Ceaptar reachtaíocht an Aontais chun go rachaidh sí chun tairbhe do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara eile. Déantar cinntí faoi thionscnaimh le linn chruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí, faoin nós imeachta ó bhéal nó faoin nós imeachta i scríbhinn, ag brath ar thábhacht an tionscnaimh ó thaobh na polaitíochta de.
Tagann an Coimisiún le chéile gach seachtain le saincheisteanna atá íogair ó thaobh na polaitíochta de a phlé, agus leis na moltaí a ghlacadh nach mór a chomhaontú tríd an nós imeachta ó bhéal.