Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Úsáid teangacha sa Choimisiún

An chaoi a n-úsáideann an Coimisiún teangacha chun eolas a chur ar fáil don phobal, d’eagraíochtaí agus do na Ballstáit agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

Creideann an Coimisiún gur saintréith den Aontas Eorpach í an éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch agus gur cuid fhíor-riachtanach d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa iad na teangacha a labhraítear sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tacaíonn an tAontas leis an ilteangachas ina chláir agus in obair na n-institiúidí.

Ón uair a bunaíodh na hinstitiúidí Eorpacha, tá tábhacht nach beag ag baint le húsáid teangacha agus le meas a léiriú don éagsúlacht theangeolaíoch. Is é Rialachán 1 ó 1958 an chéad ghníomh a ghlac an Chomhairle riamh, gníomh lenar cinneadh na teangacha a d’úsáidfí sna hinstitiúidí Eorpacha.

Ar an suíomh gréasáin seo tugtar cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann an Coimisiún teangacha chun eolas a chur ar fáil don phobal, d’eagraíochtaí agus do na Ballstáit agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

Teangacha oifigiúla

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla agus oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘teangacha oifigiúla an Aontais’ anseo feasta):

  • Bulgáiris
  • Spáinnis
  • Seicis
  • Danmhairgis
  • Gearmáinis
  • Eastóinis
  • Gréigis
  • Béarla
  • Fraincis
  • Gaeilge
  • Cróitis
  • Iodáilis
  • Laitvis
  • Liotuáinis
  • Ungáiris
  • Máltais
  • Ollainnis
  • Polainnis
  • Portaingéilis
  • Rómáinis
  • Slóvaicis
  • Slóivéinis
  • Fionlainnis
  • Sualainnis

Dlíthe an Aontais Eorpaigh

gníomhartha dlíthiúla agus na hachoimrí orthu ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas. Ar an gcaoi chéanna, tá tograí ón gCoimisiún le haghaidh gníomhartha dlíthiúla ar fáil sna teangacha sin go léir freisin.

Tá roinnt cineálacha gníomhartha ann nach bhfuil ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais i ngeall nach bhfuil siad le cur i bhfeidhm i gcoitinne (i.e. cinntí ón gCoimisiún atá dírithe ar Bhallstát nó ar pháirtí príobháideach), sin nó i ngeall nach bhfuil iontu ach doiciméid fhíorasacha agus nach nglacann an Coimisiún iad (i.e. doiciméid inmheánacha oibre).

Cumarsáid a dhéanamh le daoine aonair agus le heagraíochtaí

Scríobh chuig an gCoimisiún

Is féidir le daoine aonair agus eagraíochtaí teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais maidir le réimse leathan ábhar. Mar shampla, d’fhéadfaidís

Is féidir le daoine aonair agus eagraíochtaí scríobh chuig na hinstitiúidí in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus tá an ceart acu freagra a fháil sa teanga chéanna, beag beann ar ábhar na cumarsáide sin leis an Aontas.

Tuairimí a fháil ó na saoránaigh

Is féidir leis an bpobal i gcoitinne páirt a ghlacadh i gComhphléite leis na Saoránaigh (atá ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais). Is i bhfoirm díospóireachtaí halla an phobail agus díospóireachtaí ar ardáin na meán sóisialta a reáchtáiltear na comhphléite sin, a chuirtear ar siúl ar fud an Aontais. Is iondúil go bhfreastalaíonn Coimisinéir amháin nó níos mó, nó oifigigh ardleibhéil de chuid an Choimisiúin, ar na comhphléite. Reáchtáiltear iad i dteanga oifigiúil (nó i dteangacha oifigiúla) an Aontais de chuid na tíre óstaí nó an réigiúin óstaigh, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil i dteanga amháin bhreise nó níos mó.

Na comhphléite a reáchtáiltear ar ardán na meán sóisialta, is iondúil go mbíonn siad i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar líon na n-imeachtaí a úsáideann teangacha oifigiúla breise agus cuirtear ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ag na himeachtaí sin.

Is ardán iomlán ilteangach é ardán na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, áit ar féidir le saoránaigh smaointe agus tuairimí a chur isteach, agus clárú le haghaidh imeachtaí i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, chomh maith le teangacha comhoifigiúla na Spáinne (an Chatalóinis, an Bhascais, an Ghailísis).

Is éard a dhéantar le suirbhéanna Eorabharaiméadair dearcthaí an phobail a fháil maidir le réimse leathan ábhar agus reáchtáiltear iad sna Ballstáit go léir i dteanga oifigiúil an Aontais de chuid na tíre sin.

Comhairliúcháin phoiblí

Chun go mbeidh sé níos éasca do dhaoine páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartas agus i bpróiseas reachtóireachta an Aontais, seolann an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí go rialta i bhfoirm ceistneoirí ar líne. Bíonn na ceistneoirí sin ar fáil i gcónaí i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar a laghad, agus go minic i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais. Maidir le ceistneoirí na gcomhairliúchán poiblí a bhaineann le tionscnaimh nua atá liostaithe i gClár Oibre an Choimisiúin, is iondúil go mbíonn siad ar fáil i gach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Is féidir freagraí ar chomhairliúcháin phoiblí a chur isteach i gcónaí in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Ábhar gréasáin

Suíomhanna gréasáin an Choimisiúin ar an bhfearann gréasáin europa.eu, is iondúil go mbíonn siad ar fáil sna 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais.

Tuilleadh eolais maidir leis an úsáid a bhaineann an Coimisiún as teangacha éagsúla ar a shuíomhanna gréasáin.

Gníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta

Clúdaítear gach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais ar na meáin shóisialta trí chuntais lárnacha an Choimisiúin, na cuntais meán sóisialta atá ag Ionadaíochtaí de chuid an Choimisiúin sna Ballstáit agus cuntais Bhaill Choláiste na gCoimisinéirí. Cuimsítear leis sin ábhar do na meáin shóisialta, feachtais agus teagmháil leis na saoránaigh.

Ábhar do na meáin

Is i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis a fhoilsítear ábhar do na meáin (cuir i gcás preaseisiúintí, ceisteanna agus freagraí, bileoga eolais) ó Sheirbhís Urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh i gcónaí. Is minic a aistrítear iad go teangacha ar leith nó fiú go teangacha oifigiúla uile an Aontais ar bhonn cás ar chás. Aon ábhar preasa a bhaineann le cruinniú Choláiste na gCoimisinéirí nó a bhfuil tábhacht ar leith nó leas coiteann ag baint leis, aistrítear go teangacha oifigiúla uile an Aontais é.

Is bailiúchán de mhíreanna gearra nuachta é ‘Nuacht an Lae’ ina dtugtar léargas ar phríomhscéalta an lae. Is í Seirbhís Urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh a chuireann an nuacht i láthair agus cuirtear naisc ar fáil chuig eolas breise freisin. Is iad an Béarla agus an Fhraincis a úsáidtear i gcónaí sna míreanna nuachta. Tar éis do Sheirbhís Urlabhraí an Choimisiúin (SPP) agus do Chumann Idirnáisiúnta an Phreasa (IPA) teacht ar chomhaontú, tá fáil ar ateangaireacht i mBéarla agus i bhFraincis ag na seisiúin faisnéise laethúla ag meán lae, ach amháin ar an gCéadaoin (an lá a thionóltar an Coláiste gach seachtain), nuair a chuirtear ateangaireacht ar fáil i 23 theanga oifigiúla de chuid an Aontais (seachas an Ghaeilge).

Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh sna Ballstáit

Na suíomhanna gréasáin tiomnaithe agus na leathanaigh meán sóisialta thiomnaithe atá ag Ionadaíochtaí an Choimisiúin i ngach ceann de na Ballstáit, úsáideann siad teanga oifigiúil (nó teangacha oifigiúla) an Aontais de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

Aistriúchán agus ateangaireacht

Braitheann an Coimisiún ar bhuíon aistritheoirí agus ateangairí ardoilte chun a chinntiú gur féidir leis na hinstitiúidí gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais a úsáid ina gcuid oibre.

Cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta seirbhísí ateangaireachta ar fáil d’institiúidí an Aontais le haghaidh cruinnithe agus comhdhálacha.

Aistríonn Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin doiciméid an Choimisiúin go gach ceann de na 24 theanga oifigiúla agus uathu chomh maith.

 

eTranslation

Seirbhís mheaisínaistriúcháin ar líne is ea eTranslation, a dhear agus a d’fhorbair an Coimisiún bunaithe ar na scórtha blianta d’aistriúchán ardcháilíochta inmheánach.

Díríonn eTranslation go príomha ar na 24 theanga oifigiúla de chuid an Aontais. Cuireann sé ar fáil leathanach gréasáin le húsáid de láimh, agus is féidir é a chomhtháthú le feidhmchláir TF eile. Mar shampla, is féidir é a úsáid chun meaisínaistriúchán a chur ar fáil le haghaidh na suíomhanna gréasáin agus na n-ardán Europa de chuid an Choimisiúin nuair nach bhfuil fáil ar aistriúcháin atá déanta ag daoine.

Is féidir ábhar meaisínaistrithe léargas bunúsach a thabhairt duit ar an ábhar i dteanga a thuigeann tú. Déantar go lán-uathoibríoch é agus níl aon bhaint ag an duine lena gcuirtear ar fáil. Is féidir cáilíocht agus cruinneas an aistriúcháin uathoibríoch a bheith an-éagsúil ó théacs go chéile agus ó phéirí teangacha go chéile.

Úsáideann institiúidí an Aontais eTranslation agus tá sé ar fáil do riaracháin phoiblí agus do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide.

Dlí an Aontais maidir le teangacha

Na rialacha lena rialaítear úsáid teangacha ag institiúidí an Aontais, is í an Chomhairle a bhunaigh iad, ag gníomhú di d’aon toil trí bhíthin rialachán arna nglacadh faoi Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá na rialacha sin leagtha síos i Rialacháin Uimh. 1 ó 1958, arna leasú, lena leagtar síos go bhfuil 24 theanga oifigiúla agus oibre ag na hinstitiúidí.

Leanann an Béarla de bheith i measc na dteangacha sin, fiú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas. Mar a tharlaíonn sé, leanfaidh an Béarla de bheith ina theanga oifigiúil agus oibre de chuid institiúidí an Aontais fad a bheidh sé liostáilte i Rialachán Uimh. 1 ó 1958. Tá an Béarla ar cheann de na teangacha oifigiúla in Éirinn agus i Málta.

Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir leis na teangacha inar gá an reachtaíocht a dhréachtú agus a fhoilsiú; agus maidir leis na teangacha ina seoltar doiciméid idir na hinstitiúidí agus an pobal i gcoitinne nó idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit. De bhun an Rialacháin chéanna, Rialachán Uimh. 1 ó 1958, tá an Coimisiún i dteideal a chinneadh conas an réimeas teanga a chur chun feidhme i dtaca lena fheidhmiú inmheánach.