Page contents Page contents Clár staidéir a roghnú Tá roinnt bealaí éagsúla ann chun cláir staidéir oiriúnacha a aimsiú de réir tíre scoláireachtaí agus costais deiseanna staidéir gearrthéarmacha deiseanna taighde Is suíomh gréasáin úsáideach eile é StudyPortals ar ar féidir céimeanna Baitsiléara, céimeanna Máistreachta agus cláir PhD/Dhochtúireachta a aimsiú ar fud na hEorpa. Is tairseach é U-multirank ar ar féidir leat comparáid a dhéanamh idir ollscoileanna nó réimsí ábhair chun cinneadh eolasach a dhéanamh i dtaca le d’oideachas tríú leibhéal. Is tuarascáil é I dTreo Scórchlár Soghluaisteachta ina bhfuil sraith dréacht-tograí le haghaidh táscairí maidir le coinníollacha soghluaisteachta san ardoideachas. An t-imeacht ‘Staidéar a dhéanamh san Eoraip’ Thairis sin, chun comhairle phearsanta a fháil ó ionadaithe as eagraíochtaí agus ollscoileanna ardoideachais ar fud na hEorpa, féach na himeachtaí ‘Staidéar a dhéanamh san Eoraip’.