Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun slándáil bia an domhain a fheabhsú

Wheat ear close up and yellow field with blue sky like Ukrainian flag
© Mykola Mazuryk / Adobe Stock

Córais bhia ar fud an domhain a neartú trí chúnamh daonnúil agus comhar idirnáisiúnta

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Araibis | العربية | Svahaílis | Ciosvahaílis

Mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá an tslándáil bia á cur i mbaol ar na milliúin daoine ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ísealioncaim a bhíonn ag brath ar iompórtálacha bia agus leasacháin.

Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas Eorpach lena chinntiú go ndéanfar slándáil bia ar fud an domhain a athbhunú tríd an gcomhar idirnáisiúnta. Tá cabhair dhaonnúil agus tacaíocht dhaonnúil á slógadh aige freisin do na feirmeoirí is mó atá thíos leis.

Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin le haireachtáil ar fud an domhain. Baineann sé le saolta agus slite beatha na milliún daoine ar fud an domhain, daoine a bhfuil imní orthu nach mbeidh sé ar a n-acmhainn a dteach a théamh nó bia a thabhairt dá bpáistí.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
ursula von der leyen

Tá an ghéarchéim dhomhanda bhia á cur chun cinn i ngeall ar fhogha na Rúise

Bhí tionchar ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an toirt ar an tslándáil bia do na milliúin daoine ar fud an domhain. Tá méadú tagtha ar chostais feadh shlabhra an tsoláthair bia. Tá an méadú ar chostais fuinnimh agus leasacháin tar éis na margaí talmhaíochta a dhíchobhsú, agus cuireadh isteach ar shreafaí trádála chuig an Úcráin agus chuig an Rúis agus amach astu.

planet earth graphic

Is í an Úcráin léi féin a chuireann níos mó ná an leathchuid de sholáthar cruithneachta an Chláir Dhomhanda Bia ar fáil. Mar gheall ar an ionsaí sliogán agus ar an mbuamáil, ní féidir le feirmeoirí na hÚcráine barra a shíolú.

growth graphic

Tá an Rúis ag díriú agus ag scriosadh innealra talmhaíochta, stoc bia, agus acmhainneachtaí próiseála agus iompair san Úcráin d’aon turas.

cargo ship graphic

Tá an Rúis ag srianadh easpórtálacha bia agus ag blocáil na céadta long atá líonta le cruithneacht sa Mhuir Dhubh.

target

Smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis agus ar an mBealarúis, ní dhíríonn siad ar earnáil na talmhaíochta. Díolmhaítear ceannach, iompórtáil agus iompar táirgí talmhaíochta agus bia ón toirmeasc ar shoithí a bhfuil bratach na Rúise ar foluain acu.

Freagairt an Aontais

Tá an tAontas Eorpach, mar chomhpháirtí iontaofa le fada ag tíortha ar fud an domhain, ag obair chun an tslándáil bia dhomhanda a chinntiú agus chun córais bhia athléimneacha a fhorbairt.

Níl fáil ar bhia san Aontas i mbaol faoi láthair, i ngeall go bhfuil an mhór-roinn sách féinleorga i dtaca le go leor táirgí talmhaíochta. Mar sin féin, is glan-iompórtálaí é earnáil na talmhaíochta de tháirgí ar leith, cuir i gcás próitéin beatha. An leochaileacht sin, in éineacht le hardchostais ionchuir, cuir i gcás leasacháin agus fuinneamh ó fhoinsí iontaise, is iad is cúis le dúshláin táirgthe d’fheirmeoirí agus tá an baol ann go dtiocfaidh ardú ar phraghsanna bia dá bharr.

Tá réimse gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha á moladh ag an gCoimisiún Eorpach chun an tslándáil dhomhanda bia a fheabhsú agus chun tacú le feirmeoirí agus le tomhaltóirí an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna bia agus ar chostais ionchuir.

Is sinne atá:

Logistics graphic

ag cuidiú chun grán a bhaint amach as an Úcráin

Supporting people graphic

ag tacú le pobail leochaileacha

food production icon

ag cur dlús lenár dtáirgeadh bia

removing restrictions icon

deireadh a chur le srianta ar thrádáil bia agus an t-iltaobhachas a chur chun cinn

An tslándáil dhomhanda bia a neartú

€18 mbilliún
infheistithe ag an Aontas le haghaidh slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain (2020-2024)
Os cionn 70 tír
a dtacófar leo le hathléimneacht níos mó maidir lena gcórais bhia

An tionchar domhanda de bharr táirgeadh laghdaithe barr

Tá an Coimisiún tiomanta na bearta uile is gá a dhéanamh chun a chinntiú go rannchuideoidh an tAontas, ina cháil mar easpórtálaí glan bia agus mar mhórtháirgeoir agraibhia, leis an tslándáil bia ar fud an domhain. Is príomhsholáthraí cúnaimh dhaonnúil agus forbartha é an tAontas a mhéid a bhaineann le bia agus le córais bhia.

Is dócha go dtiocfaidh méadú ar riachtanais dhaonnúla agus ar chostais dhaonnúla araon agus go gcuirfear brú breise ar an gcabhair dhaonnúil. Ó bhí 2015 ann, tá €350 milliún ar a laghad caite ag an Aontas in aghaidh na bliana ar chúnamh daonnúil bia. Idir 2020 agus 2024, tá an tAontas ag infheistiú €18 mbilliún le haghaidh slándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain. Sa tréimhse 2021-27, tacóidh an tAontas le córais bhia in isteach agus amach le 70 tír chomhpháirtíochta.

  • An 6 Aibreán 2022 gheall an tAontas Eorpach agus na Ballstáit breis agus €1 bhilliún a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil bia sa tSaiheil. 
  • An 26 Aibreán 2022 gheall an tAontas agus na Ballstáit €633 mhilliún a thabhairt chun tacaíocht phráinneach a thabhairt agus chun córais bhia agus an athléimneacht i gCorn na hAfraice a neartú.
  • An 24 Meán Fómhair 2022 leithdháil an tAontas €600 milliún ar na tíortha is leochailí san Aifric, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin atá buailte ag géarchéim bhia.
  • An 14 Samhain 2022 d’fhógair an Coimisiún pacáiste nua cabhrach daonnúla dar luach €210 milliún do na 15 thír is mó atá thíos leis na héifeachtaí tubaisteacha a bhaineann le neamhshlándáil an tsoláthair bia, rud atá ag méadú leis.

I gcás réigiún Chomharsanacht an Deiscirt, ghlac an tAontas pacáiste tacaíochta €225 mhilliún chun tionchar na ngéarchéimeanna bia a d’fhéadfadh teacht chun cinn a mhaolú i ngeall ar spleáchas mór ar iompórtálacha bia ar ar chuir an cogadh isteach.

Thairis sin, leanfaidh an tAontas de bheith ag moladh go láidir srianta agus toirmisc ar bhia a easpórtáil a sheachaint agus chun margadh aonair a fheidhmíonn go maith a chinntiú.

Dearbhaítear leis an ngéarchéim mhór sin nach mór dúinn dlús a chur le haistriú an chórais bhia ar fud an domhain i dtreo na hinbhuanaitheachta agus na hathléimneachta ar mhaithe le hullmhúchán níos fearr a dhéanamh do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Mar chuid dá obair leantach ar Chruinniú Mullaigh 2021 na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia, tá an Coimisiún ag glacadh páirte in ocht gcomhghuaillíocht dhomhanda atá dírithe ar chlaochlú a dhéanamh ar an gcóras bia, ar an athléimneacht agus ar fhás inbhuanaithe na táirgiúlachta.

Tacú leis an Úcráin

wheatfield

Tá an tAontas Eorpach ag obair go dian chun grán atá blocáilte san Úcráin a chur amach chuig na margaí domhanda, chun an t-ioncam a bhfuil géarghá leis a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine, agus na soláthairtí a bhfuil géarghá leo a chur ar fáil don Chlár Domhanda Bia.

D’oscail an tAontas Lánaí Dlúthpháirtíochta agus thug sé tacaíocht airgeadais dóibh ionas gur féidir an grán ón Úcráin a chur chuig na tíortha is leochailí ar domhan.

Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais: Príomhchonairí le haghaidh easpórtálacha agus iompórtálacha na hÚcráine

Tuairim agus 68 milliún tona
d’earraí talmhaíochta easpórtáilte ón Úcráin a bhuí le Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais
Níos mó ná €2 bhilliún
a shlóg an Coimisiún agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun feabhas a chur ar naisc trasteorann idir Ballstáit an Aontais agus an Úcráin/an Mholdóiv

Tá dlús á chur ag an Aontas freisin lena tháirgeadh féin chun brú ar mhargaí domhanda bia a mhaolú, agus tá sé ag obair leis an gClár Domhanda Bia ionas gur féidir stoic agus táirgí breise atá ar fáil a chur chuig tíortha leochaileacha ar phraghsanna inacmhainne.

Tá an Coimisiún ag tacú freisin leis an Úcráin chun straitéis ghearrthéarmach agus mheántéarmach maidir le slándáil bia a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go sroichfidh ranníocaíochtaí na feirmeacha i gcás inar féidir, sin agus go gcoinneofar saoráidí iompair agus stórála le go mbeidh an Úcráin in ann saoránaigh na tíre a chothú agus smacht a fháil ar ais ar a margaí easpórtálacha sa deireadh thiar.

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Tacaíocht d’fheirmeoirí an Aontais

A woman checking the progress of the harvest in real time on her smartphone

Dáilfear €500 milliún i leithdháiltí náisiúnta chun tacú go díreach leis na feirmeoirí is mó atá thíos le costais ionchuir níos airde agus le dúnadh na margaí easpórtála. Is féidir le Ballstáit an Aontais suas le 200 % den tacaíocht sin a chomhlánú le cistí náisiúnta.

Chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí maidir le sreabhadh airgid atá roimh fheirmeoirí faoi láthair, beidh cead ag Ballstáit an Aontais leibhéil mhéadaithe íocaíochtaí díreacha CBT a íoc roimh ré.

Tá na nithe seo a leanas déanta cheana féin ag an gCoimisiún:

  • maolú eisceachtúil agus sealadach a thabhairt chun táirgeadh barr ar thalamh a cuireadh i leataobh laistigh den Aontais a cheadú, agus íocaíochtaí iomlána glasaithe á gcoimeád d’fheirmeoirí ag an am céanna
  • Creat Géarchéime Sealadach nua a mholadh a chumhdódh feirmeoirí, táirgeoirí leasacháin agus earnáil an iascaigh freisin

Cuirfidh an Coimisiún bearta cosanta margaidh i láthair chomh maith chun tacú le margadh na muiceola i bhfianaise a dheacra atá an staid faoi láthair san earnáil.

Bearta coisctheacha maidir le hiompórtálacha teoranta ón Úcráin

I mí na Bealtaine 2022 chomhaontaigh an tAontas dleachtanna iompórtála, cuótaí agus bearta cosanta trádála maidir le heaspórtálacha na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach – ar a dtugtar Bearta Trádála Uathrialacha – a chur ar fionraí chun na deacrachtaí a bhíonn ag táirgeoirí agus easpórtálaithe na hÚcráine a mhaolú tar éis ionsaí míleata gan údar na Rúise.

Tar éis do scrogaill lóistíochta teacht chun cinn sa Bhulgáir, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic, arbh iad cruithneacht, arbhar Indiach, síol ráibe agus síos lus na gréine de thionscnamh na hÚcráine ba chúis leo, tháinig bearta eisceachtúla agus coisctheacha i bhfeidhm ar bhonn sealadach an 2 Bealtaine 2023 maidir lena n-iompórtáil. Níltear ag súil a thuilleadh le saobhadh margaidh sna 5 stát a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin, agus dá bhrí sin, tháinig deireadh leis na bearta coisctheacha sin an 15 Meán Fómhair 2023. Mar sin féin, d’aontaigh an Úcráin bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm ón 16 Meán Fómhair chun easpórtáil ceithre ghrúpa earraí a rialú chun aon saobhadh margaidh sna Ballstáit chomharsanachta a chosc. D’aontaigh sé freisin bearta dlíthiúla a thabhairt isteach laistigh de 30 lá chun borradh gráin a sheachaint.

Leanfaidh an Coimisiún de mhonatóireacht a dhéanamh ar an staid chun go mbeidh sé in ann freagairt ar aon imthosca gan choinne. Staonfaidh an Coimisiún Eorpach ó aon srian a fhorchur fad a bheidh bearta éifeachtacha na hÚcráine i bhfeidhm agus ag feidhmiú go hiomlán.

Tacaíocht do thomhaltóirí an Aontais

A woman in the fruit and vegetable department of a supermarket

Le bearta chun soláthar na bpríomhbhianna a fheabhsú, cuideofar chun brúnna praghsanna a mhaolú.

Féadfaidh na Ballstáit rátaí laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm agus oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun praghsanna tráchtála a choinneáil mar atá.

Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit freisin tarraingt ó chistí de chuid an Aontais, amhail an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), lena dtacaítear le gníomhaíochtaí thíortha an Aontais chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a chur ar fáil do na daoine is díothaí.

Athléimneacht agus inbhuanaitheacht ár gcóras bia

Tá gá níos mó ná riamh leis an athléimneacht a mhéadú trí spleáchas thalmhaíocht na hEorpa ar fhuinneamh, ar iompórtálacha atá dian ar fhuinneamh agus ar iompórtálacha beathaithe a laghdú. Chun an athléimneacht sin a bhaint amach, tá gá le foinsí éagsúlaithe iompórtála agus asraonta margaidh trí bheartas láidir trádála iltaobhach agus déthaobhach.