Cúnamh daonnúil
Cuireann Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil (AS ECHO) sa Choimisiún Eorpach fóirithint ar fáil i ngach limistéar mórghéarchéime ar fud an domhain, agus cuireann sí cúnamh ar fáil freisin chun rioscaí tubaiste a laghdú.
Tíortha agus réigiúin ina gcuireann an Coimisiún cabhair dhaonnúil ar fáil
Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
Tá an Roinn um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta sa Choimisiún Eorpach i gceannas ar an mbeartas maidir le comhar um fhorbairt i gcreat níos leithne comhair idirnáisiúnta, agus cuireann sí í féin in oiriúint do riachtanais athraitheacha na dtíortha comhpháirtíochta. Cuimsítear leis sin comhar le tíortha i mbéal forbartha ag céimeanna éagsúla forbartha.
Tíortha agus réigiúin ina gcuireann an Coimisiún cabhair um fhorbairt ar fáil