Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta

Le Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit uile.

Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

I dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, agus caibidlí na dtíortha freisin, a bhfuil 27 acu ann, déantar scrúdú ar fhorbairtí ar fud na mBallstát, bíodh siad dearfach nó diúltach, i gceithre phríomhréimse i dtaca leis an smacht reachta: an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Agus na réimsí sin á scrúdú aige, lean an Coimisiún dá mheasúnuithe a dhoimhniú agus d’obair leantach a dhéanamh maidir leis na dúshláin agus na forbairtí a sainaithníodh sa dá thuarascáil roimhe seo.

Cumhdaítear sa tuarascáil freisin, den chéad uair, roinnt topaicí nua a tháinig chun cinn mar ábhair ábhartha chun an smacht reachta a chinntiú, amhail meáin na seirbhíse poiblí agus forléargas ar chur chun feidhme bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Is ionann na topaicí sin a chur isteach freisin agus iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó pháirtithe leasmhara.

I gcaibidlí na dtíortha, a bhraitheann ar mheasúnú cáilíochtúil ón gCoimisiún, déantar anailís ar fhorbairtí nua ó foilsíodh an tuarascáil roimhe seo agus ó rinneadh an obair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh i dTuarascáil 2021.

Tá an Tuarascáil mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais Eorpaigh a luachanna a chur chun cinn agus a chosaint. San obair seo freisin tá an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus an Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme, mar aon le straitéisí spriocdhírithe a thabhairt ar aghaidh i dtreo ‘Aontas an Chomhionannais’. Gné ghaolmhar eile is ea monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh agus cosaint ceart bunúsach faoin gCairt, mar aon le húsáid imeachtaí um shárú.

Ón mbliain seo ar aghaidh, tá moltaí sonracha do na Ballstáit uile sa Tuarascáil freisin. Ós cur chuige coisctheach atá ag an Tuarascáil, is é is cuspóir do na moltaí cúnamh a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát athchóirithe a chur chun cinn, forbairtí dearfacha a spreagadh, agus cásanna a aithint inarbh fhéidir go mbeadh gá le feabhsuithe nó le hobair leantach ar athruithe nó athchóirithe a cuireadh i gcrích le déanaí, ar bhonn idirphlé leanúnach leo.

D’ullmhaigh an Coimisiún an tuarascáil seo bunaithe ar idirphlé leanúnach leis na Ballstáit, agus an fhreagracht pholaitiúil as a mheasúnú agus na moltaí a eisíodh á caomhnú aige an tráth céanna. Déanfar obair leantach sa chéad eagrán eile ar na forbairtí agus déanfar measúnú ar chur chun feidhme na moltaí atá ann.

2022 Rule of law report - Communication and country chapters

Modheolaíocht

Ullmhaíodh an measúnú atá sna 27 gcaibidil tíre i gcomhréir leis an modheolaíocht a tugadh cothrom le dáta in 2022, tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit, d’fhonn na moltaí a cuireadh san áireamh sa Tuarascáil a léiriú freisin. Níl sé i gceist le caibidlí na dtíortha cur síos uilechuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an smacht reatha i ngach ceann de na Ballstáit aonair, ach is é atá i gceist forbairtí suntasacha a chur i láthair. Tagraíonn an measúnú do cheanglais dhlí an Aontais, agus na ceanglais sin a tháinig ó chásdlí CBAE san áireamh. Sa bhreis air sin, is úsáideach an creat tagartha iad na moltaí agus na tuairimí ó Chomhairle na hEorpa, sin creat tagartha do chaighdeáin ábhartha agus do na cleachtais is fearr.

Is a bhuí le dlúthchomhar leis na Ballstáit a tháinig ann don Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus braitheann sí ar roinnt foinsí éagsúla. Iarradh ar na Ballstáit aighneachtaí i scríbhinn a chur isteach agus ghlac siad páirt i gcuairteanna ar leith ar thíortha a reáchtáladh idir mí Feabhra agus mí Aibreáin. I gcás na gcuairteanna sin, d’eagraigh an Coimisiún níos mó ná 500 cruinniú ar líne le húdaráis náisiúnta, comhlachtaí neamhspleácha agus páirtithe leasmhara, eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina measc. Thairis sin, fuarthas ionchur luachmhar, idir chothrománach agus thírshonrach, ó chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara. Rinne Comhairle na hEorpa forbhreathnú ar a tuairimí a thug sí le déanaí agus ar a tuarascálacha chomh maith faoi Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Sular glacadh leis an tuarascáil, tugadh an deis do na Ballstáit eolas nuashonraithe fíorasach faoi chaibidil a dtíre féin a sholáthar.

An líonra de phointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachta ar bunaíodh é in 2020 chun cuidiú leis an sásra a chur ar bun, is cainéal cumarsáide leis na Ballstáit é fós chun an Tuarascáil a ullmhú agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt.

2022 Rule of law report - methodology

Ionchur ó na Ballstáit

Iarradh ar gach Ballstát faisnéis a sholáthar faoi fhorbairtí suntasacha, go háirithe ó glacadh Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, agus an fhaisnéis sin bunaithe ar cheistneoir nuashonraithe a pléadh leis na Ballstáit. Tá an t-ionchur bunaithe ar cheithre cholún atá cumhdaithe sa Tuarascáil - an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin - agus soláthraíodh i dteimpléad comhaontaithe é. I ngeall ar an gcomhroinnt eolais le linn cuairteanna ar na tíortha agus sonraí ábhartha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara eile, cuireadh leis an ionchur i scríbhinn a rinne na Ballstáit.

2022 Rule of Law report - input from Member States

Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Mar chuid den ullmhúchán do Thuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil trí chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 24 Eanáir 2022. A bhuí leis an gcomhairliúchán, fuarthas breis agus 220 aighneacht chothrománach agus thír-shonrach ó réimse leathan gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, líonraí Eorpacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus Eorpacha agus comhlachais ghairmiúla mar aon le gníomhaithe idirnáisiúnta agus Eorpacha. An t-eolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán sin, chuir sé torthaí fíorasacha maidir le forbairtí sna Ballstáit ar fáil do mheasúnú an Choimisiúin.

2022 Rule of law report - targeted stakeholder consultation

Documents

13 IÚIL 2022
2022 Rule of law report - methodology

13 IÚIL 2022
EU’s rule of law toolbox - factsheet

13 IÚIL 2022
The European rule of law mechanism - factsheet