Is éard is féiniúlacht na hEorpa ann oidhreacht chultúrtha shaibhir ilghnéitheach na hEorpa. Is sna bailte agus sna cathracha éagsúla ar fud na mór-roinne seo againne atá an fhianaise is fearr den mhéid sin. Seo rud is ceart a cheiliúradh. Sin é an fáth a mbronnann an tAontas Eorpach duais agus aitheantas ar dhá nó trí chathair gach bliain mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, i gceann de na tionscnaimh chultúrtha is mó le rá agus is rathúla de chuid an Aontais.
Seoladh an tionscnamh in 1985 agus cuireann sé an cultúr i gcroílár chathracha na hEorpa i gceiliúradh bliana ar an ealaín agus ar an gcultúr. Go dtí seo, bronnadh an duais ar bhreis agus 60 cathair ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin arna roghnú ag painéal neamhspleách saineolaithe.
Roghnaítear cathracha ar bhonn clár cultúrtha nach mór gné láidir Eorpach a bheith ann, ina mbíonn daoine áitiúla de gach aois páirteach, agus a chuireann le forbairt fhadtéarmach na cathrach. Is iad Bad Ischl na hOstaire, Bodø na hIorua agus Tartu na hEastóine Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2024. An bhliain seo chugainn, is iad Chemnitz na Gearmáine agus Nova Gorica na Slóivéine Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2025.
Tosaíonn próiseas ainmniúcháin Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa sé bliana sula mbronntar an teideal go hoifigiúil ar chathair, agus bíonn glao ar iarratais ann mar chuid den phróiseas. Sa chéad dá bhliain eile, déantar athbhreithniú ar na hiarratais sula n-ainmnítear cathair bhuaiteach go hoifigiúil. Fágann sé sin go mbíonn ceithre bliana ag an gcathair chun ullmhú don imeacht, agus le linn na tréimhse sin leanann an Coimisiún Eorpach de chomhairle agus treoir a thabhairt. Tá comórtais leanúnacha ar siúl faoi láthair le haghaidh Príomhchathracha Cultúir amach anseo do na blianta 2029 agus 2030 faoi seach.
Tuilleadh eolais
Príomhchathracha Cultúir na hEorpa
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 4 Meán Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide