An 30 Márta gach bliain, déanaimid an Lá Idirnáisiúnta um Dhramhaíl Nialasach a chomóradh chun feasacht a mhúscailt faoin tábhacht a bhaineann le dramhaíl a bhainistiú go freagrach agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a spreagadh. San Aontas Eorpach, 511 kg dramhaíola a ghineann an gnáthdhuine gach bliain, agus ní dhéantar athchúrsáil ach ar 38% den dramhaíl. Is dúshlán mór é sin agus tá an tAontas ag gníomhú chun aghaidh a thabhairt air. Féachaimis ar an gcur chuige.Trí phríomhchuspóir a rialaíonn cur chuige an Aontais maidir le dramhaíl a bhainistiú:bainistíocht dramhaíola a fheabhsúnuálaíocht a chur chun cinn san athchúrsáilteorainn a chur leis an líonadh talúnIs í an Treoir Réime Dramhaíola creat dlíthiúil an Aontais chun cóireáil a dhéanamh ar an dramhaíl agus í a bainistiú san Aontas. Tugtar isteach léi ord tosaíochta maidir le bainistiú dramhaíola ar a dtugtar ‘ord na réiteach dramhaíola’, inarb é cosc an rogha thosaíochta agus diúscairt an rogha dheiridh. Tá go leor rialacha níos spriocdhírithe de chuid an Aontais ann freisin, maidir le gach rud ó cheallraí go dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe, ó fheithiclí loingseoireachta go feithiclí a bhfuil a ré caite.I mí Feabhra, tháinig rialacha an Aontais i bhfeidhm maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht. Féachann siad sin le laghdú a dhéanamh ar úsáid plaisteach aon úsáide as a n-eascraíonn bruscar ollmhór sa chomhshaol. Ina measc sin, mar shampla, coimeádáin bheaga phlaisteacha le haghaidh blastán, anlann, siúcra agus uachtar bréige faoi choinne caife, rudaí nach n-úsáidtear ach uair amháin agus a chaitear amach ansin, is ceart roghanna malartacha a fháil ina leith.Ní leis an inbhuanaitheacht comhshaoil amháin a bhaineann an obair i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní, ach le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais chomh maith, rud atá chomh tábhachtach céanna. Ag féachaint chun cinn, agus chun éileamh margaidh ar ábhair thánaisteacha a chruthú agus margadh aonair le haghaidh dramhaíola a chruthú, tá Gníomh nua um an nGeilleagar Ciorclach á phleanáil ag an gCoimisiún, rud atá sceidealaithe in 2026.Tuilleadh eolaisDramhaíl agus athchúrsáil san Aontas EorpachAn Treoir Réime Dramhaíola Sonraí Dáta foilsithe31 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide