Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Alt nuachta
  • 8 Lúnasa 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Tréimhsí oiliúna agus deiseanna eile do dhaoine óga san Aontas Eorpach

The European Solidarity Corps in action, Norcia, Italy

 

Tá an iliomad roghanna ag daoine óga atá ag iarraidh dul ag obair le hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh chun taithí luachmhar a fháil. Le tréimhsí oiliúna, cuirtear taithí oibre phraiticiúil agus deiseanna sealbhaithe scileanna ar fáil do ghairmithe óga sula n-aistrí siad chuig an ngnáthfhostaíocht, agus le hobair dheonach is féidir scileanna praiticiúla a fhorbairt, rud atá an-oiriúnach dóibh siúd atá ag iarraidh difear dearfach a dhéanamh.

Cuireann an Coimisiún Eorpach an clár Blue Book ar fáil, tréimhse oiliúna 5 mhí a bhfuil pá ag gabháil léi atá ar oscailt do na saoránaigh uile den Aontas, agus líon teoranta áiteanna ar fáil do shaoránaigh nach den Aontas iad freisin. Faigheann na hoiliúnaithe taithí phraiticiúil i réimsí éagsúla de cheapadh beartas an Aontais, amhail acmhainní daonna, aistriúchán, agus réimsí eile nach iad, agus cuireann siad dá bharr sin le tionscadail a mhúnlóidh todhchaí na hEorpa. Is féidir iarratas a dhéanamh go dtí an 31 Lúnasa ar 10:00 (am Lár na hEorpa) ar thréimhsí oiliúna a thosóidh i mí an Mhárta 2025. Caithfidh céim ollscoile a bheith ag iarratasóirí, agus cumas acu in 2 nó 3 cinn de theangacha oifigiúla an Aontais, ag brath ar an gcineál tréimhse oiliúna atá i gceist. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas iarratais foirm ar líne a líonadh agus doiciméid tacaíochta a chur ar fáil trí thairseach oifigiúil an Choimisiúin.

Seachas an Coimisiún, cuireann institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais intéirneachtaí agus poist d’oibrithe deonacha ar fáil, ina dtugtar léargas uathúil ar oibríochtaí an Aontais agus ina ndéantar fás gairmiúil a fhothú. Tá na poist sin ar fáil i raon leathan réimsí amhail acmhainní daonna, cumarsáid, TF, dlí na hiomaíochta, beartas comhshaoil, caidreamh seachtrach, beartas forbartha agus tuilleadh nach iad.

Is tionscnamh é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE) a chuireann deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d’aois. Díríonn sé ar chuidiú a thabhairt don phobal i gcoitinne agus ar an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Trí thionscadail oibre deonaí agus dlúthpháirtíochta, féadfaidh rannpháirtithe páirt a ghlacadh i dtionscadail a bhaineann le cabhair dhaonnúil, cuimsiú sóisialta, an comhshaol, cultúr, oideachas agus eile. Féadfaidh na socrúcháin CDE maireachtáil idir 2-12 mhí agus clúdaítear bunchostais, amhail cóiríocht agus bia, mar aon le liúntas beag le haghaidh caiteachas pearsanta. 

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach teacht ar an tréimhse oiliúna cheart, ach tá go leor acmhainní ar fáil chun cuidiú le gairmithe óga. Cuireann tairseach na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) réimse leathan clár oiliúna ar fáil le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais. Cuireann Tairseach Eorpach na hÓige acmhainní agus treoir ar fáil maidir le conas poist a aimsiú ar fud na hEorpa agus iarratas a dhéanamh orthu, ina measc sin obair dheonach, tréimhsí oiliúna, obair agus staidéar a dhéanamh thar lear.

In 2024 mhol an Coimisiún tionscnamh chun feabhas a chur ar dhálaí oibre oiliúnaithe, an pá san áireamh, chomh maith le cuimsitheacht agus caighdeán na gcúrsaí oiliúna san Aontas. Cinnteoidh an tionscnamh freisin nach féidir gnáthfhostaíocht a cheilt mar a bheadh tréimhsí oiliúna ann. 

Tuilleadh eolais

Clár oiliúna Blue Book an Choimisiúin

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Eolas faoi thréimhsí oiliúna in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh 

Tairseach Eorpach na hÓige

Beartas an Aontais Eorpaigh maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin san Aontas

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Lúnasa 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide