Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Alt nuachta
  • 6 Lúnasa 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Earraí tomhaltais is féidir leat a iompar i do chás taistil

Holiday planning in Europe

 

In ainneoin na saorghluaiseachta earraí laistigh den Aontas Eorpach, tá rialacha áirithe ann maidir le hearraí tomhaltais áirithe a thabhairt ó thír amháin go tír eile laistigh den Aontas. Mura gcloítear leis na liúntais shocraithe, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó thír go tír, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí do chuid earraí a choigistiú, nó d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort nó fiú ionchúiseamh coiriúil a chur ort. 

Taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach 

Má tá tú ag taisteal laistigh den Aontas, an dea-scéal atá ann ná gur féidir leat aon táirge feola nó déiríochta a thabhairt leat fad is gur le haghaidh do thomhaltais phearsanta féin atá siad. Is amhlaidh atá i gcás bláthanna gearrtha, torthaí nó glasraí fad is gur i dtír den Aontas a fásadh iad agus go bhfuil siad saor ó lotnaidí agus ó ghalair. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin nuair a bhíonn tú ag tabhairt táirgí feola, déiríochta nó plandaí leat i do bhagáiste, nó má ordaíonn tú ar líne iad nó má sheolann tú tríd an bpost iad.  

Mar sin féin, tá teorainneacha ann maidir le bainne púdraithe do leanaí (níos lú ná 10 kg), bia do leanaí, bianna atá ag teastáil ar chúiseanna leighis, agus beatha speisialta do pheataí. 

Maidir le halcól agus tobac, tá tú i dteideal táirgí den sórt sin a iompar, ar choinníoll go bhfuil siad le húsáid agat féin agus nach bhfuil siad le hathdhíol. Is féidir le gach tír san Aontas a treoirluachanna féin a leagan síos maidir leis na cainníochtaí is féidir leat a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní féidir na luachanna sin a bheith níos ísle ná leibhéil na dtreoirlínte atá ann ar leibhéal an Aontais: 800 toitín, 1 kg de thobac, 10 lítear de bhiotáille, 20 lítear d’fhíon treisithe, 90 lítear d’fhíon agus 110 lítear de bheoir. 

Níl aon rialacha uile-Aontais ann maidir le taisteal idir na tíortha san Aontas agus airgead tirim á iompar agat. Mar sin féin, ba cheart duit seiceáil a dhéanamh i gcónaí leis na húdaráis chustaim áitiúla, sula dtaistealaí tú, an bhfuil rialacha áitiúla ann sa tír óna n-imíonn tú, sa tír idirthurais agus sa tír a bhfuil tú ag taisteal chuici. 

Má bhíonn fadhb agat le hearraí lochtacha, le hábhar digiteach lochtach nó le seirbhís dhigiteach lochtach a ceannaíodh in aon tír san Aontas agus tú thar lear, is féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír féin cabhrú leat. Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi do chearta faoin dlí náisiúnta, déan seiceáil ar na rialacha sonracha maidir le ráthaíochtaí dlíthiúla agus barántaí tráchtála sa tír inar cheannaigh tú an táirge nó seirbhís. 

Taisteal chuig an Aontas Eorpach ó thír nach bhfuil san Aontas 

Má tá tú ag taisteal chuig an Aontas ó thír nach bhfuil san Aontas, níl cead agat aon táirge feola ná déiríochta a thabhairt leat. Mar sin féin, is féidir leat méid teoranta torthaí agus glasraí a thabhairt leat chomh maith le huibheacha, táirgí uibhe agus mil. Ceadaítear cainníochtaí srianta éisc nó táirgí éisc freisin. rialacha dochta ag formhór na dtíortha den Aontas maidir le hainmhithe nó plandaí atá i mbaol a thabhairt leat, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh cead de dhíth ort.  

Is féidir leat earraí áirithe a thabhairt isteach san Aontas leat saor ó CBL agus ó dhleachtanna máil freisin mura bhfuil siad le hathdhíol agus má chloíonn tú leis na teorainneacha socraithe. Mar shampla, is féidir leat 4 lítear d’fhíon socair agus 16 lítear de bheoir a thabhairt isteach. Ina theannta sin, is féidir leat 1 lítear de bhiotáille os cionn 22% de réir toirte (amhail vodca nó jin) nó 1 lítear d’alcól gan dínádúrú (alcól eitile) 80% de réir toirte nó 2 lítear d’fhíon treisithe (mar shampla seiris nó pórtfhíon) nó d’fhíon súilíneach a thabhairt leat. Maidir le tobac, ba cheart duit seiceáil a dhéanamh ar na teorainneacha atá sonraithe ag na húdaráis chustaim sa tír den Aontas a bhfuil tú ag taisteal chuici.  

I gcás earraí eile, cumhrán san áireamh, is féidir leat luach suas le €300 a iompar in aghaidh an taistealaí nó €430 i gcás taistealaithe d’aer agus de mhuir. Cuireann roinnt tíortha den Aontas íosteorainn €150 i bhfeidhm maidir le taistealaithe faoi bhun 15 bliana d’aois. Agus má tá tú ag tiomáint leat san Aontas, is féidir leat 10 lítear (ar a mhéad) breosla a iompar leat i gcoimeádán iniompartha, sa bhreis ar an mbreosla atá in umar breosla d’fheithicle.  

Má tá sé beartaithe agat dul isteach san Aontas nó dul amach as agus €10,000 in airgead tirim agat (nó a choibhéis sin in airgeadraí eile), ní mór duit é a dhearbhú do na húdaráis chustaim sa tír den Aontas a bhfuil tú ag dul isteach inti nó ag dul amach aisti, trí úsáid a bhaint as foirm dhearbhúcháin airgid thirim de chuid an Aontais. Mura gcuireann tú foirm dhearbhúcháin airgid thirim isteach, nó má tá an fhoirm dhearbhúcháin airgid thirim mícheart nó neamhiomlán, beidh tú faoi réir pionós. 

Tuilleadh eolais 

Cad é is féidir leat a thabhairt leat agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach? 

Siopadóireacht san Aontas

Foirm dhearbhúcháin airgid thirim de chuid an Aontais 

Suíomhanna gréasáin náisiúnta custaim 

Cearta Paisinéirí san Aontas Eorpach 

Árachas sláinte agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach 

Taisteal le do pheataí san Aontas Eorpach 

Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí 

Taisteal san Eoraip 2024 

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Lúnasa 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide