idir na beartais a chinntiú, agus chun feidhmiú mar chreat comhroinnte fadbhreathnaitheach le haghaidh tograí beartas. Leis na cásanna sin, cuideofar chun conairí féideartha a shainaithint don dá aistriú. Féadfaidh an cleachtas sin cur leis an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa.

Na chéad chéimeanna eile

  • Comhdháil bhliantúil an Chórais Eorpaigh um Anailís Straitéiseach agus Pholaitiúil (ESPAS)
  • Forbairt bhreise a dhéanamh ar dheaiseanna athléimneachta
  • Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach
  • Clár Oibre maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach a chur chun feidhme

Sonraí teagmhála

Má tá ceist ar bith agat, téigh i dteagmháil linn ag SG-FORESIGHTatec [dot] europa [dot] eu (SG-FORESIGHT[at]ec[dot]europa[dot]eu); JRC-FORESIGHTatec [dot] europa [dot] eu (JRC-FORESIGHT[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Documents

9 MEÁN FÓMHAIR 2020
Strategic Foresight Report – Charting the course towards a more resilient Europe (reader-friendly version)

9 MEÁN FÓMHAIR 2020
Strategic Foresight Report – Charting the course towards a more resilient Europe

16 IÚIL 2019
Political guidelines of the Commission 2019-2024

[node:26659:view-mode:teaser]

9 MEÁN FÓMHAIR 2020
Prototype dashboard for monitoring the social and economic dimension of resilience

9 MEÁN FÓMHAIR 2020
Prototype dashboards for monitoring the geopolitical, green, and digital dimensions of resilience