Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta27 Márta 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Pleananna le haghaidh céim Eorpach leathnaithe amach ag an gCoimisiún

Erasmus students inscription for the Spring Semester of the Free University of Berlin

 

Inniu táimid céim amháin níos gaire do chéim Eorpach a chruthú, clár comhpháirteach deonach nua idir ollscoileanna ó thíortha éagsúla an Aontais a aithneofar ar fud an Aontais. Tagann sin tar éis don Choimisiún pacáiste a chur i láthair chun comhar trasteorann idir institiúidí ardoideachais a chur chun cinn.

Rachaidh céim Eorpach chun tairbhe do mhic léinn trí bhorradh a chur faoin tsoghluaisteacht foghlama agus trí chéimithe a dhéanamh níos tarraingtí d’fhostóirí. Ag an am céanna, cuideoidh sé le freastal ar éileamh mhargadh an tsaothair, rud a chuirfidh borradh faoi iomaíochas na hEorpa ar deireadh.

Tá trí thionscnamh mar chuid den phacáiste, ar tionscnaimh iad a théann i ngleic leis na bacainní dlí agus riaracháin a bhaineann le cláir iomaíocha céime comhpháirtí a chur ar bun ar leibhéal Baitsiléara, Máistreachta nó Dochtúireachta. Rud atá tábhachtach, déantar an méid sin agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas ollscoileanna agus d’inniúlacht thíortha an Aontais agus rialtas áitiúil i réimse an ardoideachais.

Is é an chéad cheann de na tionscnaimh sin an treoirphlean le haghaidh céim Eorpach, lena leagtar amach conair nithiúil comhair idir tíortha an Aontais agus earnáil an ardoideachais. I bhfianaise éagsúlacht na gcóras ardoideachais Eorpach, leanfaidh sin cur chuige céim ar chéim ina mbeidh dhá phointe iontrála fhéideartha

  • lipéad Eorpach ullmhúcháin: thabharfaí lipéad Eorpach ullmhúcháin do chláir chomhpháirteacha a chomhlíonann na critéir Eorpacha atá beartaithe agus gheobhadh mic léinn deimhniú lipéid céime Eorpaí mar aon lena gcéim chomhpháirteach
  • céim Eorpach: cineál nua cáilíochta atá fréamhaithe sa reachtaíocht náisiúnta, a bhronnann roinnt ollscoileanna nó eintiteas dlíthiúil coiteann arna bhunú ag na hollscoileanna sin go comhpháirteach, agus a aithnítear go huathoibríoch

Chun tacú leis sin agus chun tacú leis an earnáil ardoideachais ar bhonn níos ginearálta, tá dhá thionscnamh eile sa phacáiste. Féachann ceann amháin ar bhealaí chun próisis dearbhaithe cáilíochta agus aitheantas uathoibríoch ar cháilíochtaí san ardoideachas a fheabhsú, agus féachann an ceann eile ar conas gairmréimeanna acadúla a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe.

Tuilleadh eolais

Suíomh gréasáin tiomnaithe maidir leis an bPacáiste Ardoideachais

Bileog eolais maidir leis an gcéim Eorpach

Erasmus+

Preaseisiúint: Pleananna le haghaidh céim Eorpach leathnaithe amach ag an gCoimisiún

Sonraí

Dáta foilsithe
27 Márta 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide