Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An chaoi le dul i gcomhpháirtíocht dhaonnúil

Oibríonn an Coimisiún Eorpach le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun cúnamh daonnúil a sholáthar ar fud an domhain.

Oibríonn an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO) sa Choimisiún Eorpach le breis agus 200 eagraíocht chomhpháirtíochta chun cúnamh daonnúil a sholáthar ar fud an domhain. Ar na comhpháirtithe daonnúla tá eagraíochtaí neamhrialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, agus gníomhaireachtaí speisialaithe de chuid Bhallstáit an Aontais.

Tá sé tábhachtach éagsúlacht comhpháirtithe a beith ag ECHO mar cuireann sé sin ar a chumas dó clúdach cuimsitheach a dhéanamh ar an éileamh ar chabhair dhaonnúil ar fud an domhain, ar éileamh é nach stadann de bheith ag méadú ná de bheith ag éirí níos casta Tá dlúithe curtha ag ECHO lena chaidreamh oibre lena chuid comhpháirtithe ar leibhéal na saincheisteanna beartais agus ar leibhéal na bainistíochta ar oibríochtaí daonnúla araon.

Tá tuilleadh eolais faoi na comhpháirtithe atá ann, na cineálacha comhpháirtíochta, agus na nósanna imeacht le dul gcomhpháirtíocht, tá sin le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhpháirtithe ECHO.