Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Décháilíocht bhia

Feachtas tástála uile-Aontais

An 23 Márta 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún torthaí an dara cuid dá fheachtas tástála ar fud an Aontais Eorpaigh ina ndearnadh comparáid idir táirgí bia a chuirtear ar an margadh faoin mbrandáil chéanna.

An 24 Meitheamh 2019 foilsíodh an chéad chuid den fheachtas seo ina ndearnadh comparáid idir liostaí na gcomhábhar agus an fhaisnéis ar aghaidh an phacáiste maidir le beagnach 1,400 táirge bia ar fud 19 mBallstát de chuid an Aontais, féachaint an raibh cásanna décháilíochta ann.

Bhí an feachtas tástála uile-Aontais bunaithe ar mhodheolaíocht tástála chomhchoiteann, a d‘fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin i ndlúthchomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara uile lena mbaineann, chun fianaise eolaíoch inchomparáide a bhailiú maidir le raon feidhme agus gné na saincheiste i Margadh Aonair an Aontais. Seo a leanas cuspóirí na modheolaíochta sin:

Sé Phrionsabal maidir le táirgí bia a roghnú agus a thástáil
1. Trédhearcacht - Comhoibriú agus cumarsáid ar bhonn níos fearr idir na páirtithe uile
- Díospóidí a laghdú dá réir
2. Céimeanna sa mheasúnú - Earraí a roghnú --> plean samplála --> samplaí a scrúdú chun torthaí tástála a fháil --> cinneadh maidir le beart leantach
3. Inchomparáideacht - Aird chuí a thabhairt do tháirgí a roghnú, a shampláil agus a thástáil chun a áirithiú go bhfuil na torthaí inchomparáide agus iontaofa
4. Critéir maidir le measúnú - Curtha i bhfeidhm ar bhonn eolaíoch agus ar bhonn comhsheasmhach
- Modhanna praiticiúla agus cost-éifeachtacha atá ceaptha le haghaidh táirgí ar leith a thástáil
- Saotharlanna tástála creidiúnaithe agus modhanna tástála bailíochtaithe
5. Cuimsitheacht - Rannpháirtíocht chóir chothrom an bpáirtithe lena mbaineann: oibreoirí gnólachtaí bia, údaráis, ionadaithe tomhaltóirí
6. Cothroime - Branda a roghnú lena thástáil agus sciartha den mhargadh á gcur san áireamh
- Ceanglais rúndachta a urramú

Tar éis óráid a thug an tUachtarán Juncker maidir le Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún tús le snáitheanna gníomhaíochta éagsúla. Ar cheann amháin acu sin bhí an maoiniú a chuir sé ar fáil le haghaidh forbairt agus cur chun feidhme na modheolaíochta tástála coitinne le €1 mhilliún ó Chlár Tomhaltóirí 2017, snáithe a bhfuil tábhacht ag baint leis. Rinneadh é sin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an dá leibhéal cáilíochta, dár thug an Coimisiún beagnach €5 mhilliún ó bhuiséad an Aontais. Cabhraíonn torthaí an fheachtais tástála le húdaráis inniúla na mBallstát a n-imscrúduithe décháilíochta a bhunú ar bhonn fianaise fónta.

Soiléiriú ar an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí agus ar fhorbairt acmhainní

Ag an am céanna, mhol an Coimisiún an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí a shoiléiriú mar chuid dá thionscnamh reachtach maidir le Margadh Nua do Thomhaltóirí 2018. Leis an leasú reachtach seo, a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Samhain 2019, soiléirítear cén uair a chuireann cleachtais ‘décháilíochta’ tomhaltóirí amú agus cén uair atá siad contrártha leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha.

Chomh maith leis an soiléiriú reachtach agus an chomparáid uile-Aontais idir gnéithe cáilíochta de tháirgí bia, leanann an Coimisiún de bheith ag tabhairt faoi thuilleadh aimsithe fíoras agus déanann sé cómhaoiniú a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát agus do na heagraíochtaí neamhrialtasacha:

Tábla 1: Gníomhaíochtaí a bhaineann le saincheist na décháilíochta, gníomhaíochtaí atá á maoiniú ag creidmheasanna an Aontais ó 2017 i leith
Gníomh/Cuspóir Staid na himeartha/toradh Maoiniú ón Aontas
Staidéir chun eolas ar shaincheist na décháilíochta a fheabhsú
Staidéar an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ar an réasúnaíocht eacnamaíoch atá taobh thiar de dhifreálacha táirgí agus a dtionchar ar thomhaltóirí In Eanáir 2020 chuir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde na chéad torthaí i láthair a léiríonn go bhfuil roghanna na dtomhaltóirí ilchineálach agus éagsúil ar fud réigiúin gheografacha agus catagóirí táirgí. Faoi mhí an Mheithimh 2022 tá sé d’aidhm aige freisin anailís a dhéanamh ar an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar na difríochtaí i ndearadh an phacáistithe ar tháirgí bia a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad comhionann. Déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar na táirgí a áirítear i dtástálacha 2019 thuasluaite. €1,430,000
Tionscadail forbartha acmhainní
Deontais ghníomhaíochta 2017 d’údaráis um fhorfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí Fuair údaráis um chosaint tomhaltóirí (CCT) ón mBulgáir, ón Ungáir, ón Liotuáin agus ón tSlóvaic cómhaoiniú, i.e. chun trealamh tástála a cheannach agus tástálacha a dhéanamh. Táthar ag súil go gcuirfear na tionscadail ar fad i gcrích faoi lár na bliana 2021. Circa €421,000
Deontais ghníomhaíochta d’eagraíochtaí tomhaltóirí i gcomhpháirtíocht le heintitis phoiblí/phríobháideacha neamhbhrabúis Tá cistiú faighte ag cúig thionscadal lena dtugtar eagraíochtaí éagsúla tomhaltóirí, eintitis phoiblí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ó Bhallstáit éagsúla le chéile le haghaidh gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na cumais tástála a neartú agus malartú na ndea-chleachtas a chur chun cinn i measc na ngníomhaithe rannpháirteacha. Táthar ag súil go mbeidh na tionscadail sin curtha i gcrích faoin dara leath de 2021. Circa €1,186,000
Staidéar féidearthachta chun catagóirí áirithe earraí seachas bia a thástáil agus chun buanionad monatóireachta a chruthú Tá tionscadal nua á sheoladh faoi láthair ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, arb é is aidhm dó raon mhodheolaíocht tástála chomhchoiteann 2019 a leathnú chun go gclúdófar cosmaidí agus glantaigh agus bealaí a mheas chun faisnéis chomparáideach a bhailiú go rialta. Táthar ag súil go dtabharfar an tionscadal chun críche i dtosach 2022.

€900,000

 

Décháilíocht Bhia: Ceisteanna agus Freagraí

Athbhreithniú ar dhlí tomhaltóirí an Aontais – Margadh Nua do Thomhaltóirí