Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 29 Lúnasa 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

An dóigh ar féidir leis an Aontas Eorpach cuidiú leat post a fháil

Shopping centre

 

Príomhthairbhe a bhaineann le saoránacht an Aontais Eorpaigh is ea prionsabal an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe. A bhuí le rialacha an Aontais, is fusa duit a bheith ag obair i dtír eile den Aontas agus do chearta slándála sóisialta a chosaint agus tú sa tír sin. Ní gá duit a bheith buartha faoi chead oibre a lorg in aon tír den Aontas, is cuma má tá cónaí ort sa tír ina bhfuil tú ag obair nó nach bhfuil.

Is cuma má tá tú ag obair go háitiúil nó i dtír eile den Aontas, tá sé de cheart agat cóir chomhionann a fháil le náisiúnaigh na tíre maidir le rochtain ar phoist, dálaí oibre agus gach buntáiste sóisialta agus cánach eile. Cosnaíonn dlí an Aontais thú i do phost freisin trína dhéanamh mídhleathach idirdhealú a dhéanamh ort ar bhonn d’inscne, d’eitneachta, do chreidimh reiligiúnacha nó do mhíchumais.

Go praiticiúil, is féidir leis an Aontas cuidiú leat tú féin a chur ar an margadh fostaíochta trí CV foirfe a chruthú. A bhuí leis an ardán Europass saor in aisce ar líne, is féidir leat CVanna agus litreacha cumhdaigh saincheaptha a chur le chéile chun do chuid cáilíochtaí agus scileanna a léiriú d’fhostóirí ar fud na hEorpa i gceann amháin de 31 theanga.

Ansin is féidir leat do CV a chur isteach i mbunachar sonraí na hEorpa do chuardaitheoirí poist, EURES, chun rochtain a fháil ar an margadh fostaíochta sa bhaile agus ar fud an Aontais i gcoitinne. Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist agus fostóirí san Eoraip a mheaitseáil agus cuireann sé eolas ar fáil maidir le dálaí maireachtála agus oibre sa tír is rogha duit, agus oiliúint teanga, cúrsaí imeasctha agus tacaíocht iar-earcaíochta eile chomh maith.

Más oibrí gairmiúil thú (i.e. dochtúir leighis, dlíodóir, múinteoir, altra, poitigéir), tá sé tábhachtach seiceáil a dhéanamh an gá duit aitheantas a fháil ar dtús do do chuid cáilíochtaí gairmiúla sa tír den Aontas a bhfuil sé beartaithe agat aistriú chuici. Féach bunachar sonraí an Aontais um cháilíochtaí gairmiúla, rud a chuideoidh leat an t-údarás náisiúnta ceart a aimsiú chun tú a threorú trí na foirmiúlachtaí riaracháin is gá chun aitheantas a fháil do do chuid cáilíochtaí. Tá Cárta Gairmiúil Eorpach ann freisin le haghaidh líon teoranta gairmeacha, rud is féidir a úsáid le haitheantas a fháil ar líne do do chuid cáilíochtaí i dtír eile den Aontas.

Nuair a chuirfidh tú tús le do phost nua, is ábhar misnigh é go gcosnaítear do shochair slándála sóisialta faoi dhlí an Aontais. Cé go bhfuil a córas slándála sóisialta féin ag gach tír den Aontas, fágann rialacha uileghabhálacha an Aontais nach n-íocfaidh tú ranníocaíochtaí ach in aon tír amháin; tá na cearta agus na hoibleagáidí céanna agat leis na náisiúnaigh sa tír ina bhfuil tú clúdaithe, agus nuair a éilíonn tú sochar cuirfear san áireamh do thréimhsí árachais, oibre nó cónaithe roimhe i dtíortha eile. Is fiú seiceáil a dhéanamh roimh ré cad iad na téarmaí chun sochair a éileamh sa tír ina bhfuil tú ag obair. Mar shampla, ní hionann an tréimhse fanachta i ngach tír sula bhféadfaidh tú sochar dífhostaíochta a éileamh.

Agus más gá duit athsciliú a dhéanamh? Faoin gClár Oibre Eorpach um Scileanna, tá an tAontas ag déanamh iarracht chomhbheartaithe chun a chinntiú go bhféadfaidh an oiread daoine aonair agus gnólachtaí agus is féidir rochtain a fháil ar dheiseanna chun athsciliú nó uas-sciliú a dhéanamh. Mar shampla, i measc roinnt tionscnamh eile sheol sé an Comhshocrú um Scileanna, ina bhfuil 1,000 comhalta agus 14 chomhpháirtíocht mhórscála in earnálacha straitéiseacha agus is é is aidhm dó cuidiú le suas le 6 mhilliún duine uas-sciliú a dhéanamh. Cuireann an tArdán Eorpach um Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha eolas agus acmhainní ar fáil maidir le scileanna digiteacha, amhail uirlis féinmheasúnaithe. Agus le déanaí tá Linn Tallainne an Aontais agus Comhpháirtíochtaí Tallainne curtha i bhfeidhm ag an Aontas le tríú comhpháirtithe roghnaithe chun cabhrú le scileanna na n-iarrthóirí a mheaitseáil le riachtanais mhargadh an tsaothair san Eoraip.

Tuilleadh eolais

Obair a dhéanamh san Aontas Eorpach

Bogadh chuig an Aontas Eorpach agus obair a dhéanamh ann

Europass

EURES

Cáilíochtaí gairmiúla

Comhordú na slándála sóisialta

Córais slándála sóisialta san Aontas Eorpach

Bunachar na ngairmeacha rialaithe

An Clár Oibre Eorpach um Scileanna

An Comhshocrú um Scileanna

An tArdán maidir le Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha

Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh

Comhpháirtíochtaí Tallainne

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Lúnasa 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide