Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta

Cuspóir agus raon feidhme

Ní féidir bearta faoin rialachán coinníollachta a mholadh ach amháin má fhaigheann an Coimisiún amach go bhfuil tionchar díreach ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar bhainistiú fónta airgeadais leasanna airgeadais an Aontais, nó go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeidh tionchar díreach go leor ag sáruithe ar an mbainistiú sin.

Comhlánaíonn an ionstraim uirlisí agus nósanna imeachta eile chun buiséad an Aontais a chosaint, mar shampla seiceálacha agus iniúchtaí nó ceartuithe airgeadais, sin nó imscrúduithe a dhéanann OLAF, Oifig Frith-Chalaoise an Aontais. Ní féidir leis an gCoimisiún leas a bhaint as an rialachán ach amháin mura féidir uirlisí cosanta buiséid eile an Aontais a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.

Tá an réimeas ginearálta coinníollachta éagsúil leis an sásra Eorpach um an Smacht Reachta (a bhfuil an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ina chroílár) a bhfuil sé d’aidhm aige an smacht reachta a chur chun cinn.

Feidhmiú

Faoin rialachán coinníollachta, molfaidh an Coimisiún bearta iomchuí agus comhréireacha don Chomhairle i gcás ina ndéanann sáruithe ar an smacht reachta i mBallstát faoi leith dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh críochnaitheach ansin maidir leis an togra le haghaidh beart.

I ngach cás, beidh faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais fós i dteideal a gcuid íocaíochtaí a fháil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann leanúint de na híocaíochtaí sin a dhéanamh. Is é sin le rá, más faighteoir nó tairbhí deiridh de mhaoiniú an Aontais thú, ba cheart duit tacaíocht airgeadais a fháil fós ón mBallstát go neamhspleách ar na bearta a fhorchuirtear faoin rialachán coinníollachta.

Treoirlínte

Chun roinnt gnéithe a bhaineann le feidhmiú an rialacháin coinníollachta a shoiléiriú, tá sraith treoirlínte ullmhaithe ag an gCoimisiún. Mínítear iontu go mion an dóigh a gcuirfidh an Coimisiún an rialachán coinníollachta i bhfeidhm, agus an dóigh a gcosnófar cearta na bhfaighteoirí deiridh agus na dtairbhithe deiridh chomh maith. Ullmhaíodh na treoirlínte trí phróiseas cuimsitheach, lena n-áirítear comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit. Cuirtear san áireamh iontu freisin breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásanna C-156/21 agus C-157/21 a eisíodh an 16 Feabhra 2022.

Tá na treoirlínte ar fáil ar líne anseo:

2 MÁRTA 2022
Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint
Gaeilge
(1.08 MB - PDF)
Íoslódáil

Amlíne agus foinsí eolais

Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Ó shin i leith, tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid ar fud na mBallstát, sin agus tá faisnéis ábhartha á bailiú aige.

Tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ón gCoimisiún, cinntí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus na conclúidí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, cuireann siad sin le hanailís an Choimisiúin. Is foinse úsáideach faisnéise don Choimisiún iad gearáin freisin chun a mheas ar cheart an Rialachán maidir le coinníollacht a thionscnamh.

Gearán a dhéanamh

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi chás a d’fhéadfadh a bheith ann faoin rialachán coinníollachta, iarrtar ort an fhoirm thíos a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig: BUDG-CONDITIONALITY-REGIME-COMPLAINTSatec [dot] europa [dot] eu (BUDG-CONDITIONALITY-REGIME-COMPLAINTS[at]ec[dot]europa[dot]eu).

22 MEÁN FÓMHAIR 2021
Gearán – Sárú ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear do bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais
Gaeilge
(586.97 KB - PDF)
Íoslódáil

 

Caithfidh an Coimisiún le d’iarratas faoi rúndacht iomlán agus urramóidh sé gach riail is infheidhme.

An nuacht is déanaí

CORRIENDUM a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092  (1 Márta 2024)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 (15 Eanáir 2024)

Athmheasúnú ón gCoimisiún ar an staid san Ungáir, bliain tar éis don Chomhairle bearta a ghlacadh (13 Nollaig 2023)

Ráiteas comhpháirteach ó na Coimisinéirí Hahn agus Gabriel maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 i ndáil le hiontaobhais ar mhaithe le leas an phobail san Ungáir (26 Eanáir 2023)

Cinneadh ón gCoimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag an Ungáir maidir lena hathchóirithe agus nach mór di garspriocanna riachtanacha a chomhlíonadh i dtaca lena cistí Téarnaimh agus Athléimneachta (30 Samhain 2022)

Buiséad an Aontais: Bearta molta ag an gCoimisiún don Chomhairle faoin rialachán coinníollachta (18 Meán Fómhair 2022)

Barúlacha ó Choimisinéir Hahn ag Léamh amach an Choláiste maidir le buiséan an Aontais a chosaint san Ungáir (18 Meán Fómhair 2022)

Buiséad an Aontais: Treoir ón gCoimisiún foilsithe i dtaca leis an sásra maidir le coinníollacht (2 Márta 2022)

Ceisteanna agus freagraí: Treoir ón gCoimisiún i dtaca leis an sásra maidir le coinníollacht (2 Márta 2022)