Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 12 Feabhra 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Is féidir leat páirt a ghlacadh anois i múnlú an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais

Closing event of the Conference on the Future of Europe, 9 May 2022

 

Tá Teachtaireacht ón gCoimisiún ar fáil anois ina leagtar amach na príomhdhúshláin bheartais agus bhuiséadacha a mhúnlóidh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. Leagtar amach sa bhuiséad fadtéarmach – ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil – tosaíochtaí caiteachais an Aontais le haghaidh roinnt blianta. Tacaíonn sé leis na milliúin daoine, feirmeoirí, taighdeoirí, gnólachtaí agus réigiúin ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Tá sé ríthábhachtach chun feabhas a chur ar ár saol, rud a chuidigh linn le déanaí paindéim agus ghéarchéim fuinnimh a shárú agus na milliúin post a shábháil le linn na dianghlasála ag an am céanna. 

Ní mór do thíortha, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh an Aontais athmhachnamh a dhéanamh ar an dóigh a n-oibríonn buiséad an Aontais chun é a chur in oiriúint don todhchaí. Chun leanúint de thacaíocht a thabhairt d’Eoraip atá saor, daonlathach, slán, rathúil agus iomaíoch, ní mór don bhuiséad fadtéarmach a bheith níos simplí, níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe

Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh i gcur chuige nua do bhuiséad nua-aimseartha an Aontais: 

– plean do gach tír ina bhfuil athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha, plean arna cheapadh i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla 

– Ciste Eorpach um Iomaíochas lena mbunófar acmhainneacht infheistíochta chun tacú le hearnálacha straitéiseacha agus teicneolaíochtaí criticiúla 

– maoiniú le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach a mbeidh tionchar níos mó aici, a bheidh spriocdhírithe agus a bheidh ailínithe le leasanna straitéiseacha 

– coimircí breise lena gcosnaítear an smacht reachta 

an Coimisiún ag iarraidh anois ar mhuintir uile na hEorpa a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an gcéad bhuiséad eile agus maidir leis na beartais ar cheart dó tacú leo, sula gcuirfidh sé togra foirmiúil i láthair i mí Iúil 2025. Tá tús curtha le sraith comhairliúchán poiblí a bheidh ar oscailt go ceann 12 sheachtain. Is féidir leat teacht ar na naisc chuig na comhairliúcháin sin thíos.  

Beidh deis ag thart ar 150 Eorpach díospóireacht a dhéanamh agus moltaí nithiúla a dhéanamh don chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais ar Phainéal Saoránach. Beidh ardán ar líne ag gabháil leis an díospóireacht sin lena mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh. 

A luaithe a chomhaontófar an chéad bhuiséad fadtéarmach eile níos déanaí i mbliana, tiocfaidh sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2028. 

Tuilleadh eolais 

Comhairliúcháin phoiblí 

Painéal Saoránach Eorpach maidir le buiséad Eorpach nua 

Buiséad fadtéarmach an Aontais 

Preaseisiúint: Todhchaí an Aontais a mhúnlú le chéile: an bóthar i dtreo an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais leagtha amach ag an gCoimisiún 

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Feabhra 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide