Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Sásra Comhair agus Fíorúcháin (SCF) don Bhulgáir agus don Rómáin

Déanann an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn na Bulgáire agus na Rómáine i roinnt réimsí sainithe agus tacaíonn sé leis sin i gcomhréir leis an gcinneadh lenar cuireadh an Sásra Comhair agus Fíorúcháin (SCF) ar bun.

Cad is SCF ann?

Nuair a tháinig siad isteach san Aontas an 1 Eanáir 2007, bhí go leor fós le déanamh ag an Rómáin agus ag an mBulgáir i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh, an éillithe agus (i gcás na Bulgáire) na coireachta eagraithe. Chuir an Coimisiún an Sásra Comhair agus Fíorúcháin (SCF) ar bun mar bheart idirthréimhseach chun cuidiú leis an dá thír na heasnaimh sin a chur ina gceart.

Cén fáth a bhfuil gá le SCF?

Lean an tAontas den mheasúnú ar an mBulgáir agus an Rómáin tar éis dóibh aontú don Aontas Eorpach agus léiríonn an cinneadh sin a thiomanta agus atá an tAontas féachaint chuige go bhforbróidh an dá thír na córais bhreithiúnacha agus riaracháin éifeachtacha atá ag teastáil chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a chomhlíonadh agus lena chinntiú go gcuirtear dlíthe, beartais agus cláir an Aontais i bhfeidhm mar is ceart.

Ina theannta sin, an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le hathchóiriú breithiúnach, éilliú agus coireacht eagraithe, cuideoidh sin le muintir na Bulgáire agus na Rómáine leas iomlán a bhaint as a gcearta mar shaoránaigh den Aontas Eorpach.

Conas a oibríonn SCF go praiticiúil?

I mí na Nollag 2006, ghlac an Coimisiún cinntí inar leagadh amach freisin critéir ('tagarmharcanna') chun dul chun cinn a mheas.

Tá measúnuithe agus tuarascálacha foirmiúla an Choimisiúin bunaithe ar anailís agus ar fhaireachán cúramach, ina mbaintear leas as caibidlíocht leanúnach idir na húdaráis Bhulgáracha agus Rómánacha agus seirbhísí an Choimisiúin. Baineadh leas freisin, agus na tuarascálacha á scríobh, as teagmhálacha leis na Ballstáit eile, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, saineolaithe neamhspleácha agus foinsí éagsúla eile . 

Réitíonn an Coimisiún tuarascálacha ar dhul chun cinn ar bhonn rialta. D'eisigh an Coimisiún a chéad tuarascáil an 27 Meitheamh 2007. Áirítear sna tuarascálacha measúnuithe agus moltaí an Choimisiúin atá dírithe ar na húdaráis Bhulgáracha agus Rómánacha, agus comhlánaítear iad le doiciméad inmheánach oibre ina leagtar amach anailís mhionsonraithe an Choimisiúin maidir le gach ceann de thagarmharcanna SCF. 

Déantar gach tuarascáil ón gCoimisiún, mar aon lena modheolaíocht agus lena conclúidí, a phlé ina dhiaidh sin agus rinne Comhairle na nAirí gach tuarascáil go dtí seo a fhormhuiniú sna conclúidí a ghlac sí.

Critéir maidir le dul chun cinn a mheas

Leis na tagarmharcanna don Rómáin tugtar aghaidh ar éifeachtacht agus trédhearcacht an chórais bhreithiúnaigh, ar institiúidí tábhachtacha i réimsí ar nós an ionracais agus an chomhraic i gcoinne an éillithe ar gach leibhéal, agus ar an éilliú a chosc. 

Leis na tagarmharcanna don Bhulgáir tugtar aghaidh ar shaincheisteanna ar nós neamhspleáchas, gairmiúlacht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh, ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus an ghníomhaíocht atá á déanamh i gcoinne na coireachta eagraithe.

Annual progress reports in Bulgaria and Romania 

Tacaíocht bhreise

Mar aon leis an tacaíocht a thugann an Coimisiún tríd an gcóras faireacháin SCF cuirtear an méid seo a leanas ar fáil: