Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Timpeallacht slándála a bheidh slán i bhfad na haimsire

Visual banner security

Sa saol laethúil bímid ag brath ar bhonneagar tábhachtach ar líne agus as líne chun taisteal agus obair a dhéanamh, nó chun leas a bhaint as seirbhísí poiblí riachtanacha. Is féidir le hionsaithe ar bhonneagair den chineál sin cur isteach go mór orainn.

Níos minice ná riamh, is ar líne a ghlacaimid páirt sa gheilleagar agus sa tsochaí sa lá atá inniu ann agus, dá bharr sin, tá méadú ag teacht ar thábhacht straitéiseach na cibearshlándála. Dá gcuirfí isteach ar bhonneagar criticiúil amháin d’fhéadfadh sé go mbainfí croitheadh mór as oibríochtaí i mbonneagair eile láithreach bonn. D’fhéadfadh cibirionsaithe cur isteach go mór ar thithe, ar bhainc, ar sheirbhísí airgeadais agus ar ghnólachtaí.

Mar gheall ar an méadú a tháinig ar úsáid na teicneolaíochta le linn phaindéim COVID-19, tháinig méadú mór freisin ar líon na n-ionsaithe mailíseacha lena ndearnadh iarracht leas a bhaint as an aistriú chuig nósanna oibre digiteacha. Dá bharr sin, cuireadh isteach ar sheirbhísí sláinte bunriachtanacha le linn na tréimhse ba dhéine brú. Ní mór don Aontas a chinntiú go mbeidh a chumas i gcónaí in oiriúint don saol mar atá sé.

Mar a léiríodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta is déanaí, is furasta ionsaí a dhéanamh i spásanna poiblí (moil iompair agus ionaid adhartha, mar shampla) mar gheall ar a oscailte agus a inrochtana atá siad. Dá bhrí sin, is gá cosaint fhisiciúil níos láidre a thabhairt d’áiteanna den chineál sin agus córais bhraite leordhóthanacha a chur i bhfeidhm, gan baint de shaoirsí na saoránach.

Is é is aidhm don Chibearaonad Comhpháirteach, rud a mhol an Coimisiún, na hacmhainní agus an saineolas atá ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit a thabhairt le chéile chun cibeartheagmhais agus cibearghéarchéimeanna ollmhóra a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh go héifeachtach. Pobail chibearshlándála, lena n-áirítear pobail shibhialtacha, pobail fhorfheidhmiú an dlí, pobail taidhleoireachta agus cibearchosanta, mar aon le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach, is rómhinic a oibríonn siad ar leithligh. Leis an gCibearaonad Comhpháirteach, beidh ardán comhair acu, ardán fíorúil agus fisiciúil araon: déanfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, in éineacht leis na Ballstáit, ardán Eorpach a fhorbairt de réir a chéile le haghaidh dlúthpháirtíochta, comhar oibríochtúil agus teicniúil atá slán agus tapa, agus cuidiú chun dul i ngleic le cibirionsaithe mórscála.

Tá an Coimisiún ag moladh an Cibearaonad Comhpháirteach a thógáil trí phróiseas de réir a chéile agus trédhearcach i gceithre chéim, faoi chomhúinéireacht leis na Ballstáit agus leis na heintitis éagsúla atá gníomhach sa réimse. Is é an aidhm atá ann go n-aistreoidh an Cibearaonad Comhpháirteach go dtí an chéim oibríochtúil faoin 30 Meitheamh 2022 agus go mbeidh sé go hiomlán bunaithe bliain ina dhiaidh sin, faoin 30 Meitheamh 2023.

Tá ENISA ag cuidiú chun na céimeanna nithiúla a chur i bhfeidhm chun beartais nua chibearshlándála a chur chun feidhme. Bunófar oifig áitiúil sa Bhruiséil agus ceapfar í chun comhar a chothú le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais.

Doiciméid

 

16 NOLLAIG 2020
Factsheet on Cybersecurity: EU External Action