Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Bearta frith-chalaoise an Aontais

Forléargas ar na príomhionstraimí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint: OLAF, an oifig a dhéanann imscrúdú ar chalaois agus ar mhírialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus EDES, an córas chun oibreoirí eacnamaíocha neamhiontaofa a bhrath agus a phionósú.

An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

Úsáid mhíchuí na gcistí a chuirtear ar fáil le buiséad an Aontais nó imghabháil na gcánacha, na ndleachtanna agus na dtobhach lena maoinítear buiséad an Aontais, déanann sin dochar díreach do shaoránaigh na hEorpa. Déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúdú ar chalaois in aghaidh bhuiséad an Aontais Eorpaigh, in aghaidh an éillithe agus mí-iompar tromchúiseach laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha, agus is í a fhorbraíonn an beartas frith-chalaoise.

Is cuid den Choimisiún é OLAF, ach tá neamhspleáchas oibríochtúil aige. Faigheann sé faisnéis ó réimse leathan foinsí faoi chalaois agus faoi mhírialtachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, agus is féidir leis imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le calaois, éilliú agus cionta eile a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • caiteachas uile an Aontais. Is iad seo na príomhchatagóirí caiteachais: cistí struchtúracha, cistí um an mbeartas talmhaíochta agus um fhorbairt tuaithe, caiteachas díreach agus cúnamh seachtrach;
  • réimsí áirithe d'ioncam an Aontais, dleachtanna custaim den chuid is mó;
  • amhras i dtaobh mhí-iompar tromchúiseach fhoireann an Aontais agus bhaill na n-institiúidí.

Calaois a thuairisciú

An Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES)

Is é an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh an córas a bhunaigh an Coimisiún in 2016 chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a threisiú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.

Tháinig sé in ionad an Chórais Réamhrabhaidh agus an Bhunachair Sonraí Lárnaigh maidir le hEisiamh. Tá feidhm ag rialacha EDES maidir le gach conradh, deontas, comhaontú, duais, ionstraim airgeadais agus saineolaí íoctha, chomh maith le cur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht indíreach.

Is é is cuspóir dó leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar oibreoirí eacnamaíocha neamhiontaofa trína mbrath agus trína n-eisiamh ó chistí a fháil, agus trí phionóis airgeadais a fhorchur orthu. Baineann na forais le heisiamh leis an méid seo a leanas:

  • féimheacht agus cásanna dócmhainneachta
  • neamhíoc cánacha nó neamhíoc ranníocaíochtaí slándála sóisialta
  • mí-iompar gairmiúil tromchúiseach
  • calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil etc.
  • sárú tromchúiseach conartha
  • neamhrialtacht
  • eintitis a cruthaíodh d’fhonn dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha, sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile (cuideachtaí caocha a chruthú).

Is é an Coimisiún a bhunaíonn agus a fheidhmíonn bunachar sonraí EDES, agus is é an Coimisiún, a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó institiúidí, comhlachtaí nó oifigí eile de chuid an Aontais a sholáthraíonn an fhaisnéis maidir le luathbhrath nó eisiamh agus/nó pionós airgeadais.

Liosta na n-oibreoirí atá eisiata ó rochtain ar mhaoiniú ón Aontas nó atá faoi réir pionós airgeadais, chomh maith le feidhmiú agus bunús dlí chóras EDES.