Cloch mhíle d’Aontas Sláinte na hEorpa is ea an t-athchóiriú ar earnáil chógaisíochta an Aontais agus céim ríthábhachtach is ea é inár n-iarracht chomhchoiteann chun an bealach a réiteach le haghaidh Eoraip níos sláintiúla, níos athléimní agus níos cothroime. Deis atá ann an earnáil ríthábhachtach seo a dhéanamh níos sofhreagrúla, níos solúbtha agus níos oiriúnaí do riachtanais an 21ú haois. Is é an t-athchóiriú is mó é le breis agus 20 bliain.
Ní hionann rochtain ar leigheas ar fud na hEorpa. Caithfidh roinnt Eorpach fanacht ar feadh 4 mhí ar an meán chun cógas leighis ar leith a fháil sa chógaslann is gaire dóibh, agus bíonn ar Eorpaigh eile fanacht níos mó ná 2 bhliain don chógas leighis céanna. Tá méadú ag teacht ar an imní atá ann freisin faoi ghanntanais cógas leighis a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail antaibheathaigh agus pianmhúcháin.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, an earnáil chógaisíochta a nuachóiriú le cur chuige a bheidh dírithe ar an othar, lena dtacófar go hiomlán le tionscal nuálach iomaíoch. Leis an gcur chuige sin, caomhnófar ardchaighdeáin an Aontais maidir le húdarú cógas leighis atá sábháilte, éifeachtach agus ar ardcháilíocht.
Cad é a athróidh athchóiriú na hearnála cógaisíochta?
- An Margadh Aonairmargadh Aonair do chógais leighis a chruthú
- Creat rialálaan t-ualach riaracháin maidir le cógais leighis a laghdú chun othair a shroicheadh níos tapúla
- Cógais leighis do cháchrochtain níos fearr a chinntiú ar chógais leighis inacmhainne
- Soláthar cógas leighisaghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas leighis agus slándáil an tsoláthair a chinntiú
- Nuálaíochtnuálaíocht agus iomaíochas a chothú
- Neamhdhíobhálach don chomhshaolcógais leighis a dhéanamh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
- Beatha daoine a shábháildul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (FSFM)
- Trédhearcachteolas níos fearr a chur ar fáil faoi mhaoiniú poiblí a úsáidtear chun cógais leighis a fhorbairt
Othair a chur i lár an aonaigh
Ba chóir an rochtain chéanna a bheith ag gach othar ar leigheas san Eoraip. Ba cheart an leigheas a bheith ar fáil d’othair nuair a bhíonn sé de dhíth orthu, agus ba cheart go bhfaigheadh gach Ballstát an leigheas ag an am céanna. Is é is aidhm don togra reachtach seo rochtain níos fearr ar chógais leighis éifeachtacha inacmhainne a thabhairt do chách.
Go praiticiúil, is éard atá i gceist leis sin deimhin a dhéanamh de go mbeidh rochtain thráthúil chothrom ag gach othar ar fud an Aontais ar chógais leighis shábháilte éifeachtacha inacmhainne. Chuige sin, le dreasachtaí nua spreagtar cuideachtaí chun a gcógais leighis a chur ar fáil d’othair i ngach tír san Aontas, agus déanfar athbhreithniú freisin ar reachtaíocht an Aontais maidir le cógais leighis do leanaí agus cógais leighis in aghaidh galair neamhchoitianta.
Chun tús áite a thabhairt d’othair, is gá slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus a chinntiú go mbíonn cógais leighis ar fáil d’othair i gcónaí, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu san Aontas.
Conas a bhainfidh mé tairbhe as cur chuige atá dírithe ar an othar?
- Rochtain níos fearr ar chógais leighis éifeachtacha inacmhainne
- Laghdú ar ghanntanais agus méadú ar infhaighteacht cógas leighis
- Cógais leighis bhithchosúla a bheith ar an margadh níos luaithe chun praghsanna cógas leighis a laghdú
- Níos mó cógais leighis do leanaí agus in aghaidh galair neamhchoitianta
- Méadú ar ionadaíocht na n-othar maidir le cógais leighis a fhormheas
- Rochtain níos éasca ar eolas faoi tháirgí
- Cógais leighis atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de
An baol go mbeidh ganntanais chriticiúla ann sa gheimhreadh agus ina dhiaidh sin a laghdú
I mí Dheireadh Fómhair 2023 rinneamar bearta breise chun ganntanais chriticiúla cógas leighis san Aontas a chosc agus a laghdú. Léiríonn na ganntanais chriticiúla cógas leighis a bhí ann le déanaí, antaibheathaigh áirithe san áireamh, an geimhreadh seo caite go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir leis an soláthar agus chun slabhraí soláthair cógas leighis na hEorpa a dhéanamh níos athléimní san fhadtéarma.
Chun ullmhú níos fearr do gheimhreadh 2023/24, tá an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach tar éis príomh-antaibheathaigh a shainaithint cheana féin. I dtaca leis na príomh-antaibheathaigh sin, tá siad ag súil leis go mbeidh baol ganntanas criticiúil ann ina leith roimh an ngeimhreadh seo agus an geimhreadh ina dhiaidh sin.
Tá gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas leighis san Aontas bunaithe ar thrí cholún, is iad sin
- gníomhaíochtaí láithreacha agus gearrthéarmacha chun ganntanais chriticiúla a mhaolú
- bearta struchtúracha chun tacú le slándáil fhadtéarmach an tsoláthair
- comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le haghaidh soláthair
Don am i láthair, sheol an Coimisiún Sásra Dlúthpháirtíochta Deonach Eorpach le haghaidh cógais leighis an 24 Deireadh Fómhair 2023. Leis sin, is féidir le Ballstát a riachtanais maidir le cógas leighis ar leith a chur in iúl do Bhallstáit eile, ar féidir leo freagairt trí na cógais leighis atá ar fáil acu lena n-athdháileadh a léiriú.
Áirítear an méid seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí eile:
- liosta an Aontais de chógais leighis chriticiúla a bhunú (faoi dheireadh 2023) chun anailís a dhéanamh ar na cásanna ina bhfuil gá le bearta breise i slabhra soláthair na gcógas leighis roghnaithe
- Gníomhaíocht Chomhpháirteach thiomnaithe a chur ar bun in 2024 le cur ar chumas na mBallstát leas a bhaint as díolúintí ó rialacha chun go mbeifear in ann freastal ar othair le cógais leighis
- malartuithe dea-chleachtas a eagrú maidir le praghsáil agus aisíocaíochtaí idir na Ballstáit
- treoir ón Aontas a eisiúint, faoi thús 2024, maidir le cógais leighis a fháil chun slándáil an tsoláthair a neartú
- ceannach comhpháirteach antaibheathach le haghaidh víreas riospráide san Aontas a sheoladh le haghaidh gheimhreadh 2024/25
Tacú le slándáil fhadtéarmach an tsoláthair
Chun táirgeadh cógas leighis criticiúil níos éagsúla a spreagadh, tá an Coimisiún ag earcú rannpháirtithe chun Comhaontas um Chógais Leighis Chriticiúla a bhunú go luath in 2024. Cuirfidh an Comhaontas ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta, earnáil na tionsclaíochta, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais gníomhaíocht a chomhordú ar leibhéal an Aontais i gcoinne na nganntanas cógas leighis atá ann le fada agus aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair. Díreoidh sé ar chógais leighis lena mbaineann an baol is mó ganntanais agus an tionchar is mó ar chórais cúraim sláinte agus ar othair. D’fhéadfadh sin an bealach a réiteach le haghaidh ‘Gníomh um Chógais Leighis Chriticiúla’ a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Táthar ag súil leis na chéad mholtaí ón gComhaontas maidir le conas soláthar cógas leighis criticiúil a fheabhsú faoi fhómhar 2024.
Sa chéad leath de 2024, forbróidh an Coimisiún agus na Ballstáit cur chuige straitéiseach comhchoiteann maidir le stoc-charnadh cógas leighis chun ganntanais a chosc.
Lasmuigh den Aontas, bunófar líonra comhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht an tslabhra soláthair. Cuirfear ar bun freisin comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tríú tíortha chun cógais leighis chriticiúla a tháirgeadh, lena léireofar an t-éileamh áitiúil agus na riachtanais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon.
Nuálaíocht a spreagadh le haghaidh tionscal cógaisíochta iomaíoch
Tá sé d’aidhm ag an Aontas leanúint de thimpeallacht tharraingteach atá fabhrach don nuálaíocht a chur ar fáil don taighde, don fhorbairt agus do tháirgeadh cógas leighis san Eoraip. Cruthóidh an tAontas an timpeallacht sin trí nuálaíocht den chéad scoth a chur chun cinn, faoi rialú rialacha cobhsaí comhsheasmhacha a choimeádann suas leis an nuálaíocht, a mhéadaíonn iomaíochas agus a laghdaíonn rómhaorlathas agus costais ag an am céanna.
Féachfaidh sé lena chinntiú go ndéanfar cógais leighis nuálacha a údarú níos tapúla trí rialacha agus nósanna imeachta níos simplí a chur chun feidhme, agus trí rannpháirtíocht níos mó othar sna próisis mheasúnaithe ar chógais leighis gan cur as don tsábháilteacht.
Agus i dtéarmaí taighde agus forbartha i riachtanais leighis nár sásaíodh, tabharfar luach saothair don nuálaíocht a théann chun tairbhe d’othair trí chóras dreasachtaí atá iomaíoch ar fud an domhain.
Chun an córas sin a bhunú, tá treoir á moladh ag an gCoimisiún ina bhfuil na ceanglais uile maidir le húdarú, monatóireacht, lipéadú agus cosaint rialála, maidir le cur ar an margadh agus maidir le nósanna imeachta eile le haghaidh na gcógas leighis uile atá údaraithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus lena gcomhchuibhítear na rialacha údarúcháin san Aontas.
Conas a bhainfear amach earnáil chógaisíochta iomaíoch?
- Nuálaíocht den chéad scoth a chur chun cinn
- Riarachán a laghdú agus dlús a chur le húdarú na gcógas leighis nuálach
- Taighde agus forbairt a dhreasú
- Dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
Dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
Is éard is oibreáin fhrithmhiocróbacha ann cógais leighis a úsáidtear chun ionfhabhtuithe i ndaoine, in ainmhithe agus i bplandaí a chosc agus a chóireáil. Bíonn frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (FSFM) ann nuair nach mbíonn éifeacht ag cógais leighis ar mhiocróib, ar cógais leighis iad atá ceaptha chun iad a mharú, agus is éard is cúis leis sin ró-úsáid nó mí-úsáid oibreán frithmhiocróbach amhail antaibheathaigh.
Paindéim thostach
Nuair a mheastar go bhféadfadh méadú teacht ar líon na mbásanna i ngeall ar FSFM go dtí suas le 10 milliún bás ar fud an domhain in aghaidh na bliana faoi 2050, is léir gur príomhfhócas sa togra é dul i ngleic leis. Idir 2016 agus 2020, tháinig méadú suntasach ar líon na n-ionfhabhtuithe agus na mbásanna de bharr FSFM san Aontas / sa LEE. Faigheann 35,000 duine bás gach bliain san Aontas Eorpach i ngeall air agus bíonn costais arda ag baint leis, €1.5 billiún in aghaidh na bliana dár gcórais cúraim sláinte san áireamh.
Tá Moladh ón gComhairle á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun FSFM a chomhrac chun réitigh a chur ar fáil do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus do shláinte an chomhshaoil. Ghlac an Chomhairle an Moladh a bhí beartaithe an 13 Meitheamh 2023.
Moltar sa togra an méid seo a leanas:
1. Údarú margaíochta agus faireachas ar oibreáin fhrithmhiocróbacha
- Údarú margaíochta ar oibreáin fhrithmhiocróbacha chun bearta úsáide stuama a chur san áireamh
- Faireachas breise agus monatóireacht bhreise ar úsáid oibreán frithmhiocróbach agus ionfhabhtú a chosc agus a rialú ar bhealach níos fearr; níos mó feasachta ar an bpobal, oideachas agus oiliúint do ghairmithe.
2. Úsáid stuama oibreán frithmhiocróbach
Níl ach an leathchuid de shaoránaigh an Aontais ar an eolas go bhfuil antaibheathaigh neamhéifeachtach i gcoinne víreas. Tá méadú ag teacht ar FSFM i ngeall ar ró-úsáid agus mí-úsáid oibreán frithmhiocróbach amhail antaibheathaigh.
Tá an Coimisiún ag moladh úsáid níos stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha, agus tá sprioc á leagan síos aige dó féin maidir le húsáid laghdaithe antaibheathach agus tá sé ag moladh do na Ballstáit spriocanna náisiúnta comhfhreagracha a leagan síos:
- - 20% de thomhaltas antaibheathach san Aontas faoi 2030
- spriocanna ar an leibhéal náisiúnta a mholadh ina theannta sin
3. Infhaighteacht antaibheathach a chinntiú
Tá úsáid stuama antaibheathach ríthábhachtach chun dul i ngleic le FSFM, ach tá tionchar aige sin freisin ar mhéideanna na ndíolachán agus ar thoradh ar infheistíocht d’fhorbróirí cógas leighis.
Dá bhrí sin, ní mór dúinn forbairt oibreán frithmhiocróbach nuálach a spreagadh agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh rochtain ar oibreáin fhrithmhiocróbacha agus go mbeidh siad ar fáil.
Tá an méid seo a leanas á mholadh ag an gCoimisiún:
- dearbhán inaistrithe i leith eisiachas sonraí a thugann bliain bhreise de chosaint rialála sonraí d’fhorbróirí oibreán frithmhiocróbach nua, rud a fhágann go mbeidh sé níos tarraingtí dóibh oibreáin fhrithmhiocróbacha nuálacha a fhorbairt gan ranníocaíochtaí díreacha airgeadais ó na Ballstáit.
- Sásraí soláthair chun rochtain a sholáthar ar ábhair fhrithmhiocróbacha, iad siúd atá á bhforbairt san áireamh.
4. FSFM a chomhrac ar fud an domhain
Ní féidir le hearnáil amháin, le tír amháin ná le mór-roinn amháin dul i ngleic le FSFM aisti féin. Ciallaíonn sé sin:
- FSFM a choinneáil i gcroílár Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais
- Níos mó comhar domhanda a bhrú chun cinn, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar FSFM i gcomhaontú idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith paindéime.