Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
background banner

Dlúthpháirtíocht Éifeachtach

Dlúthpháirtíocht éifeachtach sheasmhach le Ballstáit a dtagann líon mór daoine thar tír isteach iontu

  • Trigger icon
    Siocair

    Is éard atá á chinneadh ag an gCoimisiún, más as a stuaim féin é nó de réir mar a iarrtar air é:  go bhfuil ‘córas náisiúnta faoi bhrú/i mbaol’

  • Assessment
    Measúnú

    Leagann an Coimisiún amach an méid is gá do Bhallstáit eile a dhéanamh le cuidiú leis an mBallstát atá faoi bhrú/i mbaol:

    • Glacadh ina gcríocha féin le roinnt iarrthóirí tearmainn a athlonnófar ón mBallstát atá i gcruachás (faigheann na tíortha ina ndéantar iad a athlonnú maoiniú ón Aontas)
    • Glacadh leis an bhfreagracht as roinnt daoine nach bhfuil sé de cheart acu fanacht san Aontas Eorpach a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh
    • Bearta oibríochtúla eile a dhéanamh a bheadh ina gcuidiú
  • correction icon
    Ceartú más gá

    Má bhíonn líon na ngealltanas níos mó ná 30% faoi bhun líon iomlán na ndaoine is gá a athlonnú nó a gcur ar ais a urrú, iarrtar ar na Ballstáit nach bhfuil aon ghealltanas tugtha acu leath a ‘gcion féin’ ar a laghad a chumhdach (trí athlonnuithe nó trí urraíochtaí ar chur ar ais)

    Fós féin féadfaidh siad rogha a dhéanamh idir athlonnuithe a chumhdach nó fillteacha a urrú

  • alt=""
    Deimhniú dlíthiúil

    Glacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun na rannchuidithe a dheimhniú agus chun iad a dhéanamh ceangailteach de réir an dlí

Comhrialachas Eorpach tearmainn agus imirce

Is freagracht chomhroinnte Eorpach é bainistiú na himirce agus dá bhrí sin is mór is tábhachtach
go ndéantar comhordú ar bheartais na mBallstáit. Ballstáit a dtagann líon mór daoine thar tír isteach iontu, ní mór tacaíocht a bheith ar fáil dóibh
ó Bhallstáit eile, agus ní mór do gach Ballstát faoi seach plean a dhéanamh lena chomaoin féin a chur ar an obair.

  • Próiseas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ionas gur as lámh a chéile a fhorbróidh tíortha an Aontas a gcuid córas agus a dhéanfaidh siad pleanáil agus ullmhúchán
  • Treoir agus tacaíocht leanúnach ionas gurb éifeachtaí solúbtha na córais náisiúnta agus gur mó an teacht aniar atá iontu freisin

Dlúthpháirtíocht agus comhfhreagracht i gcomhair na ndaoine a baineadh de na báid

Athlonnú na ndaoine a tarrtháladh ar muir agus athlonnú grúpaí atá i mbaol

  • Pool of pledges

    Comhthiomsú gealltanas ó na Ballstáit le cur ar bun ag an gCoimisiún ar bhonn réamh-mheastachán bliantúil ar na riachtanais

  • Solidarity forum

    Mura leor na gealltanais (easnamh 30%), Fóram Dlúthpháirtíochta le tionól ag an gCoimisiún

  • family-in-hands-icon

    Mura n-éiríonn leis sin, gníomh dlí le glacadh ag an gCoimisiún chun ceangal a chur ar na Ballstáit áiteanna athlonnaithe a chur ar fáil nó bearta eile a dhéanamh

  • triple-arrow-red-circle-icon

    Mura leor fós na háiteanna athlonnaithe, ceartú le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún mar atá sa sásra caighdeánach dlúthpháirtíochta

Doiciméid

  • 23 MEÁN FÓMHAIR 2020
Factsheet: New Pact on Migration and Asylum