Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 15 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

An bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn maidir le deireadh a chur leis an idirdhealú san Aontas Eorpach?

multi-ethnic university students walking against building in campus

 

San Aontas Eorpach, tá cosc de réir dlí ar idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras ar bith. Go fóill féin, tá lear mór daoine ann a bhíonn thíos leis an idirdhealú gach lá. Chun dul i ngleic leis sin, ó 2020 i leith tá an Coimisiún tar éis tionscnaimh nua in aghaidh an chiníochais agus an fhrithsheimíteachais a chur chun cinn, agus tionscnaimh do dhaoine LADTIA agus do phobail na Romach freisin. Foilsíodh tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na ceithre cinn acu sin le déanaí.

Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil le Straitéis an Aontais 2021-2030 maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú inné, agus tugtar le fios inti go bhfuil gníomhaíocht déanta ag formhór na mBallstát i gcoinne an fhrithsheimíteachais ó 2021 i leith, 23 straitéis náisiúnta i gcoinne an fhrithsheimíteachais ina measc. 

Ina ainneoin sin, tá méadú tagtha ar theagmhais fhrithsheimíteacha, go háirithe ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 i leith. Sin é an fáth ar chuir an Coimisiún dlús le cur i bhfeidhm straitéis an Aontais, an fáth ar chuir sé maoiniú ar fáil do shlándáil áitreabh Giúdach, an fáth a bhfuil sé ag forbairt líonra tiomnaithe eagraíochtaí atá speisialaithe sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais ar líne, agus an fáth a bhfuil sé ag tacú le bunú ‘Líonra áiteanna inar tharla an tUileloscadh’. 

Is í sin an ceathrú tuarascáil i sraith tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis an bhfrith-idirdhealú a d’fhoilsigh an Coimisiún ó bhí mí Mheán Fómhair 2024 ann. Féachtar iontu ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le príomhstraitéisí an Aontais chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta frithchiníochais a bhunú, tacaíocht do phobail na Romach a neartú agus idirdhealú LADTIA a laghdú. Tagtar ar an gconclúid iontu go bhfuil méadú tagtha ar an gciníochas agus ar an bhfuath i leith daoine LADTIA le blianta beaga anuas. 

Dá bhrí sin, moltar do thíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh agus a chur i gcrích ar bhealach níos fearr 
  • dlús a chur lena mbailiú sonraí 
  • spriocanna uaillmhianacha a leagan síos chun an dul chun cinn atá déanta acu a thomhas maidir le cuimsiú na Romach

Tosaíocht fós is ea gach cineál fuatha agus idirdhealaithe a chomhrac, agus is tosaíocht a bheidh ann sna blianta amach romhainn. Sna cúig bliana amach romhainn, tá sé beartaithe ag an Uachtarán von der Leyen straitéis athnuaite um chomhionannas LADTIA a chur i láthair don tréimhse tar éis 2025, straitéis nua um an bhfrithchiníochas, agus a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil le creat straitéiseach an Aontais a chur i bhfeidhm um chomhionannas na Romach.

Tuilleadh eolais

An comhionannas agus an cuimsiú: príomhghníomhaíochtaí

EU Strategy on combating antisemitism and fostering Jewish life (2021 - 2030)

EU Anti-racism Action Plan 2020-2025

LGBTIQ+ equality strategy 2026 - 2030

Creat Straitéiseach 2020-2030 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach – Tuarascáil mheántéarmach

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide