Skip to main content

An Gníomh Eorpach maidir le Sliseanna

Leis an nGníomh Eorpach maidir le Sliseanna, cuirfear le hiomaíochas agus athléimneacht na hEorpa i dteicneolaíochtaí leathsheoltóirí agus sna feidhmeanna a bhaineann leo, agus cabhrófar chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas araon a bhaint amach. Déanfar sin trí cheannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú sa réimse.

An gá le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach

Is sócmhainní straitéiseacha iad sliseanna le haghaidh príomhshlabhraí luacha tionsclaíocha. Leis an gclaochlú digiteach, tá margaí nua ag teacht chun cinn do thionscal na sliseanna, cuir i gcás gluaisteáin ard-uathoibrithe, an néal, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an nascacht, an spás, an chosaint agus sár-ríomhairí.

1 trilliún
Líon na micrishliseanna a monaraíodh ar fud an domhain in 2020
10%
Sciar an Aontais de mhargadh domhanda na micrishliseanna

Mar gheall ar an nganntanas leathsheoltóirí a bhí ann ar fud an domhain le déanaí, b’éigean do mhonarchana i réimse earnálacha dúnadh, earnáil na gcarranna agus earnáil na ngléasanna cúraim sláinte ina measc. Is léir ón méid sin go bhfuil slabhra luacha na leathsheoltóirí ag brath go mór ar líon an-teoranta gníomhaithe i gcomhthéacs casta geopholaitiúil. 

Torthaí an tSuirbhé maidir le Sliseanna a sheol an Coimisiún Eorpach, chuir siad i dtábhacht go bhfuil an tionscal ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an éileamh ar shliseanna faoi 2030. Is léiriú é sin ar thábhacht mhéadaitheach leathsheoltóirí do thionscal agus do shochaí na hEorpa. Beidh dúshláin ann chun freastal ar an éileamh méadaitheach sin, go háirithe i bhfianaise na géarchéime soláthair leathsheoltóra atá ann faoi láthair.

Ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2021, leag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an fhís amach do straitéis na hEorpa maidir le sliseanna chun éiceachóras sliseanna Eorpach úrscothach a chruthú le chéile. Áireofar leis sin táirgeadh, chomh maith leis na hacmhainní taighde, deartha agus tástála den chéad scoth atá ag an Aontas Eorpach a nascadh le chéile.

Ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú

Leis an nGníomh Eorpach maidir le Sliseanna, tabharfaidh an tAontas aghaidh ar an nganntanas leathsheoltóirí agus neartóidh sé ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa. Cuirfidh sé breis agus €43 bhilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar fáil agus leagfar síos bearta leis chun ullmhú d’aon suaitheadh a bheidh sa slabhra soláthair amach anseo, an suaitheadh sin a thuar agus freagairt air go gasta, agus an méid sin a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Seo a leanas is aidhm don straitéis:

Taighde agus ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú i dtreo sliseanna níos lú agus níos tapúla

Creat a chur i bhfeidhm chun an acmhainneacht táirgeachta a mhéadú go 20% den mhargadh domhanda faoi 2030

Cumas nuálaíochta i ndearadh, monarú agus pacáistiú na n-ardsliseanna a fhorbairt agus a threisiú

Tuiscint dhomhain a fhorbairt ar shlabhraí soláthair domhanda leathsheoltóirí

Aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna, daoine cumasacha nua a mhealladh agus tacú le teacht chun cinn lucht saothair oilte

Infheistíochtaí chun tacú leis an nGníomh maidir le Sliseanna

Ba cheart go mbeadh breis is €15 bhilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha mar thoradh ar an nGníomh maidir le Sliseanna ann féin.

Beidh na hinfheistíochtaí sin ina gcomhlánú ar na nithe seo a leanas:

  • cláir agus gníomhaíochtaí atá ann cheana maidir le taighde agus nuálaíocht i leathsheoltóirí amhail Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach
  • an tacaíocht a d’fhógair na Ballstáit

San iomlán, úsáidfear infheistíocht atá bunaithe ar an mbeartas agus ar fiú níos mó ná €43 bhilliún í chun tacaíocht a thabhairt don Ghníomh maidir le Sliseanna go dtí 2030, agus meaitseálfar sin le hinfheistíocht phríobháideach fhadtéarmach den mhéid céanna, a bheag nó a mhór.

Seo a leanas a mholtar sa Ghníomh maidir le Sliseanna: 

  • Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile
  • Rochtain a sholáthar ar fud na hEorpa ar uirlisí deartha agus línte píolótacha chun sliseanna ceannródaíocha a fhréamhshamhaltú, a thástáil agus a thriail
  • Nósanna imeachta deimhniúcháin um shliseanna atá fuinneamhéifeachtúil agus iontaofa chun cáilíocht agus slándáil a ráthú le haghaidh feidhmeanna criticiúla
  • Creat níos fabhraí d’infheisteoirí chun saoráidí monaraíochta a bhunú san Eoraip
  • Tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú cothromais
  • Scileanna, tallann agus an nuálaíocht sa mhicrileictreonaic a chothú
  • Uirlisí chun ganntanas agus géarchéimeanna leathsheoltóirí a thuar agus chun freagairt orthu chun slándáil an tsoláthair a chinntiú
  • Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta um leathsheoltóirí a fhorbairt le tíortha atá ar aon intinn

Físeán gearr ina gcuirtear an Gníomh Eorpach maidir le Sliseanna i láthair

Na chéad chéimeanna eile

Tá tús curtha ag na Ballstáit le hiarrachtaí comhordúcháin i gcomhréir leis an Moladh. Tá sé sin á mholadh ar mhaithe le tuiscint a fháil ar stádas reatha an tslabhra luacha leathsheoltóirí ar fud an Aontais, agus chun aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar agus bearta ceartaitheacha comhfhreagracha a dhéanamh d’fhonn an ganntanas atá ann faoi láthair a réiteach go dtí go nglacfar an Rialachán. Mar cheann de na chéad chéimeanna, sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán maidir leis an slabhra soláthair leathsheoltóra.

Beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na Ballstáit na tograí ón gCoimisiún a bhaineann leis an nGníomh Eorpach maidir le Sliseanna a phlé i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Má ghlactar é, beidh an Rialachán infheidhme go díreach ar fud an Aontais Eorpaigh.

Doiciméid

 

4 LÚNASA 2022
European Chips Survey
English
(HTML)
Íoslódáil

 

12 BEALTAINE 2022
European Chips Act: Staff Working document
English
(HTML)
Íoslódáil

 

8 FEABHRA 2022
A European Chips Act Communication
English
(HTML)
Íoslódáil

 

8 FEABHRA 2022
Chips Act: Regulation establishing a framework of measures for strengthening Europe’s semiconductor ecosystem
English
(HTML)
Íoslódáil

 

8 FEABHRA 2022
Commission Recommendation to Member States on a Common Union toolbox to address the semiconductor shortage crisis and an EU mechanism for monitoring the semiconductor ecosystem
English
(HTML)
Íoslódáil

 

8 FEABHRA 2022
European Chips Act: Questions & Answers
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

8 FEABHRA 2022
European Chips Act: Factsheet
English
(HTML)
Íoslódáil