Ceadanna oibre
Mar shaoránach den Aontas, beidh an ceart céanna agat obair a dhéanamh agus tú i mbun staidéir is atá ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil tú. Ní theastóidh cead oibre uait, fiú chun obair lánaimseartha a dhéanamh.
Mic léinn nach saoránaigh den Aontas iad
Tugann an chuid is mó de thíortha cead do mhic léinn a bhfuil víosa acu obair pháirtaimseartha a dhéanamh, ach cuireann tíortha áirithe srian ar líon na n-uaireanta oibre is féidir leo a dhéanamh.