Skip to main content

Céannacht Dhigiteach Eorpach

Céannacht Dhigiteach do mhuintir uile na hEorpa

Tiachóg dhigiteach phearsanta do shaoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais

Beidh an Chéannacht Dhigiteach Eorpach ar fáil do shaoránaigh, cónaitheoirí agus gnólachtaí den Aontas ar mian leo iad féin a shainaithint nó deimhniú a sholáthar i dtaca le sonraí pearsanta ar leith. Beifear in ann é a úsáid le haghaidh seirbhísí príobháideacha agus poiblí, ar líne agus as líne araon, ar fud an Aontais.

Beidh gach saoránach den Aontas agus gach duine atá ina gcónaí ann ábalta tiachóg phearsanta dhigiteach a úsáid.

Gach uair a iarrann aip nó suíomh gréasáin orainn céannacht dhigiteach nua a chruthú nó logáil isteach go héasca trí ardán mór, ní bhíonn tuairim dá laghad againn cén úsáid a bhaintear as ár sonraí i ndáiríre. Is é sin an fáth a ndéanfaidh an Coimisiún ríomhchéannacht Eorpach shlán a mholadh. Ríomhchéannacht ar féidir linn muinín a chur inti agus ar féidir linn úsáid a bhaint aisti in áit ar bith san Eoraip chun idirbhearta a dhéanamh ar nós cánacha a íoc nó rothar a fháil ar cíos. Teicneolaíocht lenar féidir linn féin a rialú cé na sonraí a mbainfear úsáid astu agus an chaoi a ndéanfar sin.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh an 16 Meán Fómhair 2020
Ursula von der Leyen President of the European Commission

Buntáistí na Céannachta Digití Eorpaí

An ceart ag gach duine atá i dteideal cárta céannachta náisiúnta céannacht dhigiteach a bheith acu, ar céannacht í a aithnítear gach áit san Aontas

Bealach simplí sábháilte chun smacht a bheith agat ar an méid eolais is mian leat a roinnt le seirbhísí ar gá eolas a roinnt lena n-úsáid

Déantar iad a oibriú trí thiachóga digiteacha atá ar fáil in aipeanna ar d’fhón póca agus ar ghléasanna eile chun:

  • tú féin a shainaithint ar líne agus as líne
  • eolas a chuireann rialtais ar fáil a stóráil agus a mhalartú e.g. ainm, sloinne, dáta breithe, náisiúntacht
  • an t-eolas a chuireann foinsí príobháideacha iontaofa ar fáil a stóráil agus a mhalartú
  • an t-eolas a úsáid chun ceart a dheimhniú e.g. an ceart chun cónaí, dul ag obair nó staidéar a dhéanamh i mBallstát ar leith

Cad chuige é?

Príomhphrionsabail

Aon saoránach, cónaitheoir nó gnólacht den Aontas ar mian leis é a úsáid, beidh fáil aige air

Beifear in ann í a úsáid go forleathan mar bhealach chun úsáideoirí a shainaithint nó chun saintréithe pearsanta ar leith a dheimhniú le rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha poiblí agus príobháideacha ar fud an Aontais

Beidh smacht iomlán ag úsáideoirí chun na gnéithe céannachta, na sonraí agus na deimhnithe a chomhroinneann siad le tríú páirtithe a roghnú, sin agus chun an chomhroinnt sin a rianú

Úsáid phraiticiúil

Is féidir an Chéannacht Dhigiteach Eorpach a úsáid i réimse leathan cásanna, cuir i gcás:

  • seirbhísí poiblí a úsáid, mar shampla teastais bhreithe agus teastais leighis a iarraidh, nó athrú ar do sheoladh a chur in iúl
  • cuntas bainc a oscailt 
  • tuairisceán cánach a dhéanamh
  • iarratas a dhéanamh ar áit ollscoile i do thír féin nó i mBallstát eile
  • oideas leighis a stóráil is féidir a úsáid in áit ar bith san Eoraip 
  • d’aois a chruthú
  • carr a fháil ar cíos trí úsáid a bhaint as ceadúnas tiomána digiteach
  • seiceáil isteach in óstán 

Úsáid a bhaint as an gCéannacht Dhigiteach Eorpach: iarratas a dhéanamh ar iasacht ón mbanc

Próiseas a mbíonn céimeanna éagsúla i gceist leis de ghnáth is ea iarratas a dhéanamh ar iasacht ón mbanc, ó choinní a shocrú agus bualadh le hionadaí ón mbanc go dtí na doiciméid pháipéir ar fad a bhailiú agus a shíniú – agus é sin uilig a dhéanamh arís má tá aon rud ar iarraidh.

Infographic showing steps for a bank loan: Step 1: set up a bank appointment; Step 2: meeting at the bank; step 3: provide all paper documents; step 4: bank sends proposal; step 5: set up a bank appointment again; step 6: meet at the bank to sign the loan agreement

Trí úsáid a bhaint as an gCéannacht Dhigiteach Eorpach, níl le déanamh ag an úsáideoir ach na doiciméid riachtanacha a stóráiltear go háitiúil ina thiachóg dhigiteach a roghnú chun freagra a thabhairt ar iarratas an bhainc. Cruthóidh sé sin doiciméid dhigiteacha infhíoraithe a sheolfar ar bhealach slán chuig an mbanc lena bhfíorú, agus ansin beidh an banc in ann leanúint leis an bpróiseas iarratais.

image show steps after getting a loan from a bank. 1: the user has all his documents in his personal wallet from national identity to income statement; 2: he selects only the required documents by the bank for the loan application and sends them easily in full security; 3: the bank gets the documents electronically, and if a document is missing it is only one click away for the user, the application is ready to continue

 

An saol a éascú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí

Na seirbhísí aitheantais agus iontaoibhe seo a leanas, baineann éifeacht dhlíthiúil leo ar fud an Aontais agus is féidir iad a úsáid a bhuí leis an gcreat iontaoibhe a cruthaíodh le Rialachán eIDAS. Is príomhuirlisí iad chun iontaoibhe agus slándáil a chumasú sa Mhargadh Aonair Digiteach. Déanfar roinnt seirbhísí, cuir i gcás ríomhShínithe, a chomhtháthú sa tiachóg chun go mbeifear in ann iad a úsáid.

  SaoránaighGnólachtaí
eSignature

ríomhShíniú

Sainráiteas i bhformáid leictreonach de ghlacadh duine leis an ábhar atá i ndoiciméad. Comhtháthófar an fheidhm sin sa tiachóg.

Cuideoidh sé liom doiciméid dhlíthiúla a shíniú agus iad a sheoladh trí ríomhphost gan aon rud a chló ar pháipéar

Laghdóidh sé costais agus am trí phróisis chuíchóirithe agus cuideoidh sé chun nósanna imeachta gnólachtaí a dhéanamh nuálach

eTimestamp

 

 

ríomhStampa Ama

Fianaise leictreonach go raibh ann do thacar sonraí ag am ar leith

Tabharfaidh sé fianaise dom gur cheannaigh mé mo thicéid cheolchoirme

Cuirfidh sé le rianú doiciméad agus bainfear cuntasacht níos fearr amach a bhuí leis

eID availability

 

 

ríomhChéannacht

Bealach chun go mbeidh gnólachtaí agus tomhaltóirí in ann a gcéannacht a chruthú go leictreonach

Cuirfidh sé ar mo chumas dom cuntas bainc a oscailt i dtír eile le mo chéannacht náisiúnta

Méadóidh sé mo bhonn custaiméirí, sábhálfaidh sé costais agus am, agus cothóidh sé muinín in idirbhearta trasteorann

authentication

 

 

Deimhniú Cáilithe Barántúlachta Gréasáin

Deimhin a dhéanamh de go bhfuil suíomhanna gréasáin iontaofa agus gur féidir brath orthu

Cuirfidh sé ar an eolas mé go bhfuil na suíomhanna gréasáin agus na haipeanna is maith liom a úsáid iontaofa sábháilte

Méadóidh sé muinín an tomhaltóra agus cuideoidh sé chun fioscaireacht a sheachaint, rud a chosnóidh cáil mo ghnólachta

eSeal

 

 

ríomhShéala

Dearbhú a thabhairt maidir le bunús agus sláine doiciméid

Dearbhóidh sé gur fíorthicéid iad na ticéid don chluiche, nach cinn bhréige iad

Laghdóidh sé costais agus am trí phróisis chuíchóirithe agus cothóidh sé iontaoibh maidir le bunús an doiciméid

delivery

 

 

Ríomhsheirbhís Seachadta Chláraithe

Cuireann sí cosaint ar fáil maidir leis an mbaol caillteanais, gada, damáiste nó athruithe nuair atá doiciméid á seoladh

Cinnteoidh sé go seachadfar an bronntanas do bhreithlá mo mhic go sábháilte

Laghdóidh sé an t-am agus na costais a bhaineann le doiciméid a mhalartú, méadóidh sé éifeachtúlacht agus iontaoibhe agus cuirfidh sé feabhas ar an gcaoi le doiciméid a rianú

Doiciméid

28 BEALTAINE 2021
European Digital Identity Regulation
English
(599.08 KB - HTML)
Íoslódáil
28 BEALTAINE 2021
European Digital Identity Recommendation
English
(HTML)
Íoslódáil
28 BEALTAINE 2021
Impact Assessment
English
(HTML)
Íoslódáil
21 BEALTAINE 2021
Report on the evaluation of the eIDAS Regulation
English
(HTML)
Íoslódáil