Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Alt nuachta
  • 5 Aibreán 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Lá Domhanda na Sláinte: Is ceart í an tsláinte

Doctor assessing a mother and child

 

Is é an 7 Aibreán Lá Domhanda na Sláinte. ‘Mo Shláinte, mo cheart’ is ea an téama don bhliain seo agus leagtar béim ann gur ceart bunúsach is ea rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán. Ina theannta sin, is é an croíphrionsabal sin a mhúnlaigh an tAontas Sláinte Eorpach atá á thógáil againn ó 2020 i leith nuair a tháinig COVID-19 chun cinn. Le linn na paindéime, chinntigh an tAontas Eorpach go raibh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais ar vacsaíní sábháilte éifeachtacha ag an am céanna agus faoi na coinníollacha céanna. 

Léirigh an phaindéim gur gá do thíortha na hEorpa comhordú a dhéanamh chun sláinte daoine a chosaint. Agus é ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh, tá an Coimisiún ag tógáil Aontas Sláinte Eorpach láidir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • rialacha nua a achtú maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte agus an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a chruthú, le bheith níos ullmhaithe i leith bagairtí agus géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo 
  • an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar a threisiú; 
  • reachtaíocht chógaisíochta an Aontais a athchóiriú lena gcinnteofar rochtain thráthúil ar chógais inacmhainne do gach saoránach 
  • an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a thabhairt isteach lena gcuirfear ar chumas saoránach, taighdeoirí agus lucht ceaptha beartas leas iomlán a bhaint as na sonraí sláinte digiteacha ar mhaithe leis na hothair 
  • Plean Sáraithe Ailse na hEorpa a sheoladh, ceann de na treoirphleananna is uaillmhianaí agus is cuimsithí ar domhan le haghaidh gníomhaíocht in aghaidh na hailse, plean a bhfuil maoiniú €4 bhilliún ón Aontas ag gabháil leis 
  • oibriú chun an stiogma a bhriseadh do gach saoránach a bhfuil dúshláin mheabhairshláinte roimhe  

Is láidre ár gcórais sláinte i ngeall ar ár nAontas Sláinte agus cuirtear na hothair i lár an aonaigh. Ní féidir na gníomhaíochtaí sin a theorannú do theorainneacha an Aontais Eorpaigh. Trí Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, tá €4.4 billiún á infheistiú againn chun sláinte níos fearr a chur ar fáil do dhaoine agus borradh a chur faoin méid sin ar fud an domhain suas go dtí 2027. Is í an dea-shláinte phoiblí do gach saoránach is bonn do gheilleagair láidre agus do shochaithe láidre ar fud an domhain. 

Tuilleadh eolais

Paindéim COVID-19 a shárú le chéile agus Aontas Sláinte a thógáil 

Aontas Sláinte na hEorpa 

Beartas sláinte poiblí 

Ráiteas ón gCoimisinéir Kyriakides ar Lá Domhanda na Sláinte 

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Aibreán 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide