An Treoirphlean um Ullmhacht agus um Ghéarchéimeanna i ndáil leis an Imirce
Tá ról lárnach ag Líonra an Treoirphlean chun léargas coiteann ar an staid, bunaithe ar shonraí, a chur ar bun a gcomhaontóidh na Ballstáit uile, Tíortha Comhlachaithe Schengen, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta leis. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar an gcóras luathrabhaidh agus ar an bhfreagairt oibríochtúil.
Ó thús an chogaidh san Úcráin, thionól Líonra an Treoirphlean breis agus 125 chruinniú agus d’eisigh sé an líon céanna tuarascálacha, mar thacaíocht le cinnteoireacht pholaitiúil agus oibríochtúil ghasta. Thacaigh Líonra an Treoirphlean sa chaoi chéanna le bainistíocht géarchéimeanna san Afganastáin, sa Bhealarúis, agus sna Balcáin Thiar.
Ó bhí Feabhra 2023 ann, de réir mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach, tá an líonra ag clúdach na feasachta staide, na hanailíse, agus bhrath na dtreochtaí go córasach ar na bealaí imirce ar fad.
Freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna
Cuirtear leis an taithí a fuarthas ó bhí 2015 ann agus le huirlisí cosanta sibhialta freisin
Urraíochtaí athlonnaithe agus fillte a fheidhmíonn níos tapúla agus níos mó catagóirí daoine á gclúdach acu
Stádas cosanta láithrí do dhaoine atá ag teitheadh ó choinbhleachtaí armtha in am géarchéime