Staid na himearthaMí an Mheithimh 2024 Is é atá i gceist leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann sraith rialacha agus beartas reachtach arb é is aidhm dóibh próiseas imirce agus tearmainn níos cothroime, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a chruthú don Aontas Eorpach. Tá forléargas ar an leathanach seo ar stádas na dtograí ón gCoimisiún. Glactha Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais EorpaighGníomhaireacht lánfheidhmeach de chuid an Aontais a bhunú don Tearmainn.An Treoir maidir le Cárta GormCúnamh a thabhairt d’fhostóirí chun daoine a earcú ó thíortha lasmuigh den Aontas tríd an bpróiseas a dhéanamh níos éasca agus níos inrochtana.Cead AonairAn próiseas chun cead aonair a fháil a dhéanamh níos tapa agus níos éasca d’iarratasóirí agus d’fhostóirí.CáilíochtCaighdeáin chosanta san Aontas a chomhchuibhiú agus chun deireadh a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha agus siopadóireacht tearmainn.Coinníollacha glacthaCoinníollacha glactha a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.Creat maidir le hAthlonnúAilíniú a dhéanamh ar an gcaoi a n-athlonnóidh na Ballstáit dídeanaithe aitheanta ó chríoch lasmuigh den Aontas Eorpach, amhail iad siúd sna campaí dídeanaithe.Bainistiú Tearmainn agus ImirceSásra nua dlúthpháirtíochta a bhunú i measc na mBallstát chun cothrom na Féinne a bhaint amach i leith an chórais reatha ina bhfuil roinnt tíortha freagrach as formhór mór na n-iarratas ar thearmann, agus rialacha soiléire ann maidir le freagracht na n-iarratas ar thearmann.ScagadhSeiceáil nua sláinte, aitheantais agus slándála a thabhairt isteach ag teorainneacha seachtracha an Aontais.Nósanna Imeachta TearmainnDifríochtaí sna rátaí aitheantais a laghdú, gluaiseachtaí tánaisteacha a dhíspreagadh agus a chinntiú go dtabharfar isteach nós imeachta teorann nua.EurodacBunachar sonraí méarlorg Eurodac a oiriúnú agus a threisiú chun filleadh daoine a éascú agus chun cuidiú le dul i ngleic leis an imirce neamhrialta.Géarchéim agus Force MajeureNa bearta eisceachtúla is féidir agus is ceart a dhéanamh chun déileáil le géarchéimeanna a leagan amach ionas go mbeidh na Ballstáit in ann gníomhú go tapa agus go cinntitheach. Níor glacadh na comhaid ghaolmhara go fóill Cónaitheoirí FadtéarmaÉ a dhéanamh níos éasca stádas cónaithe fadtéarmach an Aontais a fháil trí na coinníollacha iontrála a shimpliú.Tá cruinnithe tríthaobhacha idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún fós ar siúl.FilleadhNósanna imeachta um fhilleadh a chuíchóiriú agus bearnaí a dhúnadh trí chinneadh diúltach a eisíodh maidir le tearmainn a nascadh le hordú um fhilleadh.Ghlac an Chomhairle sainordú idirbheartaíochta i mí an Mheithimh 2019. Tá obair fós ar siúl i bParlaimint na hEorpa chun a sainorduithe idirbheartaíochta a ghlacadh. Amlíne Mí an Mheithimh 2024Tar éis theacht i bhfeidhm na ndoiciméad a glacadh (an 11 Meitheamh), thíolaic an Coimisiún Plean Cur Chun Feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann (an 12 Meitheamh)Bealtaine 2024Ghlac an Chomhairle go críochnaitheach éMí Aibreáin 2024Glactha ag Parlaimint na hEorpa i Seisiún IomlánachMí na Nollag 2023Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir le cúig cinn de phríomhthograí an Chomhshocraithe:Rialachán EurodacRialachán maidir le ScagadhRialachán maidir leis an Nós Imeachta TearmainnAn Treoir maidir le Cead AonairAn Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus ImirceAn Rialachán maidir le GéarchéimeannaMí na Nollag 2022Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir le:An Rialachán um CháilíochtaíAn Treoir maidir le Coinníollacha GlacthaAn Rialachán maidir le Creat Athlonnaithe an AontaisMeitheamh 2022Glacadh an tSásra Dlúthpháirtíochta DeonaíMí Aibreáin 2022Tograí ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste Scileanna agus Tallainne curtha i láthairMárta 2022Ceapadh Comhordaitheoir nua an Aontais um FhilleadhMí na Nollag 2021Glacadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um ThearmannMí Dheireadh Fómhair 2021Treoir athbhreithnithe maidir le Cárta Gorm an AontaisTaispeáin 7 de ní eileMí Mheán Fómhair 2020Tograí ón gCoimisiún le haghaidh Comhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann