Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 20 Nollaig 2023
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Dul chun cinn mór bainte amach ag an Aontas i dtreo comhchórais chun an imirce a bhainistiú

 

Ní mór an imirce a bhainistiú ar bhealach daonnúil díniteach agus is dul chun cinn mór i dtreo comhchórais chun an imirce a bhainistiú san Aontas atá sna comhaontuithe is déanaí ar tháinig an tAontas orthu inniu maidir leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann

Thángthas inniu ar chomhaontú maidir le cúig phríomhchomhad den Chomhshocrú. Déanfar an méid seo a leanas leis na bearta sin:  

  • sásra nua dlúthpháirtíochta a bhunú i measc thíortha an Aontais chun líon na n-iarratas ar thearmann a chomhroinnt eatarthu
  • nósanna imeachta tearmainn, fillte agus teorann a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos solúbtha
  • a chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach ullamh amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna
  • sonraí níos cruinne a bhailiú chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a bhrath
  • rialacha aonfhoirmeacha a chruthú maidir le náisiúnaigh nach den Aontas iad a shainaithint, agus an tslándáil a mhéadú laistigh de limistéar Schengen dá bharr sin

Léiríonn an comhaontú ar thángthas air inniu an tiomantas chun an imirce a bhainistiú ar bhealach cóir ordúil, rud a chuirfidh ar a gcumas don Aontas aistriú ó réitigh ad hoc go réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe. Ag dul ar aghaidh, tá an Coimisiún tiomanta comhaontú a chinntiú ar chomhaid uile an Chomhshocraithe faoi dheireadh an tsainordaithe reachtaigh seo i mí an Mheithimh 2024. 

Tuilleadh eolais 

Preaseisiúint: Is díol sásaimh don Choimisiún an dul chun cinn mór atá déanta ag an bParlaimint agus ag an gComhairle maidir leis an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann

Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen i ndáil leis an gcomhaontú polaitiúil i dtaca leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

Imirce agus tearmann

Comhaontú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann a bhaint amach

An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Nollaig 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide