Eolas
![Online store owners working together in their shop](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2022-11/Happy-online-store-owners.jpg?itok=h10_NAkk)
Ní féidir rath a bheith ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh ach amháin má fhóireann an geilleagar dóibh.
An geilleagar sóisialta margaidh de chineál uathúil atá ag an Aontas, tugann sé deis do gheilleagair fás agus an bhochtaineacht agus an éagothroime a laghdú. Is iad fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide cnámh droma gheilleagar an Aontais. Is riachtanach neartú a dhéanamh orthu, Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú.
Agus bonn cobhsaí faoin Eoraip, is féidir leis an ngeilleagar freagairt go hiomlán do riachtanais shaoránaigh an Aontais.
![](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2024-03/P042375-75026.jpg?itok=VHWwWdGG)
20 Márta 2023 – Tá sraith gníomhaíochtaí spriocdhírithe molta ag an gCoimisiún chun borradh a chur faoin mbiteicneolaíocht agus faoin mbithmhonaraíocht san Aontas, ar gníomhaíochtaí iad atá ríthábhachtach d’iomaíochas agus do nuachóiriú thionscal an Aontais. Téann na gníomhaíochtaí i ngleic leis na dúshláin agus na bacainní atá os comhair biteicneolaíochtaí agus tugann siad aghaidh orthu, i gcomhréir leis an straitéis maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais. I measc na ngníomhaíochtaí atá molta tá simpliú rialála agus rochtain níos tapúla ar an margadh, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a chothú, scileanna a bhaineann le biteicneolaíocht a neartú, chomh maith le dlús a chur le glacadh IS sa bhiteicneolaíocht i gcomhar le páirtithe leasmhara.
![A woman discusses job and training opportunities with a younger woman](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2024-03/P061271-593107.jpg?h=ac778ff2&itok=7ijtbu6D)
Geilleagar sóisialta láidir a thógáil a bheidh cothrom agus cuimsitheach agus a fhreastalóidh ar riachtanais na saoránach uile den Aontas Eorpach
![NextGenerationEU posters - Slovenia](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-051502/00-07.jpg?itok=KMig1c0Q)
Plean na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is tábhachtaí
![Instructor teaching corporate software](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-11/Instructor-explaining-corporate-software.jpg?itok=Z_lKj9O4)
Cabhrú le daoine aonair agus le gnólachtaí níos mó scileanna agus scileanna níos fearr a fhorbairt
![Mixed family - France](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-051431/00-11.jpg?itok=s4illeo7)
Aontas Eorpach níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáil
![EU energy labels (family)](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-049409/00-52.jpg?itok=6iAuyy37)
Tomhaltóirí Eorpacha a chumasú chun ról gníomhach a bheith acu san aistriú glas agus san aistriú digiteach
![Asepop Velventos agricultural cooperative, Greece](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-034997/00-34.jpg?itok=iEj6iFbC)
Cinnte a dhéanamh de go dtuilleann oibrithe san Aontas pá íosta leordhóthanach
![Young bearded courier delivering food](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-11/Young-bearded-courier-delivering-food.jpg?itok=S3KvIv8r)
Cearta saothair agus sochair shóisialta a chinntiú do dhaoine atá ag obair trí ardáin dhigiteacha saothair
![Business owners calculating expenses](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-11/Calculating-business-expenses.jpg?itok=JbWnJ4kz)
Fás inbhuanaithe agus ioncam poiblí a chinntiú
![Two female shop owners](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-11/Female-shop-owners.jpg?itok=6OyOwPqp)
Tacú le FBManna de gach méid agus de gach earnáil, agus iad a chumasú
![Symbolic - Employment, growth and investment](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-045603/00-06.jpg?itok=J--ZpI0H)
Plean chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le fás na hEorpa
Amlíne
- 20 Márta 2024
Leag an Coimisiún gníomhaíochtaí amach chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna
- 20 Márta 2024
Rinne an Coimisiún bearta chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach
- 20 Márta 2024
Mhol an Coimisiún sraith gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun borradh a chur faoin mbiteicneolaíocht agus faoin mbithmhonaraíocht san Aontas
- 27 Feabhra 2024
Chuir an Coimisiún straitéis nua i láthair chun ceannaire tionscail in ardábhair a dhéanamh den Aontas
- 14 Feabhra 2024
Rinne an Coimisiún faireachán ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíochas an Aontais i dTuarascáil Bhliantúil 2024 ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas.
- 10 Feabhra 2024
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais
- 7 Feabhra 2024
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 agus seoladh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)
- 24 Eanáir 2024
Chuir an Coimisiún ar aghaidh pacáiste trádála agus taighde chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú.
- 24 Eanáir 2024
Moladh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha (EWCanna) chun an t-idirphlé sóisialta san Aontas a fheabhsú a thuilleadh.
- 1 Eanáir 2024
Tháinig rialacha nua i bhfeidhm chun calaois ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas a chomhrac
- 27 Nollaig 2023
Tháinig an Ionstraim Frith-Chomhéigin i bhfeidhm
- 14 Nollaig 2023
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha lena ndéantar cearta an duine agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a fhorfheidhmiú i slabhraí soláthair domhanda
- 13 Nollaig 2023
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin
- 12 Nollaig 2023
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha nua lena ndéantar sárú smachtbhannaí an Aontais a choiriúlú
- 12 Nollaig 2023
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha lena neartaítear aisghabháil agus coigistiú sócmhainní san Aontas
- 21 Samhain 2023
Sheol an Coimisiún timthriall Sheimeastar Eorpach 2024 a chuidíonn chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Aontas a shainaithint.
- 6 Meán Fómhair 2023
Cur i láthair i dtaca le Teachtaireacht maidir le digitiú chomhordú na slándála sóisialta, chun rochtain ar sheirbhísí slándála sóisialta a dhéanamh níos tapúla agus níos simplí thar theorainneacha
- 28 Meitheamh 2023
Chuir an Coimisiún dhá thogra ar aghaidh mar chuid den Phacáiste Airgeadra Aonair
- 28 Meitheamh 2023
Chuir an Coimisiún tograí chun cinn chun íocaíochtaí agus an earnáil airgeadais i gcoitinne a thabhairt isteach san aois dhigiteach
- 20 Meitheamh 2023
Mhol an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch
- 20 Meitheamh 2023
Buiséad an Aontais: Mhol an Coimisiún buiséad fadtéarmach an Aontais a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní, agus chuir sé i gcrích a thogra maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse
- 13 Meitheamh 2023
Airgeadas Inbhuanaithe: ghlac an Coimisiún céimeanna breise chun borradh a chur faoin infheistíocht ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe
- 13 Meitheamh 2023
Mhol an Coimisiún bealaí chun leas iomlán a bhaint as an ngeilleagar sóisialta ar mhaithe le poist, leis an nuálaíocht agus leis an gcuimsiú sóisialta
- 24 Bealtaine 2023
Chuir an Coimisiún i láthair a Phacáiste Earraigh bliantúil den Seimeastar Eorpach
- 26 Aibreán 2023
Rialacha nua maidir le rialachas eacnamaíoch ar mhaithe le geilleagar níos athléimní agus níos iomaíche
- 18 Aibreán 2023
An tAontas Baincéireachta: Mhol an Coimisiún athchóiriú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí
- 31 Márta 2023
NextGenerationEU: Breis agus €150 billiún eisíoctha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
- 8 Márta 2023
Leag an Coimisiún amach treoir do na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm agus comhordú an bheartais fhioscaigh don bhliain dár gcionn
- 25 Eanáir 2023
Cuireadh i láthair tionscnamh chun an t-idirphlé sóisialta a neartú agus a chur chun cinn tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
- 1 Eanáir 2023
- 1 Eanáir 2023
Chuaigh an Chróit isteach sa limistéir euro
- 8 Nollaig 2022
- 7 Nollaig 2022
Aontas na Margaí Caipitil: tograí nua maidir le himréiteach, dócmhainneacht chorparáideach agus liostú cuideachtaí chun margaí caipitil an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí
- 22 Samhain 2022
Comhordú an bheartais eacnamaíoch: Leag an Coimisiún treoir amach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus chun an Eoraip a dhéanamh níos glaise agus níos digití
- 14 Samhain 2022
- 12 Deireadh Fómhair 2022
- 11 Bealtaine 2022
- 23 Feabhra 2022
- 25 Samhain 2021
- 12 Deireadh Fómhair 2021
- 22 Meán Fómhair 2021
- 6 Iúil 2021
- 18 Bealtaine 2021
- 7-8 Bealtaine 2021
- 24 Márta 2021
- 21 Deireadh Fómhair 2020
- 27 Bealtaine 2020
Réimsí beartais
Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime a chruthú
Borradh a chur faoin infheistíocht agus poist a chruthú
Nasc idir an chéad ghlúin eile agus poist
Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime
Timthriall bliantúil an Aontais um chomhordú an bheartais eacnamaíoch
Deimhin a dhéanamh de nach n-úsáidfear acmhainní atá faoi úinéireacht an stáit chun an iomaíocht sa mhargadh aonair a shaobhadh
Cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú san Aontas trí choigilteoirí agus infheisteoirí a chosaint
Réamhaisnéisí maicreacnamaíocha don Aontas agus dá Bhallstáit