Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F)

Is grúpa ardleibhéil saineolaithe é an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ a chuideoidh leis an gCoimisiún ina chuid iarrachtaí chun dlíthe an Aontais a shimpliú agus na costais ghaolmhara neamhriachtanacha a laghdú. Is cuid den chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) iad na hiarrachtaí sin Scrúdóidh F4F an féidir leis na dlíthe atá ann faoi láthair a gcuspóirí a bhaint amach go héifeachtúil agus muid ag dul i ngleic le dúshláin nua ar nós an digitithe. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí an Ardáin chun a chinntiú go gcabhróidh dlíthe an Aontais le daoine agus gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, seachas bac a chur orthu.