Page contents Page contents A growing threat to European democracies Disinformation is a concern for our citizens. 83%of peoplethink disinformation threatens democracy63%of younger Europeanscome across fake news more than once a week51%of Europeansthink they have been exposed to disinformation online Déanann an bhréagaisnéis dochar dár sochaí ar na bealaí seo a leanas:ídíonn sí muinín in institiúidí agus sna meáincuireann sí toghcháin i mbaolcuireann sí bac ar chumas na saoránach cinntí eolacha a dhéanamhcuireann sí isteach ar an tsaoirse atá acu chun tuairimí a nochtadhLe linn ghéarchéim COVID-19, le faisnéis bhréagach faoi vacsaíní, faisnéis mhíthreorach faoi chúram sláinte, foláirimh bhréige chontúirteacha agus maímh bhréagacha ag gabháil leo agus teoiricí comhcheilge, cuireadh an tsláinte phoiblí i mbaol. Le tamall anuas, tá bréagaisnéis ionsaitheach agus bolscaireacht chogaidh ar son na Creimile ag gabháil le fogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ag daingniú a ngníomhaíochtaí chun cur i gcoinne iarrachtaí na ngníomhaithe sin a scaipeann an bhréagaisnéis chun ár sochaithe agus ár ndaonlathais a dhíchobhsú, a fhéachann le tairbhe a bhaint as géarchéim, agus a chuireann beatha na saoránach i mbaol. an bhréagaisnéis a bhrath, a nochtadh agus anailís a dhéanamh uirthi athléimneacht na sochaí a fheabhsú agus an earnáil phríobháideach a shlógadh Cód Cleachtais neartaithe maidir leis an mBréagaisnéis Bunaíodh Cód Cleachtais den chéad uair in 2018 d’ardáin ar líne, do chomhlachais trádála agus do phríomhghníomhaithe na hearnála fógraíochta. Leis an gcód, cuireadh ceangal orthu srian a chur leis an mbréagaisnéis agus feabhas a chur ar a mbeartas ar líne.Is léir cheana féin gur uirlis nuálach é chun trédhearcacht agus cuntasaíocht níos fearr na n-ardán ar líne a chinntiú, chomh maith le creat struchtúrtha a chur ar fáil chun monatóireacht a dhéanamh ar bheartas na n-ardán maidir leis an mbréagaisnéis agus chun iad a fheabhsú. Malartuithe le sínitheoirí, tarlaíonn siad níos tráthrialta agus níos éifeachtúla anois. Le linn ghéarchéim an choróinvíris thuairiscigh ardáin don Choimisiún gach mí agus thug siad forléargas dó ar a ngníomhaíochtaí chun ábhar údarásach a chur chun cinn, chun feasacht na n-úsáideoirí a fheabhsú, chun ábhar díobhálach a bhaint de nó chun gníomhú ina aghaidh, agus chun fógraíocht a bhaineann le bréagaisnéis maidir leis an gcoróinvíreas a shainaithint. Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoir i mí na Bealtaine 2021 inar iarradh ar shínitheoirí an Cód a threisiú ina réimsí uile ionas go mbeidh sé ina uirlis láidir, éifeachtúil agus solúbtha chun an Bhréagaisnéis a chomhrac. Cód Cleachtais 2018 Féinrialúchán 16 Shínitheoir – 21 ghealltanas maidir le: Grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógraí a fhoilsítear Trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus na fógraíochta atá bunaithe ar shaincheisteanna Ionracas seirbhísí Tomhaltóirí a chumasú Seiceálaithe fíoras agus taighdeoirí a chumasú Éifeachtúlacht an Chóid a thomhas Cód Cleachtais Neartaithe 2022 Comhrialáil d’Ardáin An-Mhór ar Líne faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha 34 Shínitheoir – 44 ghealltanas agus 127 mbeart shonracha: Bearta níos láidre chun an bhréagaisnéis a mhaolú Méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus na fógraíochta atá bunaithe ar shaincheisteanna Clúdach cuimsitheach a chinntiú ar iompraíocht ionramhálach atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn Uirlisí a leathnú amach agus a neartú lena gcumasaítear úsáideoirí, e.g. chun ábhar bréagach nó míthreorach a bhrath agus a mharcáil Clúdach seiceála fíoras a mhéadú ar fud na mBallstát agus i ngach teanga Rochtain níos fearr a thabhairt do thaighdeoirí ar shonraí Creat láidir monatóireachta agus tuairiscithe a bhunú, ina mbeidh faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát Ionad Trédhearcachta a bhunú Tascfhórsa buan a bhunú chun an Cód a fhorbairt agus a oiriúnú Amchlár ghníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise Márta 2015Seoladh Tascfhórsa StratCom an Oirthir sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta SeachtraíAibreán 2016Creat comhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideachaCur chuige cuimsitheach chun feabhas a chur ar an bhfreagairt choiteann ar na dúshláin a bhaineann le bagairtí hibrideacha ar na Ballstáit, ar shaoránaigh agus ar shlándáil chomhchoiteann na hEorpa.Márta 2018Tuarascáil ón Sainghrúpa Ardleibhéil neamhspleách maidir le bréagnuacht agus bréagaisnéis ar líne, inar moladh dul i ngleic le fadhbanna práinneacha agus freagairtí fadtéarmacha ar athléimneacht na sochaí i gcoinne na bréagaisnéiseAibreán 2018Teachtaireacht maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, inter alia, ina bhfógraítear an Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéisMeán Fómhair 2018Teachtaireacht maidir lena chinntiú go mbeidh toghcháin Eorpacha cóir agus saorDeireadh Fómhair 2018Cód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéisUirlis nuálach féinrialála chun trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a chinntiú maidir le hardáin ar líne, agus creat chun monatóireacht a dhéanamh ar bheartais na n-ardán ar líne maidir leis an mbréagaisnéis agus feabhas a chur orthu.Nollaig 2018Plean gníomhaíochta in aghaidh na bréagaisnéiseLeagtar síos ann creat ghníomhaíochtaí an Aontais trí fheabhas a chur ar chumais bhraite agus anailíse, feasacht a mhúscailt, athléimneacht na sochaí a neartú, freagairtí comhordaithe a mhéadú, agus úsáid a bhaint as na hardáin ar líne agus as an earnáil fógraíochta.Márta 2019Seoladh an Chórais Mear-Rabhaidh in aghaidh na bréagaisnéiseMeitheamh 2020Teachtaireacht: Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis faoi COVID-19 agus seoladh an chláir um monatóireacht ar bhréagaisnéis faoi COVID-19Beart trédhearcachta chun cuntasacht a chinntiú don phobal i leith iarrachtaí shínitheoirí an Chóid chun an bhréagaisnéis a bhaineann le COVID-19 a theorannú.Seoladh na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin DhigiteachaCruthaíonn sí agus tacaíonn sí le comhphobal ildisciplíneach, lena n-áirítear seiceálaithe fíricí, taighdeoirí acadúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile a chuidíonn chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis.Tuarascáil ar thoghcháin 2019 do Pharlaimint na hEorpaNollaig 2020Togra le haghaidh Gníomh um Sheirbhísí DigiteachaSainíonn sé freagrachtaí agus cuntasacht níos soiléire d’ardáin ar líne atá curtha in oiriúint dá ról, dá méid agus dá dtionchar faoi seach san éiceachóras ar líne.An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas EorpachÁirítear ann bearta chun feabhas a chur ar an tacar uirlisí an de chuid an Aontais atá ann cheana ar mhaithe le cur i gcoinne cur isteach eachtrach, cuir i gcás fíneálacha a fhorchur, agus treoir i dtaca le neartú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéis.Bealtaine 2021Treoir i dtaca le neartú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais maidir leis an mBréagaisnéisTuairimí an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar cheart d’ardáin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar easnaimh sa Chód agus timpeallacht ar líne atá níos trédhearcaí, níos sábháilte agus níos iontaofa a chruthú.Seoladh na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin DhigiteachaChun cur leis an gcumas feachtais bhréagaisnéise a bhrath, a anailísiú agus a nochtadh.Meitheamh 2021Seoladh an phróisis athbhreithnithe ag sínitheoirí Chód 2018 agus ag sínitheoirí ionchasacha breise nua.Ssamhain 2021Togra maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúlaTaispeáin 3 de ní eileMeitheamh 2022Cód Cleachtais Neartaithe Doiciméid 16 MEITHEAMH 2022Press release: Disinformation - Commission welcomes the new stronger and more comprehensive Code of Practice on disinformation 16 MEITHEAMH 2022Questions and Answers: Strengthened Code of Practice on disinformation 16 MEITHEAMH 20222022 Strengthened Code of Practice on Disinformation 26 BEALTAINE 2021European Commission Guidance on Strengthening the Code of Practice on Disinformation 26 BEALTAINE 2021Questions and answers on the the Code of Practice on Disinformation Naisc ghaolmhara Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú