Tá timthriall Sheimeastar Eorpach 2024 seolta ag an gCoimisiún. Is cleachtadh bliantúil é an Seimeastar Eorpach a chuidíonn chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Aontas a shainaithint, sin agus freagairtí beartais a chuireann ar chumas na mBallstát a n-acmhainneacht a bhaint amach – ar mhaithe linn go léir. I mbliana, tá roinnt dúshláin thábhachtacha os comhair an Aontais, amhail boilsciú ard agus praghsanna arda fuinnimh, ar dúshláin iad nach mór dúinn dul i ngleic leo chun feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais.
Do 2024, tá an Coimisiún ag moladh deireadh a chur le baic ar infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí, tacú le timpeallacht fhabhrach ghnó, agus na scileanna is gá a fhorbairt le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha.
D’eisigh an Coimisiún a thuairimí freisin maidir le dréachtphleananna buiséid na mBallstát do 2024. Measann sé nach bhfuil dréachtphleananna buiséid na hOstaire, na Gearmáine, na hIodáile, Lucsamburg, na Laitvia, Mhálta, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Slóvaice go hiomlán i gcomhréir le moltaí an Aontais agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh pleananna buiséid na Beilge, na Fionlainne, na Fraince agus na Cróite i gcomhréir ach oiread.
Ag an am céanna, cuireann an Coimisiún comhairle shaincheaptha maidir le beartais ar fáil do thíortha an limistéir euro. I mbliana, dírítear ar fhreagairtí beartais ar na dúshláin a bhaineann le boilsciú ard agus iomaíochas.
Thairis sin, deimhnítear i dtuarascáil nua de chuid an tSeimeastair Eorpaigh maidir leis an bhfostaíocht go bhfuil margadh saothair an Aontais athléimneach, agus gurb é 75.4% an ráta fostaíochta sa dara ráithe de 2023. Tá na ganntanais mhóra lucht saothair agus scileanna ina mbac ar an bhfás eacnamaíoch. Mura dtugtar aghaidh leordhóthanach orthu, tá an baol ann go gcuirfidh siad isteach ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach.
Ó tugadh isteach é in 2011, tá an Seimeastar Eorpach ríthábhachtach anois chun measúnú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le beartas fioscach, eacnamaíoch agus fostaíochta thíortha an Aontais. I bhfianaise na suaití iomadúla a bhí ann le blianta beaga anuas, tá athléimneacht shuntasach léirithe ag ár ngeilleagar ó ghníomhaigh muid ar bhealach comhordaithe tapa. Is iomaí baol atá ann, amhail an ghéarchéim sa Mheánoirthear agus an cogadh san Úcráin. Ach leis na freagairtí beartais cearta, ba cheart go dtiocfadh méadú ar gheilleagair na mBallstát in 2024 i gcomhréir leis an réamhaisnéis eacnamaíoch a rinneadh le déanaí.
Tuilleadh eolais
An Seimeastar Eorpach i do thírse
Geilleagar a fhóireann do dhaoine
Ceisteanna agus freagraí maidir le Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach 2024
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 21 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide