Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
An tAontas Eorpach in G20

Is é G20 an fóram idirnáisiúnta ina gcruinníonn an 20 geilleagar is mó agus is mó fás le chéile. Baineann timpeall 85% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain, 75% den trádáil dhomhanda agus 60% de dhaonra an domhain le baill G20.

Is ball iomlán de G20 é an tAontas Eorpach, in éineacht le trí cinn dá Bhallstáit: an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil. Tugtar cuireadh don Spáinn agus don Ísiltír mar aíonna chuig cruinnithe G20. Is iad Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a dhéanann ionadaíocht don Aontas Eorpach ag G20.

Tá an tAontas Eorpach ar na geilleagair is mó ar domhan, agus is é an limistéar margaidh aonair is mó ar domhan é; is aige atá 15% d’olltáirgeacht intíre an domhain (2023). Is san Aontas Eorpach atá thart ar 6% de dhaonra an domhain, gan ach an tSín agus an India chun tosaigh air ó thaobh líon na ndaoine a ndéanann sé ionadaíocht ar a son ag bord Chruinniú Mullaigh G20.

Cruinniú Mullaigh Johannesburg, an 22-23 Samhain 2025

Fuinneamh in-athnuaite a mhéadú san Afraic

Roimh Chruinniú Mullaigh G20 in Johannesburg, cuireadh i gcrích feachtas gealltanas a mhair ar feadh bliana chun foinsí in-athnuaite fuinnimh san Afraic a mhéadú.

Tá €15.5 billiún faighte ag an bhfeachtas chun todhchaí ghlan a chumhachtú ar fud na mór-roinne. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta san iarracht gealltanais, agus ranníoc sé os cionn €15.1 billiún, níos mó ná €10 mbilliún ó Team Europe san áireamh.

Tuilleadh eolais faoin bhfeachtas