Tá aithne againn go léir ar dhuine éigin a raibh tionchar ag ailse ar a shaol. Tugtar diagnóis ailse do thart ar 2.7 milliún duine san Aontas Eorpach gach bliain, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú ar an líon sin amach anseo. D’fhéadfadh cosc a chur ar thart ar 40 % de na cásanna ailse san Aontas. Tá vacsaíní sábháilte éifeachtacha ann agus is féidir beatha cuid mhór daoine a shábháil leis na vacsaíní sin.
Dá bhrí sin, tá moltaí nua curtha chun tosaigh ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí ailse a chosc tríd an vacsaíniú mar chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Molann sé go méadófar go mór ráta glactha dhá phríomhvacsaíniú lenar féidir cosc a chur ar dhá ionfhabhtú víreasacha a bhféadfadh ailse a bheith mar thoradh orthu:
- Papalómaivíris dhaonna (HPV)
- Víreas heipitíteas B (HBV)
Ba cheart maoirseacht níos grinne a dhéanamh ar chumhdach na vacsaíní sin freisin.
I measc na mbeart nua tá an méid seo a leanas:
- deimhin a dhéanamh de go bhfuil rochtain éasca ar an vacsaíniú agus go mbeidh sé saor in aisce
- cláir vacsaínithe HPV agus HBV a thabhairt isteach i bpleananna náisiúnta maidir le hailse a chosc
- spriocanna nithiúla a leagan síos
- cumarsáid agus for-rochtain a neartú
- feabhas a chur ar mhonatóireacht agus ar thuairisciú maidir le cumhdach vacsaínithe trí chlárlanna vacsaínithe leictreonacha a chur chun feidhme
- Dea-chleachtais a mhalartú.
Tá cumhdach vacsaínithe HPV go mór faoi bhun 50 % i roinnt mhaith Ballstát. Tá easpa mhór sonraí ann freisin maidir le rátaí vacsaínithe HBV. Is é sprioc Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa 90 % de chailíní agus líon mór buachaillí a vacsaíniú i gcoinne HPV faoi 2030. Seo é an buiséad is mó riamh a chuir an Coimisiún ar fáil chun an ailse a shárú, EUR 4 bhilliún ón gclár EU4Health agus ó ionstraimí eile san áireamh.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais maidir leis an ailse a chosc trí vacsaíniú
Bileog eolais – an difear atá á dhéanamh ag Plean Sáraithe Ailse na hEorpa
Físeán – Tá aithne againn go léir ar dhuine éigin a raibh tionchar ag ailse ar a shaol
Ceisteanna agus Freagraí maidir le hailsí atá inchoiscthe trí vacsaíniú
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 2 Feabhra 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide