An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá an beartas fuinnimh ríthábhachtach d’iomaíochas agus do shlándáil na hEorpa agus chun aeráidneodracht a bhaint amach. Is inniúlacht chomhroinnte é idir an tAontas agus a Bhallstáit, mar a shainítear in Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De mheon na dlúthpháirtíochta, agus is freagairt é gníomhaíocht bheartais an Aontais ar thrí phríomhdhúshlán, is iad sin: soláthar fuinnimh atá slán inacmhainne a chinntiúoibriú i dtreo inacmhainneacht fuinnimh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh agus tacú le hiomaíochas na hEorpatáirgeadh agus úsáid fuinnimh atá glan agus inbhuanaithe a chur chun cinn don Aontas chun a spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach Is iad seo a leanas príomhchuspóirí beartais fuinnimh an Aontais:táirgeadh agus úsáid fuinnimh dhícharbónaithe a chothú san Aontas, rud a chuideoidh leis an iomaíochas a fheabhsú agus lenár n-uaillmhian aeráide mhéadaithe a bhaint amachtús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh ag gach céim den slabhra fuinnimh, ón nginiúint go dtí an tomhaltas deiridhtaighde a shlógadh agus nuálaíocht a chothú ról a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile agus é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí fuinnimh a bheith i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan tacú leis na gnéithe uile a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh agus an plé idirnáisiúnta a stiúradh maidir leis an aistriú fuinnimh domhanda Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo 42.5%is é sin an sprioc fuinnimh in-athnuaite le haghaidh 203011.7%is é sin an feabhas a bhfuiltear ag súil leis ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 203015%is é sin an sprioc idirnaisc do 2030 ar mhaithe le tíortha an Aontais a spreagadh chun a gcórais leictreachais a nascadh le chéile Réimsí gníomhaíochtaFuinneamh in-athnuaiteFaigh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí an Aontais chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san Eoraip a mhéadúÉifeachtúlacht fuinnimhIs sócmhainn luachmhar é an fuinneamh. Faigh eolas faoin gcaoi a gcinntíonn an tAontas gur féidir linn an úsáid is éifeachtúla a bhaint asMargaí agus tomhaltóiríFéach leat na rialacha lena múnlaítear margaí fuinnimh an Aontais agus lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear tomhaltóiríSlándáil fuinnimhConas a chinntíonn an tAontas fuinneamh iontaofa do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais?BonneagarIs iad na heangacha cnámh droma chórais fuinnimh an Aontais. Faigh eolas faoin gcaoi a neartaíonn agus a leathnaíonn an tAontas ár n-eangachaTaighde agus teicneolaíochtTá sé ríthábhachtach taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach agus chun iomaíochas a fheabhsú. Faigh eolas faoin méid a dhéanann an tAontasFuinneamh núicléachÓ shábháilteacht núicléach a chinntiú go tacú le húsáid teicneolaíochtaí radaíochta agus núicléacha sa leigheas, féach leat beartas fuinnimh núicléach an AontaisComhar idirnáisiúntaFaigh eolas faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas mar cheannaire fuinnimh domhandaMaoiniúFéach leat deiseanna maoiniúcháin do thionscadail fuinnimh san Aontas Na príomhnithe a baineadh amach Trí fhoinsí fuinnimh gaoithe agus gréine agus foinsí in-athnuaite eile a chur chun cinn,ba ionann an fuinneamh in-athnuaiteagus 23% d’ídiú fuinnimh deiridh an Aontais in 2022. Cé go bhfuil obair fós le déanamh chun an sprioc 42.5% a bhaint amach faoi 2030, is ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a thagann sciar suntasach den fhuinneamh a ídítear san Eoraip anois. Tá cuideachtaí in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite faoi bhláth, agus tacaíonn siadle poist ghlasa a chruthú. Faoi 2022, bhí os cionn 1.6 milliún duine fostaithe in earnáil an fhuinnimh san Eoraip.Chuidigh infheistíochtaí i mbonneagarfuinninmh trasteorannchun slándáil fuinnimh an Aontais a neartú, trí roinnt réigiún den Aontas a bhí go hiomlán scoite amach a nascadh freisin. Idir 2008 agus 2021, laghdaigh an tAontasastaíochtaí gás ceaptha teasaníos mó ná 20%. Ag an am céanna, tháinig méadú beagnach 10% ar OTI an Aontais. Ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais, chuir beartais fuinnimh an Aontais go mór leis an méid sin a bhaint amach. Chun sprioc éifeachtúlachtafuinnimh 2030 a bhaint amach,tá bearta tugtha isteach ag an Aontas i réimsí beartais leis an acmhainneacht is mó le haghaidh coigilteas fuinnimh agus réimsí ina bhfuil gá le cur chuige comhchuibhithe ar fud na mBallstát. Ní hamháin go laghdaíonn bearta den sórt sin billí fuinnimh, ach cuidíonn siad freisin le gnólachtaí costais oibríochtúla a shábháil, agus an lorg carbóin á laghdú ag an am céanna. Sa spotsolas Fuinneamh á shábháil ag daoineIs sraith físeán gearr é ‘Fuinneamh á shábháil ag daoine’ ina gcuirtear portráidí aonair i láthair de dhaoine atá ag obair ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar choigilteas fuinnimh ar fud na hEorpa. Cloisimid faoin ndóchas agus faoi na huaillmhianta atá acu agus faoin méid a dhéanamh siad féin chun fuinneamh a shábháil, sin agus foghlaimímid faoin méid a spreag iad le dul síos an bealach ar leith a roghnaigh siad.Oibríonn Laura mar bhainisteoir tionscadail le haghaidh comhairleoireacht fuinnimh agus inbhuanaitheachta sa Fhrainc. Cuireann siad comhairle ar chuideachtaí agus ar thionscail maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú agus forbairt inbhuanaithe. An nuacht is déanaí News article5 Eanáir 2026Commission publishes “fitness check” on EU laws covering the security of electricity and gas supply in view of future revisionAm léitheoireachta: 2 nóiméadNews announcement18 Nollaig 2025Review of the Governance Regulation on the Energy Union and Climate Action – Public consultation launchedAm léitheoireachta: 3 nóiméadFéach na Imeachtaí 27Jan2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Industrial Alliance on Small Modular Reactors: Stakeholders’ Forum17-18Mar2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEnergy Poverty Advisory Hub annual conferenceFéach na Eolas bainteachAn Ard-Stiúrthóireacht um FhuinneamhAn dlíComhairliúcháin phoiblí
Tá an beartas fuinnimh ríthábhachtach d’iomaíochas agus do shlándáil na hEorpa agus chun aeráidneodracht a bhaint amach. Is inniúlacht chomhroinnte é idir an tAontas agus a Bhallstáit, mar a shainítear in Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De mheon na dlúthpháirtíochta, agus is freagairt é gníomhaíocht bheartais an Aontais ar thrí phríomhdhúshlán, is iad sin: soláthar fuinnimh atá slán inacmhainne a chinntiúoibriú i dtreo inacmhainneacht fuinnimh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh agus tacú le hiomaíochas na hEorpatáirgeadh agus úsáid fuinnimh atá glan agus inbhuanaithe a chur chun cinn don Aontas chun a spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach
Fuinneamh in-athnuaiteFaigh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí an Aontais chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san Eoraip a mhéadú
Éifeachtúlacht fuinnimhIs sócmhainn luachmhar é an fuinneamh. Faigh eolas faoin gcaoi a gcinntíonn an tAontas gur féidir linn an úsáid is éifeachtúla a bhaint as
Margaí agus tomhaltóiríFéach leat na rialacha lena múnlaítear margaí fuinnimh an Aontais agus lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear tomhaltóirí
Slándáil fuinnimhConas a chinntíonn an tAontas fuinneamh iontaofa do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais?
BonneagarIs iad na heangacha cnámh droma chórais fuinnimh an Aontais. Faigh eolas faoin gcaoi a neartaíonn agus a leathnaíonn an tAontas ár n-eangacha
Taighde agus teicneolaíochtTá sé ríthábhachtach taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn chun an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach agus chun iomaíochas a fheabhsú. Faigh eolas faoin méid a dhéanann an tAontas
Fuinneamh núicléachÓ shábháilteacht núicléach a chinntiú go tacú le húsáid teicneolaíochtaí radaíochta agus núicléacha sa leigheas, féach leat beartas fuinnimh núicléach an Aontais
Comhar idirnáisiúntaFaigh eolas faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas mar cheannaire fuinnimh domhanda
Fuinneamh á shábháil ag daoineIs sraith físeán gearr é ‘Fuinneamh á shábháil ag daoine’ ina gcuirtear portráidí aonair i láthair de dhaoine atá ag obair ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar choigilteas fuinnimh ar fud na hEorpa. Cloisimid faoin ndóchas agus faoi na huaillmhianta atá acu agus faoin méid a dhéanamh siad féin chun fuinneamh a shábháil, sin agus foghlaimímid faoin méid a spreag iad le dul síos an bealach ar leith a roghnaigh siad.Oibríonn Laura mar bhainisteoir tionscadail le haghaidh comhairleoireacht fuinnimh agus inbhuanaitheachta sa Fhrainc. Cuireann siad comhairle ar chuideachtaí agus ar thionscail maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú agus forbairt inbhuanaithe.
News article5 Eanáir 2026Commission publishes “fitness check” on EU laws covering the security of electricity and gas supply in view of future revisionAm léitheoireachta: 2 nóiméad
News announcement18 Nollaig 2025Review of the Governance Regulation on the Energy Union and Climate Action – Public consultation launchedAm léitheoireachta: 3 nóiméad
27Jan2026Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Industrial Alliance on Small Modular Reactors: Stakeholders’ Forum