Bhí an 27ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27) ar siúl in Sharm El-Sheikh an 6-20 Samhain 2022.
Faoi Uachtaránacht na hÉigipte, tháinig páirtithe le chéile i gcruinniú mullaigh COP27 chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun spriocanna Chomhaontú Pháras agus Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach.
Ag COP27, léirigh an Coimisiún Eorpach uaillmhian agus solúbthacht le go mbeadh sé indéanta fós an sprioc a bhaint amach maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. Chuidigh iarracht láidir aontaithe Eorpach chun teacht ar mhargadh crua a choinnigh spriocanna Chomhaontú Pháras beo. Chuidigh iarrachtaí an Aontais chun caidreamh a chothú d’fhonn socruithe cistiúcháin cothroma nua a chur ar bun, a bhfuil bonn leathnaithe deontóirí ag gabháil leo, chun cabhrú le pobail leochaileacha dul i ngleic leis an gcaillteanas agus an damáiste atá ann de bharr an athraithe aeráide.
- D’aontaigh na Páirtithe, má táthar ag iarradh an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C, go bhfuil gá le laghduithe tapa doimhne marthanacha ar astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa, agus gur gá iad a laghdú 43% faoi 2030 i gcomparáid le leibhéal 2019.
- D’athdhearbhaigh siad an t-éileamh ó Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú go ndéanfaí rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) a nuashonrú de réir mar is gá chun ailíniú le sprioc Chomhaontú Pháras maidir leis an teocht, faoi dheireadh 2023.
- Beidh Comhshocrú Aeráide Ghlaschú ina threoir ag an gClár Oibre nua um Maolú ar mhaithe leis na páirtithe a spreagadh chun a spriocanna agus a ngníomhaíochtaí a ailíniú i dtreo na haeráidneodrachta.
- Tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir le socruithe nua cistiúcháin a bhunú chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha agus an-leochaileach aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide. Áirítear leis sin ciste nua a dhíríonn ar dhul i ngleic leis an gcaillteanas agus leis an damáiste.
Tionscnaimh de chuid an Aontais ag COP27
Comhpháirtíochtaí straitéiseacha
Le linn COP27, chinntigh an Coimisiún a lán comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha. Shínigh sé comhaontuithe comhpháirtíochta straitéisí leis na tíortha seo a leanas:
- An Chasacstáin maidir le hamhábhair, ceallraí agus hidrigin in-athnuaite
- An Namaib maidir le hamhábhair inbhuanaithe agus hidrigin in-athnuaite
- An Éigipt maidir le hidrigin in-athnuaite
Comhpháirtíochtaí Foraoise
Sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, Comhpháirtíochtaí Foraoise leis an nGuáin, an Mhongóil, an Congó, Uganda agus an tSaimbia. Trí na Comhpháirtíochtaí sin, tacóidh an tAontas lena chomhpháirtithe chun foraoisí a bhainistiú agus a chaomhnú ar bhealach inbhuanaithe. Tá foraoisí ar na hacmhainní nádúrtha is saibhre ar domhan agus is féidir leo an t-athrú aeráide a chomhrac, an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Tuilleadh eolais
Tábhacht an dúlra do ghéarchéimeanna idirnasctha na haeráide agus na bithéagsúlachta, bhí sé sin ina phríomhthosaíocht ag COP15 maidir leis an mBithéagsúlacht, a bhí ar siúl i Montréal, Ceanada i mí na Nollag.
An Gealltanas Domhanda maidir le Meatán
Sheol na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus na comhpháirtithe an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán in 2021, tionscnamh arb é is aidhm dó go laghdófar astaíochtaí domhanda meatáin agus go mbeidh sé indéanta fós an sprioc a bhaint amach maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. Ag COP27, ba dhíol sásaimh don Choimisiún an tacaíocht atá ag dul i méid don tionscnamh sin, ar tionscnamh é a bhfuil níos mó ná 150 tír ag tacú leis anois. Tuilleadh eolais
An Afraic: Tacú leis an oiriúnú don athrú aeráide agus leis an athléimneacht
D’fhógair an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach Tionscnamh nua de chuid Team Europe maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide agus Athléimneacht san Afraic mar chuid de Phacáiste Infheistíochta na Tairsí Domhanda idir an tAontas Eorpach agus an Afraic. Leis an Tionscnamh sin de chuid Team Europe, tabharfar le chéile cláir atá ann cheana agus cláir nua maidir le hoiriúnú don athrú aeráide ar fiú os cionn €1 bhilliún iad agus bainfear leas as an tionchar a bheidh aige trí chomhordú feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, sin agus trí idirphlé treisithe beartais eatarthu maidir leis an oiriúnú.
Comhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir
Rialtais na hAfraice Theas, na Fraince, na Gearmáine na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, in éineacht leis an Aontas Eorpach, d’fhógair siad comhpháirtíocht nua uaillmhianach fhadtéarmach mar atá an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir, chun tacú le hiarrachtaí na hAfraice Theas i ndáil leis an dícharbónú. Is é is aidhm don Chomhpháirtíocht dlús a chur le dícharbónú gheilleagar na hAfraice Theas, agus béim á leagan ar an gcóras leictreachais. Le linn COP27, d’fháiltigh an tAontas freisin roimh Phlean Infheistíochta na hAfraice Theas i ndáil le hAistriú Fuinnimh Cóir agus d’fhormhuinigh sé é, agus shínigh sé Comhpháirtíocht nua um Aistriú Fuinnimh Cóir leis an Indinéis le linn G20 in Bali.
Le linn na comhdhála, d’óstáil an Coimisiún breis agus 125 fho-imeacht ar líne agus ag Pailliún an Aontais in Sharm el-Sheikh maidir le saincheisteanna amhail cosaint na bithéagsúlachta agus athbhunú an dúlra, slándáil fuinnimh agus an t-aistriú glas, maoiniú inbhuanaithe, slándáil bia agus uisce, agus taighde agus nuálaíocht. Ina measc sin bhí idirphlé idir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Timmermans agus ionadaithe óige ó gach cearn den domhan.
Ranníocaíocht Team Europe le maoiniú domhanda le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide
Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, is gá astaíochtaí a laghdú gach áit ar domhan. Tá go leor tíortha ag dul i ngleic le tionchar na géarchéime seo cheana féin. Bhailigh an tAontas cistí idir 2013-2020 a thacaíonn le tíortha i mbéal forbartha trí mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bearta um ghníomhú ar son na haeráide a chistiú ar fud an domhain, agus béim á cur ar na tíortha agus ar na pobail is boichte agus is leochailí
- deontais a úsáid chun infheistíocht phríobháideach agus maoiniú ó bhainc forbartha idirnáisiúnta a ghiaráil
I dteannta a chéile, is iad an tAontas agus na Ballstáit is mó a thugann maoiniú poiblí le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide do gheilleagair atá i mbéal forbartha, agus gheall siad €23.4 billiún in 2020 agus beagnach an leathchuid den mhaoiniú sin i bhfoirm deontas. Sin sciar suntasach den sprioc dhomhanda $100 billiún mar a gheall na tíortha forbartha ag cruinniú mullaigh aeráide Chóbanhávan in 2009.