Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

A ndéanann an Coimisiún Eorpach – an dlí

Príomhróil an Choimisiúin i réimse an dlí

Molann an Coimisiún dlíthe atá i gcomhréir le cuspóirí chonarthaí an Aontais agus cuireann sé na dlíthe sin i bhfeidhm. Molann sé do ghnólachtaí agus do shaoránaigh páirt a ghlacadh sa phróiseas reachtóireachta agus féachann sé chuige go ndéantar dlíthe an Aontais a chur chun feidhme i gceart, a mheasúnú agus a nuashonrú nuair is gá.

Na réimsí inar féidir leis an Aontas dlíthe a thabhairt isteach

Gach beart a dhéanann an tAontas Eorpach, bíonn sé bunaithe ar na conarthaí, conarthaí atá faofa na Ballstáit go daonlathach. Comhaontuithe ceangailteacha idir na Ballstáit is ea na conarthaí, ina leagtar amach cuspóir an Aontais Eorpaigh, na rialacha atá infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, an chaoi a ndéantar cinntí agus an gaol atá idir an tAontas agus na Ballstáit. Dúshraith dhlí an Aontais iad na conarthaí.

Ní féidir leis an Aontas Eorpach gníomhú ach sna réimsí sin ar údaraigh na Ballstát dó gníomhú iontu, trí bhíthin na gconarthaí. Sonraítear sna conarthaí cé na réimsí inar féidir dlíthe a rith agus cé a bhfuil sé de chumhacht aige dlíthe a rith : an tAontas, rialtais na mBallstát nó an dá cheann acu.

Na cineálacha dlíthe atá ag an Aontas Eorpach 

Réimsí gníomhaíochta an Aontais 

Dlíthe a mholadh

Ar an gCoimisiún atá sé de chúram dlíthe nua AE a bheartú, a ullmhú agus a mholadh. Tá sé de cheart aige sin a dhéanamh ar a thionscnamh féin. Caithfidh gach togra a mholann sé leas an Aontais agus leas shaoránaigh an Aontais trí chéile a dhéanamh. Cuireann an Coimisiún na tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus caithfidh an dá institiúid sin a glacadh leo sula bhféadfar dlí a dhéanamh díobh.

Dlí a ullmhú agus a mholadh

Rialáil níos fearr

Tá sé de cheart ag saoránaigh, ag gnólachtaí, ag an tsochaí shibhialta agus ag aon gheallsealbhóir eile páirt a ghlacadh i bpróiseas reachtóireachta an Aontais. Rialáil níos fearr a thugtar air sin.

Is ar bhonn fianaise agus i bhfianaise thuairimí na saoránach agus na ngeallsealbhóirí a mholann an Coimisiún dlíthe nua.

Rialáil níos fearr: cén fáth agus cén chaoi?

Rialacha cur chun feidhme a cheapadh

Ón uair atá dlí de chuid an Aontais tugtha isteach, féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh nó Parlaimint na hEorpa údarú a thabhairt don Choimisiún dhá chineál gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh, mar atá gníomhartha cur chun feidhme (d’fhonn deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na dlíthe chun feidhme i gceart) agus gníomhartha tarmligthe (d’fhonn deimhin a dhéanamh de go nuashonraítear na dlíthe más gá chun forás i réimse ar leith a chur san áireamh).

Gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe 

Deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlíthe chun feidhme i gceart

Ar an gCoimisiún atá sé de chúram monatóireacht a dhéanamh féachaint an bhfuil dlíthe an Aontais á gcur chun feidhme i gceart. Is i ngeall ar an gcúram sin a bheith air a ghairtear 'caomhnóir na gconarthaí' den Choimisiún.

Mura ndéanann Ballstát treoir a thrasuí ina hiomláine sa dlí náisiúnta aige faoin sprioc-am atá leagtha síos nó mura gcuireann sé dlí de chuid an Aontais i bhfeidhm i gceart, déanann an Coimisiún beart.

Mura gcuireann na húdaráis náisiúnta dlí an Aontais chun feidhme i gceart, féadfaidh an Coimisiún tús a chur, ar bhonn foirmiúil, le himeachtaí um shárú in aghaidh an Bhallstáit atá i gceist.

Monatóireacht ar chur chun feidhme Threoracha an Aontais 

Nós imeachta um shárú

Dlíthe a mheasúnú agus a nuashonrú

Déanann an Coimisiún meastóireacht go rialta ar bheartais an Aontais féachaint an bhfuil siad ag fónamh do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa.

Cuirtear torthaí na meastóireachta sin san áireamh nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún leanúint de ghníomhaíochtaí ar leith nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh ina n-ionad.

Tá clár ag an gCoimisiún ar a dtugtar REFIT, agus is é is aidhm don chlár sin dlíthe a shimpliú agus cur i bhfeidhm dlíthe a dhéanamh níos neamhchostasaí. Chun na críche céanna, déanann sé meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta (is é sin roinnt gníomhaíochtaí gaolmhara a mheas le chéile).

Mar chuid den chlár oibre um rialáil atá ag an gCoimisiún, is féidir le duine ar bith aiseolas a thabhairt faoi mheastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta atá beartaithe agus páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí faoi mheastóireachtaí atá ar siúl.

Dlíthe a mheas