Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cinntí a dhéanamh le linn na gcruinnithe seachtainiúla

Tagann an Coimisiún le chéile gach seachtain le saincheisteanna atá íogair ó thaobh na polaitíochta de a phlé, agus leis na moltaí a ghlacadh nach mór a chomhaontú tríd an nós imeachta ó bhéal.

Cruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí

Is iad na 27 gCoimisinéir a chomhdhéanann Coláiste na gCoimisinéirí. Is iondúil go dtagann an coláiste le chéile uair sa tseachtain ar a laghad. Glaoitear an nós imeachta ó bhéal ar an gcruinniú seachtainiúil cinnteoireachta sin.

De ghnáth, tagann na Coimisinéirí le chéile ar maidin gach Céadaoin sa Bhruiséil. Ach le linn sheisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, is ar an Máirt a bhíonn an cruinniú.

Sa bhreis ar na cruinnithe seachtainiúla, féadfaidh Uachtarán an Choimisiúin cruinnithe urghnácha den Choimisiún a ghairm más gá. Is chun ábhar ar leith a phlé, nó mar gheall ar eachtra shonrach áirithe, a reáchtáiltear cruinnithe den saghas sin. 

An clár do chruinnithe an Choimisiúin

Is é Uachtarán an Choimisiúin a shocraíonn an clár do gach cruinniú agus bíonn dlúthbhaint idir an clár sin agus clár oibre bliantúil an Choimisiúin. Cuirtear gach mír ar an gclár i láthair, gach Coimisinéir ag cur i láthair na míre a bhaineann lena réimse cúraim féin. Ina dhiaidh sin, déanann na Coimisinéirí ar fad atá i láthair cinneadh faoin mír sin i dteannta a chéile.

Na cláir do chruinnithe an Choimisiúin
Na míreanna atá sceidealta do chruinnithe an Choimisiúin amach anseo

Cinntí a dhéanamh i dteannta a chéile

Is ar bhonn phrionsabal na coláisteachta a fheidhmíonn an Coimisiún. Déanann Coláiste na gCoimisinéirí cinntí go comhpháirteach agus bíonn sé freagrach as na cinntí sin os comhair Pharlaimint na hEorpa. Is ionann tábhacht do gach duine de na 27 gCoimisinéir le linn an phróisis cinnteoireachta agus bíonn an fhreagracht chéanna ar gach duine acu as na cinntí a ghlactar.

Ráthú is ea an choláisteacht:

  • go ndéanfar cinntí ar ardchaighdeán, óir ní mór dul i gcomhairle le gach Coimisinéir maidir le gach moladh
  • go bhfuil neamhspleáchas ag an institiúid, óir glactar na cinntí gan brú claonpháirteach
  • go mbíonn an fhreagracht pholaitiúil ar na Coimisinéirí uile, fiú nuair is cinneadh an tromlaigh is bunús leis an gcinneadh.

Féadfaidh an Coláiste saincheisteanna a shocrú le vóta freisin. Sa chás sin, caithfidh tromlach na gcomhaltaí den Choláiste (14 as 27) vótáil i bhfabhar an chinnidh le go nglacfar é. Bíonn vóta amháin ag gach Coimisinéir agus lena chaitheamh, caithfidh sé nó sí a bheith i láthair.

Rannpháirtíocht sna cruinnithe

Tá ar na Coimisinéirí freastal ar chruinnithe uile an Choláiste. Má chuirtear moill ar chomhalta, ar chúis ar bith, caithfidh sé an tUachtarán a chur ar an eolas in am trátha. Is in imthosca eisceachtúla amháin is féidir a bheith as láthair ó chruinniú den Choláiste, agus ní mór údar na neamhláithreachta a léiriú. 

Tuarascálacha ar na cruinnithe seachtainiúla

Tiomsaítear tuarascáil ar gach cruinniú den Choláiste agus foilsítear ar líne í. 

Na tuarascálacha ar na cruinnithe seachtainiúla

Tionscnaimh arna gcomhaontú ag an gCoimisiún

Is ag an gCoimisiún atá an ceart tionscnaimh i gcúrsaí reachtacha. Tar éis don Choláiste an cinneadh comhpháirteach a dhéanamh faoi thogra reachtach, téann an togra ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile sa phróiseas reachtóireachta. I bhformhór na gcásanna, cuirtear an togra ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa lena scrúdú agus lena ghlacadh (de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh, próiseas a nglaoitear 'comhchinnteoireacht' air freisin)

Ag an am céanna, iarrtar ar pharlaimintí náisiúnta na mBallstát a dtuairim a thabhairt faoin togra agus a dhearbhú gur éifeachtaí déileáil leis an tsaincheist ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, seachas ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil.