Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An tAontas Eorpach ag Comhdháil COP26 maidir leis an Athrú Aeráide

Ag deireadh Chomhdháil COP26 thacaigh an Coimisiún Eorpach leis an gcomhréiteach ar tháinig breis agus 190 tír air tar éis coicís den dianchaibidlíocht. Mar thoradh ar COP26, cuireadh leabhar rialacha Chomhaontú Pháras i gcrích agus tá spriocanna Chomhaontú Pháras á gcoinneáil beo chomh maith, rud a thugann an deis dúinn teorainn 1.5 céim Celsius a chur leis an téamh domhanda.

President Ursula von der Leyen

Is céim sa treo ceart é COP26. Tá teorainn 1.5 céim Celsius faoinár lámh againn go fóill, ach níl an obair déanta ná baol air. An rud is lú is féidir linn a dhéanamh anois ná na gealltanais a rinneadh i nGlaschú a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, agus ansin, sinn a bheith níos uaillmhianaí fós.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Na príomhthorthaí

  • D’fhógair roinnt de na hastaírí móra spriocanna nua maidir le hastaíochtaí a laghdú
  • Tá breis agus 100 tír tar éis glacadh leis an nGealltanas Domhanda um Meatán a Laghdú, comhthionscnamh ón Aontas Eorpach agus ó na Stáit Aontaithe
  • Cruthaíodh comhpháirtíochtaí nua chun tacú le tíortha agus iad ag aistriú i dtreo an fhuinnimh ghlain
  • Rinneadh dul chun cinn maidir le maoiniú don aeráid. Agus na gealltanais is déanaí san áireamh, is cosúil go mbainfear amach an sprioc $100 billiún gan mhoill
  • Anois tá sraith rialacha againn a chuirfidh dlús le margaí idirnáisiúnta carbóin

Gníomhú ar son na haeráide a mhaoiniú

Tá gealltanas tugtha ag tíortha forbartha $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana den mhaoiniú idirnáisiúnta don aeráid ó 2020 go dtí 2025 chun cuidiú leis na tíortha is leochailí, agus leis na stáit oileánacha bheaga go háirithe, maidir lena n-iarrachtaí um an maolú agus um an oiriúnú. Is é an tAontas Eorpach is mó a dheonaíonn, agus tugann sé níos mó ná an tríú cuid de na gealltanais reatha, is é sin €23.39 billiún ($27 mbilliún) den mhaoiniú don aeráid in 2020. D’fhógair an tUachtarán von der Leyen le déanaí €4 bhilliún sa breis ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh an mhaoinithe don aeráid go dtí 2027.

Tionscnaimh dhomhanda COP26

. .

Gealltanas Domhanda um Meatán a Laghdú

Sheol na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus comhpháirtithe an Gealltanas Domhanda um Meatán a Laghdú, tionscnamh chun astaíochtaí domhanda meatáin a laghdú agus chun go mbeidh an sprioc faoinár lámh againn teorainn 1.5 céim Celsius a chur leis an téamh domhanda. Breis agus 100 tír, ar 70% den gheilleagar domhanda iad agus a ghineann beagnach an leathchuid de na hastaíochtaí antrapaigineacha meatáin ar domhan, tá siad tar éis toiliú páirt a ghlacadh sa ghealltanas.

Tuilleadh eolais

EU Catalyst Partnership

Comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus Catalyst

Leis an gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus Breakthrough Energy Catalyst, slógfar suas le €820 milliún ($1 bhilliún) idir 2022–2026 chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus chun teicneolaíochtaí nuálacha a thráchtálú go mear. Cuideoidh an méid sin le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le spriocanna 2030 an Aontais maidir leis an aeráid.

Tuilleadh eolais

Forest

Gealltanas Airgeadais Foraoisí Domhanda

D’fhógair an Coimisiún Eorpach gur €1 bhilliún a thabharfaidh an tAontas do Ghealltanas Airgeadais Foraoisí Domhanda. An pacáiste tacaíochta 5 bliana sin ó bhuiséad an Aontais, cuideoidh sé le tíortha comhpháirtíochta chun foraoisí ar fud an domhain a chaomhnú, a athneartú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, agus chun Comhaontú Pháras a bhaint amach.

Tuilleadh eolais

COP26 Logo

Comhpháirtíocht don Aistriú Fuinnimh Cóir

Rialtais na hAfraice Theas, na Fraince, na Gearmáine na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, in éineacht leis an Aontas Eorpach, d’fhógair siad comhpháirtíocht nua uaillmhianach fhadtéarmach mar atá an Chomhpháirtíocht don Aistriú Fuinnimh Cóir, chun tacú le hiarrachtaí na hAfraice Theas i ndáil leis an dícharbónú. Is é is aidhm don Chomhpháirtíocht dlús a chur le dícharbónú gheilleagar na hAfraice Theas, agus béim á leagan ar an gcóras leictreachais.

Tuilleadh eolais

Imeachtaí breise an Aontais Eorpaigh ag COP26

EU side events at COP26

Rinne an tAontas breis agus 150 imeacht breise a óstáil i bPailliún an Aontais i nGlaschú agus ar líne. D’eagraigh roinnt tíortha agus eagraíochtaí as an Eoraip agus as áiteanna eile ar fud an domhain na himeachtaí sin, inar cuireadh réimse leathan saincheisteanna faoi chaibidil maidir leis an aeráid, mar shampla an t-aistriú fuinnimh, an maoiniú inbhuanaithe, agus taighde agus nuálaíocht. Chláraigh níos mó ná 20,000 duine leis an ardán ar líne.