Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An páipéar machnaimh ar an ngné shóisialta den Eoraip

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Aibreán 2017

Cur síos

Sa pháipéar machnaimh ar an ngné shóisialta den Eoraip pléitear ceisteanna ar nós conas ár gcaighdeán maireachtála a chothú, conas níos mó post níos fearr a chruthú, conas na scileanna cearta a thabhairt d'oibrithe agus conas aontas níos daingne a chruthú laistigh den tsochaí, agus sin ar fad i bhfianaise na sochaí agus an tsaoil oibre a bheidh ann sa todhchaí. Leagtar amach trí dhóigh chun an méid sin a bhaint amach:

  • Gné shóisialta na saorghluaiseachta a theorannú

Faoin rogha seo, choinneodh an tAontas rialacha i bhfeidhm chun gluaiseacht daoine trasteorann a éascú, ar nós rialacha maidir le cearta slándála sóisialta na saoránach atá ina gcónaí i mBallstát eile, postú oibrithe, cúram sláinte trasteorann agus aitheantas a thabhairt do dhioplómaí. Sa chás sin ní bheadh caighdeáin íosta i bhfeidhm san Aontas feasta, maidir le, abair, sláinte agus sábháilteacht oibre, uaireanta oibre agus sosa ná saoire mháithreachais ná atharthachta. Stopfadh an tAontas de bheith ag tabhairt caoi do na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú i réimsí an oideachais, na sláinte, an chultúir agus an spóirt agus níor mhór deireadh a chur le cláir ath-chomhshó réigiúnacha atá á maoiniú le hairgead an Aontais nó neachtar acu chaithfeadh na Ballstáit iad a mhaoiniú.

  • Iad sin a bhfuil níos mó uathu, déanann siad níos mó

D'fhéadfadh tíortha arb é an euro a n-airgeadra níos mó a dhéanamh le chéile sa réimse shóisialta chun neart agus cobhsaíocht an limistéir euro a chosaint agus chun nach mbeidh caighdeán maireachtála na saoránach ag dul suas agus anuas gan choinne. D'fhéadfadh tíortha leasmhara eile páirt a ghlacadh san obair sin freisin.

  • Neartaíonn seacht mBallstát fichead an Aontais an ghné shóisialta den Eoraip

Cé go leanfadh na bearta a dhéanfaí sa réimse shóisialta de bheith faoi chúram na n-údarás náisiúnta agus áitiúil agus gur cheart sin, d'fhéachfadh an tAontas le tacú a thuilleadh leis na Ballstát a mbearta féin a dhéanamh, agus leas iomlán á bhaint aige as na hionstraimí go léir atá ar fáil dó chuige sin. Ní amháin go leagfaí síos caighdeáin íosta sa dlí, ach, i réimsí áirithe, d'fhéadfaí cearta na saoránach a chur i gcomhréir le chéile ar fud an Aontais, agus é mar aidhm aige sin an leas céanna a dhéanamh do chách sa réimse shóisialta.

Comhaid

26 AIBREÁN 2017
Reflection paper on the social dimension of Europe
21 MEITHEAMH 2017
Social priorities under the Juncker Commission