Straitéis
In 2010 ghlac an Coimisiún Eorpach straitéis chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gcearta agus na saoirsí a chumhdaítear sa chairt, sin agus iad a chinntiú. Tá trí phríomhchuspóir mar chuid den straitéis:
- chun a áirithiú go gcuirtear cearta agus prionsabail na cairte san áireamh mar is ceart ag gach céim den phróiseas reachtach
- chun tuiscint shaoránaigh an Aontais a fheabhsú ar chosaint cearta bunúsacha laistigh den Aontas
- chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na cairte trí thuarascálacha bliantúla.
Straitéis maidir le cur chun feidhme éifeachtach na Cairte um Chearta Bunúsacha ag an Aontas Eorpach
Tograí reachtacha nua
Na tograí go léir le haghaidh reachtaíocht an Aontais, ní mór dóibh an Chairt a urramú. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún a mheasúnú a threisiú i dtaca le tionchar tograí reachtacha nua maidir le cearta bunúsacha. Go háirithe, ghlac an Coimisiún sraith treoirlínte maidir le cearta bunúsacha i measúnuithe tionchair.
Ó 2015 i leith, tá seicliosta sonrach le haghaidh measúnuithe tionchair mar chuid den phacáiste nua maidir le rialáil níos fearr.
Baineann an Coimisiún úsáid as an seicliosta sin chun na cearta bunúsacha a shainaithint dá bhféadfadh togra difear a dhéanamh,, sin agus measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag gach rogha beartais atá beartaithe ar na cearta sin.
Le linn an phróisis reachtaigh, oibríonn an Coimisiún i gcomhar le comhreachtóirí chun a chinntiú go bhfuil dlí an Aontais i gcomhréir leis an gcairt.
Seicliosta maidir le Cearta Bunúsacha
Tionscadail
Is tionscadal é Ch@rter Click! atá á mhaoiniú ag an Aontas. Mar chuid den tionscadal sin, cruthaíodh uirlisí praiticiúla, seicliosta agus rang teagaisc a bhfuil sé d’aidhm acu cuidiú le híospartaigh sáruithe ar chearta bunúsacha, dlíodóirí, breithimh náisiúnta, oifigí ombudsman, comhlachtaí comhionannais agus institiúidí náisiúnta eile um chearta an duine chun a chinneadh an féidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh cosaint a chur ar fáil i gcás sonrach.
An chairt agus dlí náisiúnta
Ní bhunaítear leis an gcairt cumhacht ghinearálta don Choimisiún idiragairt i réimse na gcearta bunúsacha. Ní féidir leis an gCoimisiún sin a dhéanamh ach amháin nuair atá baint ag dlí an Aontais leis an gcás (cuir i gcás, nuair a ghlactar reachtaíocht an Aontais nó nuair a chuirtear dlí an Aontais chun feidhme trí bheart náisiúnta ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcairt).
Tá a gcóras féin ag na Ballstáit chun cearta bunúsacha a chosaint tríd an bhunreacht náisiúnta agus na cúirteanna. Ní mór dóibh freisin a n-oibleagáidí i dtaca le cearta idirnáisiúnta an duine a urramú, cuir i gcás an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Níl sé i gceist an chairt a chur ina n-ionad. Dá bhrí sin, is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé a chinntiú go ndéantar cearta bunúsacha a urramú.
New legislative proposals
All proposals for EU legislation must respect the Charter. The Commission therefore reinforced its assessment of the impact of new legislative proposals on fundamental rights. In particular, the European Commission adopted a set of guidelines on fundamental rights in impact assessments.
As of 2015, the new better regulation package also includes a specific check list for impact assessments.
The European Commission uses this checklist to identify which fundamental rights could be affected by a proposal and systematically assesses the impact of each envisaged policy option on these rights.
During the legislative process, the European Commission works with co-legislators to ensure that EU law is in line with the Charter.
Projects
The EU funded Ch@rter Click! project has created a practical toolkit, a checklist and tutorial, aimed to assist victims of fundamental rights violations, lawyers, national judges, ombudspersons, equality bodies and other national human rights institutions in determining whether the Charter of Fundamental Rights of European Union can provide protection in a specific case.
The charter and national law
The Charter does not establish a general power for the European Commission to intervene in the area of fundamental rights. It can intervene only when EU law comes into play (for example, when EU legislation is adopted or when a national measure applies EU law in a manner incompatible with the Charter).
EU countries have their own systems for protecting fundamental rights through national constitutions and courts. They also have to respect their international human rights obligations, such as the European Convention of Human Rights. The Charter is not a replacement for them. Therefore, it is up to the national courts to ensure respect for fundamental rights.