Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gnéithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta den Chairt

An gaol idir an Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Go neamhspleách ar a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, tá gealltanais tugtha ag na Ballstáit faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD). Is conradh idirnáisiúnta é atá dírithe ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, arna dhréachtú ag Comhairle na hEorpa. Is í an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, cúirt arna bunú ag Comhairle na hEorpa, a chinntíonn go n-urramaítear CECD.

Nuair atá cearta sa Chairt a eascraíonn ó CECD, is ionann brí agus raon feidhme na gceart dóibh. Neartaíonn an Chairt cosaint na gceart bunúsach san Aontas.

Ciallaíonn sé sin gur féidir leat – mar rogha dheireanach tar éis duit gach leigheas atá ar fáil i do thír féin a thriail — caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine má tá amhras ort gur sháraigh Ballstát CECD. Mar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, áfach, níl aon chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach maidir le nósanna imeachta na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus níl sé in ann bearta a dhéanamh i ndáil le gearáin a chuirtear faoi bhráid na cúirte sin. 

Féach seicliosta inghlacthachta na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine

Cliceáil anseo chun tabhairt faoi chúrsa Chomhairle na hEorpa maidir le Réamhrá do Chosaint Chearta an Duine san Eoraip – Idirghníomhú idir CECD agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le cearta an duine

Oibríonn an tAontas chun a luachanna bunaidh a chaomhnú agus a chur chun cinn freisin ina ghníomhaíocht sheachtrach, urraim do chearta an duine san áireamh. Go háirithe, oibríonn an tAontas go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine, cuir i gcás na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa

Féach leat gníomhaíochtaí an Aontais maidir le cearta an duine

Déantar tosaíochtaí maidir le comhar an Aontais le Comhairle na hEorpa a shainiú gach dara bliain i gConclúidí tiomnaithe ón gComhairle. Ina theannta sin, trí chlársceidealú comhpháirteach, maoiníonn an tAontas tionscadail a rannchuidíonn le spriocanna coiteanna an dá eagraíocht.