![alt=""](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_full_width/public/2021-05/header_banner_1.jpg?itok=zWM-lhXI)
Tá an Eoraip ag tabhairt faoi aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig an gceannaireacht dhigiteach. Tá sé d'aidhm ag an straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht deimhin a dhéanamh de gur féidir leis an tionsclaíocht Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta de réir mar a thugaimid aghaidh ar an ré nua sin.
An 10 Márta 2020 leag an Coimisiún síos an dúshraith do straitéis thionsclaíoch lena dtacófaí leis an dá aistriú i dtreo geilleagar glas agus digiteach, lena ndéanfaí tionsclaíocht an Aontais níos iomaíche agus lena gcuirfí feabhas ar uathriail oscailte straitéiseach na hEorpa. An lá tar éis an Straitéis nua maidir le Tionsclaíocht a bheith curtha i láthair, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim a bhí in COVID-19.
An 11 Bealtaine 2021 rinneadh an Coimisiún nuashonrú ar Straitéis an Aontais maidir le Tionsclaíocht chun a chinntiú go gcuirfear san áireamh i bhfís an Aontais maidir le tionsclaíocht go mbeidh cúinsí nua ann i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus go spreagfar an claochlú chun geilleagar a chur ar bun atá níos inbhuanaithe, níos digití, níos athléimní agus níos iomaíche ar fud an domhain. An nuashonrú seo, ní thagann sé in ionad Straitéis 2020 maidir le Tionsclaíocht ná ní thugann sé chun críche na próisis a sheol sí – an-chuid den obair sin, tá sé fós ar siúl agus is gá iarrachtaí tiomnaithe a dhéanamh chun í a thabhairt chun críche. Is nuashonrú saincheaptha é seo lena ndírítear ar an méid atá fágtha le déanamh agus ar na ceachtanna is gá a fhoghlaim.
Is iad na Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) príomhuirlisí na nuálaíochta sna héiceachórais éagsúla, agus ní mór iad a chur san áireamh i dtaca le gach gníomhaíocht a dhéantar faoin Straitéis seo. Déantar an méid sin a léiriú ar bhealach cothrománach trí fheasacht mhéadaithe maidir le hualaigh rialála i gcás FBManna. Rachaidh gníomhaíochtaí nua go mór chun tairbhe do FBManna agus fiontair nuathionscanta, bíodh baint acu sin le Margadh Aonair treisithe, le cleithiúnaithe soláthair laghdaithe nó leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach lena bhfuil dlús curtha. Cuimsítear sa Straitéis freisin roinnt beart lena ndírítear go sonrach ar FBManna, amhail athléimneacht mhéadaithe, íocaíochtaí déanacha a chomhrac agus tacaíocht a thabhairt do shócmhainneacht.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19
Rinne géarchéim COVID-19 difear nach beag do gheilleagar an Aontais. An tionchar atá ag an ngéarchéim, tá sé ag brath ar na héiceachórais éagsúla agus ar mhéid na gcuideachtaí. Is éard a nocht an ghéarchéim idirspleáchas na slabhraí luacha domhanda agus léirigh sí an ról ríthábhachtach atá ag Margadh Aonair domhanda atá comhtháite dea-fheidhmiúil.
Cé gurb éagsúil tionchar na géarchéime ar éiceachórais dhifriúla agus ar chuideachtaí difriúla, is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a chuir an ghéarchéim i dtábhacht:
- Chuir teorainneacha srian ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí
- Cuireadh isteach ar na slabhraí luacha domhanda, rud a rinne difear d’infhaighteacht earraí fíor-riachtanacha
- Cuireadh isteach ar an éileamh
Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, moltar sa Straitéis nuashonraithe maidir le Tionsclaíocht bearta nua chun na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na géarchéime a chur san áireamh agus infheistíochtaí a chothú. Dírítear go sonrach sa Straitéis ar na nithe seo a leanas:
Athléimneacht an Mhargaidh Aonair a threisiú
Tacaíocht a thabhairt d’Uathriail Oscailte Straitéiseach na hEorpa trí dhéileáil le cleithiúnaithe
Tacaíocht a thabhairt don chás gnó sa dá aistriú
Athléimneacht an Mhargaidh Aonair
Is é an Margadh Aonair an tsócmhainn is luachmhaire atá ag an Aontas, agus cuireann sé cinnteacht, scála agus túsphointe domhanda ar fáil do chuideachtaí Eorpacha. Mar sin féin, rinne paindéim COVID-19 difear do na deiseanna a chuirtear ar fáil sa Mhargadh Aonair. Bhí gnólachtaí agus saoránaigh thíos le teorainneacha a bhí dúnta, cuireadh isteach ar sholáthar agus ba mhinic intuarthacht in easnamh.
Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, tá an méid seo a leanas molta ag an gCoimisiún:
Ionstraim Éigeandála an Mhargaidh Aonair: chun réiteach struchtúrtha a sholáthar lena gcinnteofar infhaighteacht agus saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí i gcomhthéacs géarchéimeanna féideartha amach anseo
An Margadh Aonair a dhoimhniú: féachaint ar na caighdeáin maidir le príomhsheirbhísí gnó a chomhchuibhiú; chomh maith le digitiú faireachais margaidh a threisiú, sa bhreis ar bhearta spriocdhírithe eile le haghaidh FBManna.
Faireachán a dhéanamh ar an Margadh Aonair: anailís bhliantúil ar staid an Mhargaidh Aonair, ar 14 éiceachóras thionsclaíocha san áireamh
![Industrial ecosystems Industrial ecosystems](/sites/default/files/styles/embed_large/public/2021-06/industrial_ecosystems_graph_update.png?itok=5VSYn0eM)
Is iad seo a leanas na 14 éiceachóras thionsclaíocha: aeraspás agus cosaint, agraibhia, tógáil, tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, digiteach, earraí leictreonacha, tionscail dianfhuinnimh, foinsí in-athnuaite, sláinte, soghluaisteacht – iompar – gluaisteán, gaireacht, geilleagar sóisialta agus slándáil shibhialta, miondíol agus turasóireacht
Is iompórtálaí agus easpórtálaí mór é an tAontas Eorpach agus, dá bhrí sin, is bua agus foinse fáis agus athléimneachta é dó an oscailteacht i leith na trádála agus na hinfheistíochta. Ach is éard a léirigh COVID-19 gurbh é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar mhíshocracht sa slabhra soláthair domhanda ganntanas táirgí ríthábhachtacha ar leith san Eoraip. Is é sin an fáth ar gá dúinn tuilleadh feabhais a chur ar ár n-uathriail oscailte straitéiseach i bpríomhréimsí, faoi mar atá leagtha amach cheana féin i Straitéis 2020 an Aontais maidir le Tionsclaíocht.
Tá an méid seo a leanas á mholadh ag an gCoimisiún:
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta éagsúlaithe: deimhin a dhéanamh de go mbeidh ról lárnach i gcónaí ag an trádáil agus infheistíocht chun cur lenár n-athléimneacht eacnamaíoch.
Féadfaidh Comhghuaillíochtaí Tionsclaíocha a bheith ina n-uirlisí iomchuí freisin, má chuireann siad dlús le gníomhaíochtaí nach bhforbrófaí murach iad, agus i gcás ina gcuidíonn siad chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh le comhpháirtíochtaí agus samhaltacha nua gnó a phlé ar bhealach oscailte trédhearcach ina gcomhlíonann na rialacha iomaíochais ina n-iomláine, sin agus i gcás ina bhfuil an fhéidearthacht acu poist ardluacha a chruthú. Cuireann comhghuaillíochtaí ardán forleathan ar fáil atá oscailte i bprionsabal agus tabharfaidh siad aird ar leith ar chuimsitheacht le haghaidh fiontair nuathionscanta agus FBManna. Tá obair ar bun ag an gCoimisiún chun Comhghuaillíocht maidir le próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóirí a sheoladh, chomh maith le Comhghuaillíocht maidir le Sonraí Tionsclaíocha, EDGE agus an Néal. Sa bhreis orthu sin, tá a mhachnamh á dhéanamh aige freisin i dtaca le Comhghuaillíocht maidir le Lainseálaithe Spáis agus Comhghuaillíocht maidir le hEitlíocht Saor ó Astaíochtaí.
Faireachán a dhéanamh ar chleithiúnaithe Straitéiseacha: an chéad tuarascáil a fhoilsiú ina ndéantar anailís ar chleithiúnaithe straitéiseacha an Aontais. Sainaithnítear sa tuarascáil 137 dtáirge in éiceachórais íogaire a bhfuil an tAontas ag brath go mór ar fhoinsí eachtracha lena n-aghaidh.
Anailís a dhéanamh ar chleithiúnaithe Straitéiseacha
- 137 dtáirge in éiceachórais íogaire a bhfuil an tAontas ag brath go mór ar sholáthraithe eachtracha lena n-aghaidh as líon iomlán 5,200 táirge ar a ndearnadh anailís
- Is ionann líon na dtáirgí sin agus 6% de luach iomlán na dtáirgí a iompórtáiltear isteach san Eoraip.
- Breis agus leath na gcleithiúnaithe sin, is ón tSín a thagann siad, agus Vítneam agus an Bhrasaíl ina dhiaidh sin.
- Tá 34 tháirge ann atá níos leochailí, ar táirgí iad a bhfuil acmhainneacht íseal éagsúlaithe agus ionadaíochta acu i dtaca le táirgeacht an Aontais. Ina measc, tá amhábhair agus ceimiceáin éagsúla a úsáidtear i dtionscail dianfhuinnimh agus sa tsláinte.
- Líon na dtáirgí sin, sin 0.6% de luach iomlán na dtáirgí a iompórtáiltear isteach san Eoraip.
Is éard a chuirtear ar fáil sa tuarascáil freisin mionanailís ar 6 réimse straitéiseacha ina bhfuil cleithiúnaithe ag an Aontas, is iad sin: amhábhar, ceallraí, comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, hidrigin, leathsheoltóirí, néalteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí imeall-ríomhaireachta:
- amhábhair
- ceallraí
- comhábhair ghníomhacha chógaisíochta
- hidrigin
- leathsheoltóirí
- teicneolaíochtaí néil agus EDGE
Dlús a chur leis an dá aistriú
Mar chuid de Straitéis 2020 maidir le Tionsclaíocht, cuireadh liosta gníomhaíochtaí ar fáil chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach i dtionsclaíocht an Aontais, agus tá cuid mhór acu sin glactha nó seolta cheana féin. Mar sin féin, rinne an phaindéim difear nach beag do dhlús agus do scála an chlaochlaithe. Is mó an dóchúlacht gur ceannairí na todhchaí a bheidh sna cuideachtaí a ghlacann an inbhuanaitheacht agus an digitiú chucu féin.
Chun dlús a chur leis an dá aistriú, tá an méid seo a leanas molta ag an gCoimisiún:
- Conairí an aistrithe
Conairí a chruthú i gcomhpháirt leis an lucht tionsclaíochta agus páirtithe leasmhara, conairí an aistrithe ar mhaithe leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun an dá aistriú a bhaint amach a shainaithint, rud a fhágfaidh go mbeidh tuiscint níos fearr ar an scála, ar na leasanna agus ar na coinníollacha a bheidh ag teastáil.
- Tionscadail ilnáisiúnta
Chun tacú leis na hiarrachtaí téarnaimh agus chun inniúlachtaí digiteacha agus glasa a fhorbairt, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ina gcomhthionscadail le hinfheistíochtaí a uasmhéadú faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
- Anailís ar an earnáil cruach
Chun earnáil cruach atá glan agus iomaíoch a chinntiú, déanann an Coimisiún anailís ar na dúshláin atá roimh an earnáil agus téann sé i ngleic leo.
- Comhpháirtíochtaí an chláir Fís Eorpach
Cistiú príobháideach agus poiblí a thabhairt le chéile chun taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus i bpróisis íseal-charbóin a mhaoiniú.
- Fuinneamh dícharbónaithe atá flúirseach inrochtana inacmhainne
Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun dlús a chur le hinfheistíochtaí i bhfoinsí inathnuaite, eangacha, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní.
Doiciméid
- Íoslódáilбългарски(255.67 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(209.98 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(206.48 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(205.63 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(211.98 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(201.78 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(264.16 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(215.71 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(202.92 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(209.29 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(206.47 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(206.23 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(213.67 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(209.03 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(208.81 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(210.82 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(209.5 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(214.04 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(206.48 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(201.53 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(206.04 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(202.57 KB - HTML)
- Íoslódáilбългарски(277.02 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(228.23 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(231.48 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(222.35 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(232.5 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(218.59 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(288.22 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(235.21 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(221.4 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(228.4 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(221.3 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(221.49 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(230.93 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(226.27 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(225.07 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(226.91 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(226.01 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(230.66 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(228.68 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(217.55 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(225.11 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(225.28 KB - HTML)
- Íoslódáilбългарски(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilespañol(211.75 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(206.81 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(1.04 MB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáileesti(201.62 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(214.68 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(209.33 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(205.4 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(1.04 MB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(212.36 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilpolski(209.46 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilromână(211.9 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(1.04 MB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(208.78 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(1.04 MB - HTML)