Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Réitigh dhigiteacha le linn na paindéime

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Réitigh nuálacha

Tar éis ghéarchéim an choróinvíris, bhí tábhacht le Straitéis Dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh de réir mar a bhí uirlisí digiteacha á n-úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar leathadh an víris agus chun cuidiú leis an leathadh sin a shrianadh, tacú le taighde agus straitéisí diagnóiseacha, cóireálacha agus vacsaíní a fhorbairt, agus cinnte a dhéanamh de ar an iomlán go bhfanfadh muintir na hEorpa nasctha agus sábháilte ar líne. 

Nuair a bhí srianta i bhfeidhm agus de réir mar a d’éirigh gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha ní ba dhigití, bhí saoránaigh agus gnólachtaí ag brath go mór ar an idirlíon agus ar nascacht. A bhuí le líonraí leathanbhanda agus le bonneagar digiteach, bhíomar ábalta leanúint den fhoghlaim, den obair agus den sóisialú. Chinntigh na seirbhísí iontaoibhe le haghaidh gnólachtaí, ríomhrialtas agus ríomhshláinte leanúnachas na seirbhísí poiblí agus an rochtain orthu, agus chosain córais iontaofa slándála ár bhféiniúlachtaí ar líne. 

Aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh náisiúnta a nascadh

 

Cuireadh aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh náisiúnta ar fáil d’aon duine ar mhian leo iad a shuiteáil agus a úsáid. Thug siad rabhadh d’úsáideoirí, fiú thar theorainneacha, dá mba rud é go raibh siad gar do dhuine a tuairiscíodh go raibh toradh dearfach acu ar thástáil choróinvíris. I gcás foláirimh, chuir an aip eolas ábhartha ar fáil ó na húdaráis sláinte, amhail comhairle faoi thástálacha nó faoin bhféinleithlisiú agus sonraí teagmhála. Sa chomhrac i gcoinne an choróinvíris, sheol formhór na mBallstát aip rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh náisiúnta. 

Cuireadh thart ar €10 milliún ar fáil faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun na haipeanna náisiúnta sin a nascadh le chéile chun slabhra ionfhabhtuithe an choróinvíris a bhriseadh agus chun beatha daoine a shábháil, fiú nuair a bhí daoine ag trasnú teorainneacha. 

Leis an tseirbhís tairsí idir-inoibritheachta cuireadh réiteach Eorpach ar fáil lena chinntiú go ndéanfaí eolas a mhalartú go sábháilte idir aipeanna náisiúnta, ar bhealach a bhí bunaithe ar ailtireacht dhíláraithe agus ar ardleibhéal cosanta sonraí. D'éirigh go maith leis an gcéim phíolótach, agus cuireadh an córas chun feidhme an 19 Deireadh Fómhair. 

San iomlán, nascadh 19 n-aip náisiúnta tríd an tseirbhís sin agus íoslódáladh 74 mhilliún uair iad.  

Aipeanna rianaithe teagmhálaithe sna Ballstáit 

An intleacht shaorga

Ba mhór an buntáiste í cumhacht anailíseach na hintleachta saorga (IS) agus na ríomhaireachta ardfheidhmíochta a mhéid a bhain le patrúin a bhrath i leathadh an choróinvíris. Le cabhair na n-uirlisí sin, bhí earnálacha sláinte poiblí in ann monatóireacht a dhéanamh ar leathadh an choróinvíris agus straitéisí éifeachtacha a cheapadh mar fhreagairt air. 

San earnáil cúraim sláinte, tá ról ag an intleacht shaorga freisin i gcumhachtú na róbat agus uirlisí eile a úsáidtear chun cóireáil a chur ar othair, ar an ábhar gur cheart a laghad teagmhála daonna agus is féidir a bheith ann. 

Gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris: sonraí, an intleacht shaorga agus sár-ríomhairí 

Sár-ríomhairí na hEorpa i gcoinne an choróinvíris

Bhí baint ag trí lárionad sár-ríomhaireachta chumhachtacha san Eoraip le staidéar agus forbairt a dhéanamh ar vacsaíní, ar chóracha leighis agus ar dhiagnóisí i dtaca leis an gcoróinvíreas. 

Ba é ab aidhm dóibh fáil amach cé na cuingreacha de mhóilíní gníomhacha a dtéann an víreas i bhfeidhm orthu agus, chuige sin, rinne siad comparáid idir samhlacha digiteacha de phróitéiní an choróinvíris agus mheaitseáil siad iad le bunachar sonraí de na mílte drugaí atá ann cheana. Chuir na sár-ríomhairí leis an ngnáthchur chuige cliniciúil de bhun tástála agus earráidí. Ghlac comhlacht cógaisíochta agus roinnt príomhinstitiúidí bitheolaíochta agus bithcheimice páirt san obair trí rochtain a sholáthar ar a mbunachair sonraí drugaí. Rinne an tionscadal Exscalate4CoV, agus maoiniú dar luach €3 mhilliún faighte aige ón Aontas, taighde agus úsáid á baint acu as ardán sár-ríomhaireachta a fuair tacaíocht ón Aontas Eorpach chun seiceáil a dhéanamh ar an iarmhairt a d’fhéadfadh a bheith ag móilíní aitheanta ar struchtúr an choróinvíris. Laistigh de 60 uair an chloig, rinne an sár-ríomhaire sin anailís ar níos mó ná 71 bhilliún móilín cógaisíochta (5 mhilliún ionsamhlú in aghaidh an tsoicind) as ar eascair Raloxifene mar dhruga éifeachtach chun scaipeadh an choróinvíris a chomhrac. 

An fhreagairt ar an gcoróinvíreas – sonraí ón spás

An 5 Meitheamh 2020 sheol an Coimisiún Eorpach ‘Gníomhaíocht Ghasta ar an gCoróinvíreas trí Fhaire na Cruinne’ i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. Bhraith an uirlis gníomhaíochta gasta sin ar shonraí ó shatailítí chun tionchar dhianghlasáil an choróinvíris a mheas agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an téarnamh tar éis na dianghlasála ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus domhanda. 

Agus níos mó ná 30 satailít aige, chuir Clár Spáis an Aontais Eorpaigh eolas agus sonraí saor in aisce agus oscailte ar fáil, go háirithe trí Copernicus, an ghné dhomhanbhreathnóireachta atá aige, agus trí Galileo, an córas loingseoireachta satailíte atá aige, ar eolas agus sonraí iad a chuidigh chun monatóireacht agus maolú a dhéanamh ar thionchar ráig an choróinvíris.  

Ó thús na géarchéime, rinne satailítí an Aontais monatóireacht ar phlóduithe tráchta san áit a dtéitear thar teorainn idir dhá Bhallstát agus rinne siad saoráidí leighis, ospidéil agus bonneagar criticiúil eile a mhapáil. Úsáideadh sonraí a bailíodh ó na satailítí, sonraí a anailísíodh le cuidiú ón intleacht shaorga, chun samhlacha a dhéanamh do na húdaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar an éigeandáil agus chun dul i ngleic léi ar bhealach ní b’éifeachtúla. 

Freagairt Chlár Spáis an Aontais ar an gcoróinvíreas 

Gníomhaíocht Ghasta ar an gCoróinvíreas trí Fhaire na Cruinne

Líonraí agus nascacht

Ós rud é go raibh bearta scartha shóisialta tugtha isteach ag Ballstáit an Aontais chun dul i ngleic le paindéim an choróinvíris, d’aistrigh gnólachtaí, institiúidí agus saoránaigh a gcuid gníomhaíochtaí go dtí an t-idirlíon. Tá méadú as cuimse tagtha ar an éileamh ar acmhainneacht idirlín – bíodh sin chun críoch teilea-oibre, ríomhfhoghlama nó siamsaíochta – rud a chuireann brú ar líonraí dá bharr. 

Chun plódú na líonraí a sheachaint agus chun gur féidir le gach duine sult a bhaint as seirbhísí digiteacha, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar oibreoirí agus ar úsáideoirí teileachumarsáide beart a dhéanamh agus bhuail sé le príomhoifigigh feidhmiúcháin na n-ardán sruthaithe. Moladh do na hardáin sruthaithe ábhar gléine caighdeánaí a chur ar fáil seachas ábhar ardghléine, moladh do na hoibreoirí teileachumarsáide bearta maolaitheacha a ghlacadh chun go leanfar den trácht idirlín, agus moladh d’úsáideoirí socruithe a chur i bhfeidhm chun úsáid sonraí a laghdú, úsáid Wi-Fi san áireamh. 

Chuir an Coimisiún agus ag Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) sásra tuairiscithe speisialta ar bun agus rinne siad monatóireacht ar staid an tráchta idirlín i ngach Ballstát chun freagairt ar fhadhbanna acmhainneachta. 

Uas-sciliú le haghaidh an tsaoil tar éis na paindéime

An dóigh a ndéanaimid ceangal le chéile, an dóigh a ndéanaimid taighde agus an dóigh a dtéimid i mbun nuálaíochta san obair, tá sin ar fad athraithe ó bhonn de bharr na taithí ó phaindéim COVID-19 agus de bharr an scartha shóisialta. Chun cabhrú le fostóirí, earcaitheoirí agus oideoirí cinnte a dhéanamh de go bhfuil scileanna digiteacha ag muintir na hEorpa sa chomhthéacs tar éis an choróinvíris, an 13 Iúil 2020 sheol an Coimisiún treoirlínte nua maidir le hinniúlachtaí digiteacha ina bhfuil céimeanna praiticiúla, príomhghníomhartha, leideanna agus acmhainní ar líne le haghaidh úsáideoirí digiteacha. Cabhraíonn siad sin le saoránaigh an úsáid is fearr a bhaint as a n-inniúlachtaí digiteacha i dtaca lena gconair infhostaitheachta – ón oideachas go dtí an fhostaíocht inmharthana agus an fhiontraíocht. Tá feabhsú scileanna digiteacha ina chuid den Chlár Oibre Eorpach um Scileanna freisin, plean cúig bliana chun fostaithe Eorpacha a uas-sciliú agus a athsciliú, rud a glacadh an 1 Iúil 2020. 

An fhoghlaim ar líne

Chuir an ráig den choróinvíreas san Eoraip isteach go mór ar sholáthar an oideachais. Chun bealaí nua teagaisc agus foghlama a bhaint amach, bhí gá le réitigh nuálacha chruthaitheacha chuimsithe. 

Ghlac an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar Chlár Oibre Bliantúil Erasmus+ 2020, lenar cuireadh maoiniú breise €200 milliún ar fáil do thionscadail a thacaigh le hoideachas agus oiliúint dhigiteach, le hobair óige dhigiteach, agus le scileanna cruthaitheacha agus cuimsiú sóisialta. 

D’fhonn cabhrú chun leanúnachas a chinntiú i ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, cuireadh réimse leathan ábhar foghlama ar líne ar fáil: 

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023