Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cosaint Daoine Fásta

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach rialacha maidir le cosaint trasteorann daoine fásta san Aontas a chomhchuibhiú agus páirt a ghlacadh i gcoinbhinsiún idirnáisiúnta sa réimse sin.

Mar gheall ar aosú an daonra agus an meath a thagann go minic ar acmhainneachtaí meabhrach agus síceasóisialta daoine scothaosta, chomh maith leis an méadú atá ag teacht ar líon na ndaoine faoi mhíchumas de gach aois, tá cosaint dhlíthiúil nó tacaíocht dhlíthiúil de dhíth ar níos mó daoine fásta chun a leasanna pearsanta nó airgeadais a láimhseáil. Faoi láthair, bíonn deacrachtaí éagsúla ag na daoine fásta sin i gcásanna trasteorann (mar shampla i gcás inar gá dá n-ionadaí cuntas bainc eachtrach a dhúnadh i dtír eile nó i gcás inar gá beart cosanta arna dhéanamh ag cúirt i dtír amháin a agairt i dtír eile). 

An 31 Bealtaine 2023 chuir an Coimisiún i láthair dhá thogra reachtacha arb é is aidhm dóibh na deacrachtaí a bhí ag na daoine fásta sin a réiteach mar aon leis na deacrachtaí a bhí ag a n-ionadaithe i gcásanna trasteorann:

  • Rialachán lena rialófar cásanna trasteorann chun daoine fásta a chosaint i measc thíortha an Aontais agus
  • cinneadh ón gComhairle lena gcuirfear d’oibleagáid ar thíortha an Aontais dul isteach i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta

Bunófar leis na tograí rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le cásanna trasteorann a bhaineann le daoine fásta a chosaint, deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, costas agus fad na imeachtaí trasteorann a laghdú, agus rannchuidiú le cearta daoine fásta a choimirciú, lena n-áirítear a gceart chun neamhspleáchais. 

Ciallaíonn cás trasteorann go bhfuil baint ag dhá thír éagsúla leis an gcás céanna: mar shampla, tá cónaí ar dhuine fásta faoi chosaint i dtír A ach tá sócmhainní aige amhail teach nó cuntas bainc i dtír B, nó tá sé ag taisteal i dtír B agus tá cóir leighis ag teastáil uaidh ann.

Cé a chumhdaítear leis na tograí ón gCoimisiún?

Cumhdaíonn na tograí daoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna féin a chosaint mar gheall ar lagú nó neamhdhóthanacht a n-acmhainne pearsanta. D’fhéadfadh an lagú nó an neamhdhóthanacht sin a bheith buan nó sealadach agus, i measc nithe eile, de chineál fisiceach nó síceasóisialta (e.g. míchumas intleachtúil, tinneas síciatrach), nó i ndáil le galar a bhaineann le haois, amhail galar Alzheimer, nó mar thoradh ar riocht sláinte, amhail cóma.

Chun a chinntiú go gcosnófar iad agus go dtacófar leo i bhfeidhmiú a n-inniúlachta dlíthiúla, féadfaidh na daoine fásta sin a bheith faoi réir beart cosanta arna dhéanamh ag cúirt nó ag údarás riaracháin, nó féadfaidh duine (‘ionadaí’) a cheap siad roimh ré (trí ‘cumhachtaí ionadaíochta’) tacú leo chun a leasanna a bhainistiú. I gcás ina dtarlóidh sé go mbeidh na daoine fásta sin i staid trasteorann, réiteoidh na tograí ón gCoimisiún na fadhbanna a bhaineann le rannpháirtíocht níos mó ná tír amháin. Cinnteofar leis na rialacha sin go leanfaidh an chosaint dhlíthiúil a thugtar do na daoine fásta sin in aon tír amháin gan bhac thar theorainneacha. Cuideoidh siad lena gcearta a chosaint, lena n-áirítear an ceart chun neamhspleáchais agus chun rochtain ar an gceartas. 

Éascófar leis na tograí freisin na gnóthaí trasteorann d’ionadaithe na ndaoine fásta agus do dhaoine agus d’eintitis eile a bhíonn ag déileáil leis na hionadaithe sin.

Cén chaoi a n-oibreoidh na tograí?

Is éard atá sa phacáiste reachtach togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán a mbeidh feidhm aige i measc thíortha an Aontais agus togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena gcuirfear oibleagáid ar thíortha an Aontais dul isteach i gCoinbhinsiún an 13 Eanáir 2000 maidir le Cosaint Idirnáisiúnta Daoine Fásta (‘Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta’).

Leis an Rialachán atá beartaithe, leagfar síos rialacha comhchoiteanna maidir le comhar breithiúnach i gcásanna trasteorann san Aontas. Ciallaíonn sé sin rialacha lena mbunaítear dlínse idirnáisiúnta na gcúirteanna agus na n-údarás a dhéanann bearta, lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cás, agus conas a aithnítear bearta a dhéantar chun daoine fásta a chosaint i dtíortha eile de chuid an Aontais. Leagfar síos leis an Rialachán freisin rialacha lena rialófar an dlí is infheidhme maidir le cumhachtaí ionadaíochta agus conas iad a chur i bhfeidhm i dtír eile. Sa bhreis air sin, cuirfear rialacha ar fáil leis an Rialachán maidir leis an gcomhar i measc údaráis na mBallstát, chomh maith le rialacha lena mbunaítear cumarsáid dhigiteach éigeantach, Deimhniú Eorpach Ionadaíochta, agus cláir idirnasctha.

Is coinbhinsiún idirnáisiúnta é Coinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta lena soláthraítear creat dlíthiúil is infheidhme maidir le daoine fásta a chosaint go hidirnáisiúnta, i measc a Stát Conarthach. Áirítear ar na Stáit Chonarthacha sin faoi láthair 12 Bhallstát agus an Eilvéis, Monacó, agus an Ríocht Aontaithe (maidir le hAlbain amháin). Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle, beidh sé d’oibleagáid ar gach tír eile de chuid an Aontais (seachas an Danmhairg) páirt a ghlacadh sa Choinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta. Is iad tíortha an Aontais amháin a chuirfidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm i dtaca le Stáit Chonarthacha eile nach bhfuil san Aontas agus ní i ndáil le tíortha eile san Aontas

Dá bhrí sin, molfaidh an pacáiste reachtach rialacha caighdeánacha maidir le daoine fásta a chosaint i gcásanna trasteorann i measc thíortha an Aontais agus go hidirnáisiúnta araon (le tíortha eile atá nó a bheidh páirteach i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta). Leis an gcreat dlíthiúil aonfhoirmeach sin, rachfar i ngleic leis na deacrachtaí atá ag daoine fásta i gcásanna trasteorann faoi láthair, agus tabharfar aghaidh ar na bearnaí agus na neamhréireachtaí atá ann faoi láthair i gcosaint dhlíthiúil daoine fásta. Dá bhrí sin, cuideoidh sé le cosaint níos fearr a thabhairt do chearta daoine fásta, neartóidh sé deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht i ngnóthaí trasteorann agus feabhsóidh sé éifeachtacht agus luas na n-imeachtaí trasteorann a bhaineann le daoine fásta a chosaint. 

Cad é an gaol idir na tograí agus dlí Bhallstáit an Aontais?

Ní dhéanann na tograí difear do dhlí náisiúnta thíortha an Aontais maidir le daoine fásta a chosaint (amhail rialacha lena rialaítear na cineálacha beart cosanta agus a n-iarmhairtí, na cumhachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag ionadaí duine fásta agus na teorainneacha a bhaineann leo, etc.).

Ní áirítear sna tograí ach rialacha a mbeidh feidhm acu i gcásanna trasteorann agus a thabharfaidh freagra, mar shampla, ar na ceisteanna seo a leanas: 

  • Cén tír a bhfuil dlínse ag cúirteanna na tíre beart cosanta a dhéanamh a bhaineann le duine fásta?
  • Cén tír a mbeidh feidhm ag dlí na tíre maidir le cosaint duine fásta a bhfuil baint aige le níos mó ná tír amháin?
  • Conas is féidir éifeacht a bheith ag beart cosanta nó ag cumhachtaí ionadaíochta i dtíortha eile?
  • Conas is féidir le húdaráis tíortha éagsúla comhoibriú le chéile agus faisnéis a bhaineann le cosaint daoine fásta a mhalartú lena chéile? 

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle scrúdú a dhéanamh ar na tograí anois, agus iad a phlé. 

Tá an togra le haghaidh Rialachán le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Beidh feidhm ag an Rialachán 18 mí tar éis a ghlactha. Beidh 4 bliana breise ag na Ballstáit ansin chun a gcuid bealaí cumarsáide a dhigitiú, agus 5 bliana chun clár a chruthú agus é a idirnascadh le cláir na mBallstát eile. 

Tá an cinneadh ón gComhairle le glacadh ag an gComhairle tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit ansin chun an cinneadh ón gComhairle a chomhlíonadh agus chun páirt a ghlacadh i gCoinbhinsiún HCCH 2000 maidir le Cosaint Daoine Fásta.

Doiciméid

31 BEALTAINE 2023
Proposal for a Regulation on jurisdiction, applicable law, recognition and enforcement of measures and cooperation in matters relating to the protection of adults
31 BEALTAINE 2023
Annexes to the Proposal for a Regulation on jurisdiction, applicable law, recognition and enforcement of measures and cooperation in matters relating to the protection of adults (annexes 1-10)
31 BEALTAINE 2023
Annex to the Proposal for a Regulation on jurisdiction, applicable law, recognition and enforcement of measures and cooperation in matters relating to the protection of adults (annex 11)
31 BEALTAINE 2023
Subsidiarity Grid accompanying the Proposal for a Regulation on jurisdiction, applicable law, recognition and enforcement of measures and cooperation in matters relating to the protection of adults
31 BEALTAINE 2023
Proposal for a Council decision authorising Member States to become or remain parties, in the interest of the European Union, to the Convention of 13 January 2000 on the International Protection of Adults
31 BEALTAINE 2023
Annex to the Proposal for a Council decision authorising Member States to become or remain parties, in the interest of the European Union, to the Convention of 13 January 2000 on the International Protection of Adults
31 BEALTAINE 2023
Impact Assessment Report accompanying the Proposal for a Regulation and the Proposal for a Council decision
31 BEALTAINE 2023
Executive Summary of the Impact Assessment Report accompanying the Proposal for a Regulation and the Proposal for a Council decision
31 BEALTAINE 2023
Study supporting the preparation of the impact assessment - Final Report by Milieu – Civil aspects of the cross-border protection of vulnerable adults