Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta23 Aibreán 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Leanaí a chosaint ar fhoréigean ar bhealach níos fearr iarrtha i moladh ón gCoimisiún

Single Father - Germany

 

Tá 80 milliún leanbh ina gcónaí san Aontas Eorpach. I bhfianaise na staitisticí scanrúla maidir le mí-úsáid leanaí, foréigean agus faillí ar fud na hEorpa, d’eisigh an Coimisiún Moladh chun tacú le tíortha an Aontais córais cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú.

Iarrtar ann ar údaráis ar gach leibhéal rialachais agus ar an tsochaí shibhialta ar fud na n-earnálacha uile oibriú le chéile chun leanaí a chosaint ar fhoréigean ar bhealach comhleanúnach córasach. Tá an moladh mar chuid de thiomantas an Aontais i Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh. Léirítear ann freisin tuairimí níos mó ná 1,000 leanbh a bailíodh trí Ardán Rannpháirtíochta nua Leanaí an Aontais.  

Leis an Moladh, cuirtear leanaí i gcroílár na gcóras cosanta leanaí agus tacaítear le tíortha an Aontais a gcórais a oiriúnú chun gach leanbh a chosaint ar aon chineál foréigin. Déantar amhlaidh ar na bealaí seo a leanas: 

  • Creat ginearálta de chórais chomhtháite cosanta leanaí a bhunú, agus iarrtar ar thíortha an Aontais pleananna náisiúnta a chur le chéile chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh leanaí agus chun reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint leanaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach. 
  • Feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhar ar fud na n-earnálacha agus na n-údarás inniúil trí oiliúint a chur ar ghairmithe.
  • Gníomhaíochtaí tacaíochta cuimsitheacha comhordaithe a bhunú i gcásanna foréigin in aghaidh leanaí.
  • Freagairt ar riachtanais sábháilteachta leanaí ar líne agus as líne trí litearthacht dhigiteach leanaí a fheabhsú, mar shampla. 
  • Sláine agus meabhairshláinte leanaí a chosaint, bulaíocht agus cibearbhulaíocht a chosc agus a chomhrac trí na Ballstáit a spreagadh chun straitéisí náisiúnta meabhairshláinte a fhorbairt.
  • Foréigean in aghaidh leanaí a chosc trí ‘fhreagracht ar fud na sochaí’ a chothú chun leanaí a chosaint trí bhearta coisctheacha leordhóthanacha.
  • Úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí an Aontais atá ann cheana chun córais cosanta leanaí a neartú, dlíthe, beartais agus maoiniú ina measc. 

Is cearta bunúsacha iad cearta an linbh. Déanann Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a bhfuil Ballstáit uile an Aontais ina bpáirtithe iontu, cosaint chearta an linbh a chur chun cinn. Cuideoidh an moladh is déanaí seo leis an Aontas a chuspóir a chur ar aghaidh maidir le cultúr neamhfhulaingthe foréigin in aghaidh leanaí a bhaint amach. Téann sé níos faide ná an teorainneacha an Aontais Eorpaigh trí thíortha an Aontais a spreagadh chun cur chuige comhtháite a ghlacadh chun leanaí a chosaint thar a dteorainneacha, cuir i gcás deireadh a chur le díshaothrú leanaí, leanaí a chosaint i gcoinbhleachtaí armtha agus leanaí a chosaint ar an athrú aeráide agus ar ghuaiseacha comhshaoil. 

Tuilleadh eolais

Cearta an linbh

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh

Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais

Foréigean i gcoinne leanaí a chomhrac agus cosaint leanaí a chinntiú 

Líonra an Aontais Eorpaigh um Chearta Leanaí

Preaseisiúint: Moladh eisithe ag an gCoimisiún chun leanaí a chosaint ar fhoréigean ar bhealach níos fearr

Sonraí

Dáta foilsithe
23 Aibreán 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide